An difríocht idir athruithe ar: "Giorgio Perlasca"

Content deleted Content added
No edit summary
m Rang +IV +Naisc +Íomhá
Líne 1:
Fear gnó ón Iodáil ab ea é '''Giorgio Perlasca''' (31 Eanáir 1910 Como, [[an Iodáil]] - 15 Lúnasa 1992 Padova, an Iodáil) a shábháil na mílte [[Giúdachas|Giúdaigh]] i [[Budapest|mBudapest]], san [[an Ungáir|Ungáir]], i mblianta deiridh [[an Dara Cogadh Domhanda]], cé gur [[Faisisteachas|Faisisteach]] a bhí ann féin ó thús. Is minic a cuireadh i gcomparáid le h[[Oskar Schindler]] é.
 
== Tús a shaoil ==
Nuair a bhí Perlasca óg, bhí sé go mór faoi thionchar an fhile Iodálaigh [[Gabriele d'Annunzio]]. [[Náisiúnachas|Náisiúnaí]] rómánsach ab ea é d'Annunzio, agus páirt nach beag aige agus ag a chuid filíochta i bhforbairt an Fhaisisteachais san Iodáil. Nuair a chuaigh an Iodáil chun cogaidh in aghaidh na h[[An Aetóip|Abaisíne]], ghlac Perlasca páirt sna cathanna, agus ansin, nuair a chabhraigh an Iodáil le Franco i g[[Cogadh Cathartha na Spáinne]], liostáil Perlasca sna saighdiúirí arís eile.
 
De réir a chéile, áfach, d'éirigh Perlasca drochamhrasach i leith an Fhaisisteachais. Go háirithe, bhí sé míshásta leis na dlíthe frith-Ghiúdacha a reachtaíodh sa bhliain 1939 agus leis an dóigh a raibh an Iodáil ag comhoibriú leis [[an Ghearmáin|na Gearmánaigh]] sa chogadh.
 
==An Dara Cogadh Domhanda==
Nuair a thosaigh [[an Dara Cogadh Domhanda]], bhí Perlasca ag obair do chomhlacht Iodálach a bhí ag cur mairteola i gcannaí stáin. Mar cheannaí feola don ghnó cannála sna Balcáin, chaith sé an chéad chupla bliain cogaidh san [[an Iúgsláiv|Iúgsláiv]], ach sa bhliain 1942, chuaigh sé go Budapest san Ungáir. Thaitin an áit go mór leis, agus d'éirigh sé mór le go leor daoine ansin.
 
Nuair a shocraigh Pietro Badoglio, Marascal Cogaidh na hIodáile, sos cogaidh leis na Comhghuaillithe, thacaigh ambasadóir oifigiúil na hIodáile i mBudapest le [[Benito Mussolini|Mussolini]] agus leis an gcogadh i gcónaí, agus mar sin, ní raibh fáilte roimh Perlasca in ambasáid na hIodáile a thuilleadh. Bhí eagla air go ngabhfadh na [[Naitsíochas|Naitsithe]] é, agus chuaigh sé ar lorg cuidiú go hambasáid na Spáinne. I ndiaidh na gcathanna a chuir sé ar son Franco, bhí caipéis aige ón [[an Spáinn|Spáinn]] a rinne cineál saoránach oinigh sa tír sin de. Nuair a chuir sé an chaipéis seo faoi bhráid an ambasadóra Spáinnigh Ángel Sanz Briz, fuair sé tearmann i vile a bhí ar cíos ag rialtas na Spáinne, agus [[Cearta eistíre|stádas eistíre]] ag baint leis an áit. Ó
nach raibh seans ar bith aige deisceart na hIodáile - an chuid den tír a bhí gafa ag na [[Comhghuaillithe]] - a bhaint amach, ghéill sé é féin do na húdaráis Ungáracha agus lig sé dóibh é a imtheorannú. Bhí eagla air, áfach, go gcaithfí leis ar an dóigh chéanna agus a gcaití leis na hIodálaigh a bhí imtheorannaithe ag na Gearmánaigh. Le caoinchead ó na húdaráis Ungáracha, thréig sé an campa imtheorannaithe ar an tríú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair 1944 agus d'fhill sé go Budapest, áit a ndeachaigh sé ar a sheachnadh.
 
Bhí reachtaíocht fhrith-Ghiúdach i bhfeidhm san Ungáir ón mbliain 1938, ach ní raibh sí leath chomh dona le péindlíthe na Gearmáine. I Mí na Márta 1944, d'fhorghabh na Gearmánaigh an Ungáir le féachaint chuige nach bhféadfadh Miklos Horthy, deachtóir na tíre, sos cogaidh a shocrú leis na Comhghuaillithe. Ina dhiaidh sin féin, bhí Budapest i bhfad níos sábháilte do na Giúdaigh ná aon phríomhchathair eile sa chuid den Eoraip a bhí gafa ag na Naitsithe. San am céanna, áfach, bhí an t-''Einsatzkommando'' faoi cheannas [[Adolf Eichmann]] ag rith damhsa ar fud an chuid eile den tír, agus mharaigh siad beagnach leathmhilliún de Ghiúdaigh san Ungáir, go dtí gur chuir Horthy stop leis an díothú seo, agus é ag éirí buartha faoin dóigh a rachadh siad i gcion ar na Comhghuaillithe.
 
Bhí a fhios ag Perlasca na rudaí uafásacha a bhí i ndán do na Giúdaigh, nó nuair a bhí sé ag ceannaíocht mairteola i mBéalgrád, chonaic sé céard a bhí idir lámhaibh ag an SS. Ar an 16ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair 1944, chuir na Naitsithe d'fhiachaibh ar Miklós Horthy an deachtóireacht a fhágáil uaidh. An fear a chuaigh i gcomharbas air, mar atá, Ferenc Szálasi, bhí sé ina bhall de pháirtí Fhaisisteach na hUngáire, Páirtí na Saigheadchroise, agus é, cosúil leis an bpáirtí ar fad, ag tacú leis an Naitsíochas agus le cinedhíothú na nGiúdach gan mórán cuntair. Anois, ní raibh aon bhac fágtha leis an [[Uileloscadh]] san Ungáir a thuilleadh.
 
Maidir le Perlasca, d'éirigh leis lámh thapa na Naitsithe a sheachaint, ó fuair sé pas taidhleora ó Ambasadóir na Spáinne. ''Jorge'' Perlasca a bhí air anois - an leagan Spáinnise dá ainm - agus é i gcúram na dtithe sábháilte a bhí an Spáinn a chur ar fáil do na Giúdaigh i mBudapest. Bhí Spáinnis líofa ag mo dhuine, ar ndóigh, nó d'fhoghlaim sé an teanga go paiteanta nuair a bhí sé ag cogaíocht sa Spáinn.
 
[[Íomhá:StelePerlascaYadVashem.jpg|thumb|300px|Plaic cuimhneacháin - Jerusalem ]]
Ní hamháin go raibh Perlasca ag riar do na Giúdaigh sna tithe sábháilte, nó thairis sin, bhí sé ag cur ladair sna cúrsaí go pearsanta leis na Giúdaigh a chosaint ar ionsaithe mídhleathacha. Théadh sé, fiú, go dtí stáisiún na traenach le tarrtháil a thabhairt do Ghiúdaigh a bhí le dul go dtí na campaí gáis.
 
I Mí na Samhna 1944, theip an misneach ar Sanz Briz, nach raibh siúráilte go mbeadh rialtas na Spáinne sásta é a chosaint ar an SS a bhí ag éirí bagrach ar na tithe sábháilte. D'éalaigh sé go dtí [[an Eilvéis]], agus é ag áitiú ar Perlasca a shampla a leanúint.
 
Ní mar sin a rinne Perlasca, áfach. D'fhan sé thiar i mBudapest. Is é an chiall a bhain na húdaráis Ungáracha go raibh an Spáinn tar éis an caidreamh dioplómatúil a bhriseadh, ó bhí an tAmbasadóir féin imithe. Mar sin, d'ullmhaigh siad na tithe sábháilte a shealbhú agus na Giúdaigh a cheapadh. Ansin, áfach, d'inis Perlasca bréag dóibh: dúirt sé go raibh Sanz Briz tar éis cumhachtaí sealadacha an Ambasadóra a dhílsiú dó féin. Chreid na hUngáraigh é, agus creidiúnaíodh é mar Ambasadóir nua.
 
{{síol}}
[[Catagóir:An Dara Cogadh Domhanda|Perlasca, Giorgio]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1910|Perlasca, Giorgio]]
[[Catagóir:Básanna i 1992|Perlasca, Giorgio]]
[[Catagóir:An Iodáil|Perlasca, Giorgio]]
 
[[cs:Giorgio Perlasca]]
 
[[de:Giorgio Perlasca]]
{{síol}}
[[en:Giorgio Perlasca]]
[[es:Giorgio Perlasca]]
[[it:Giorgio Perlasca]]
[[he:ג'ורג'ו פרלסקה]]
[[hu:Giorgio Perlasca]]
[[nl:Giorgio Perlasca]]
[[fi:Giorgio Perlasca]]
[[sv:Giorgio Perlasca]]