An difríocht idir athruithe ar: "Agaistínigh"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 5:
Tar éis dó a iompú ina Chríostaí, chum Naomh Aibhistín riail do chumann fíréan, agus í faoi anáil Naomh Antóin na hÉigipte. Chuaigh an cumann seo i neart agus i méid san Afraic Thuaidh, ach níl fianaise ann lena thaispeáint go raibh baint idir an cumann a bhunaigh Naomh Aibhistín agus an t-ord atá inniu ann. Aithnítear, mar sin féin, go raibh a lán manach agus eirimíteach a thug Agaistínigh orthu féin i ndeisceart na hEorpa leathchéad bhliain i ndiaidh bháis Aibhistín sa bhliain 430. Is cosúil gur fhág siad an Afraic Thuaidh de bharr na creiche a rinne na Vandail sna bólaí úd.
Bailíodh tithí de chuid eirimítigh Agaistíneacha i dToscana na hIodáile ag an bPápa Innocens IV i 1244 agus ina dhiaidh sin, chuir an Pápa Alaisdir IV na bráithreachais Agaistíneacha neamhspleácha san Iodáil, sa bhFrainc, i Sasanna agus sa nGearmáin le chéile i 1256, dáta a nglactar leis mar bhunús an Oird mar atá sé inniu. Tá sé eisceachtúil i stair na hEaglaise nuair a chuireann Pápa ord ar bhun dá dheoin féin. D'ainmníodh an Ord Agaistíneach nua mar tríú ord bhráithre. Bhí an stadas sin ag na Proinnsiasaigh agus na Doiminicigh cheana féin agus tugadh an onóir chéanna chuig na [[Cairmilítigh]] ina dhiaidh sin. Leathnaigh an Ord nua go tapaidh in imeacht cúpla bliain.
== Na hAgaistínigh in Éirinn ==
Le linn na
Sa bhliain 1656, bunaíodh Coláiste Agaistíneach na nGael san [[An Róimh|Róimh]] agus tháinig bráithre chun freastal ar Éireann tríd aimsir na Géarleanúna.
{{síol}}▼
== Tagairtí ==
▲{{Reflist}}{{síol}}
{{DEFAULTSORT:Agaistinigh}}
|