An difríocht idir athruithe ar: "Fiodh Ard"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
m →‎Caisleán Teimhneáin: Nach fearr Caisleán Chill Teimhneáin?
Líne 36:
Is dócha go raibh roinnt cainteoirí dúchais le fáil fós sa cheantar i dtús an 20ú haois. Canúint de Ghaeilge na nDéise a bhíodh á labhairt ann, ach tá sí marbh anois.
 
== Caisleán Chill Teimhneáin ==
Bhí baint ag Buitléaraigh Dhún Búinne le Caisleán Chill Teimhneáin beagnach ó thús, de réir na dtaifead atá le fáil. Sa bhliain 1353 phós Peadar, an dara tiarna, Caitríona, iníon le John de Bermingham, a bhí ina thiarna ar TheimhneánChill Teimhneáin. Sa 15ú haois bhí Buitléaraigh dhifriúla ag éileamh na háite, agus deirtear gur shocraigh Iarla UrmhumanUrmhumhan sa bhliain 1420 gur cheart an t-aighneas a réiteach le comhrac beirte idir Éamonn Dhún Búinne (an 5ú Barún), agus Éamonn de Buitléir eile - mac le hAb Chill Mhaighneann. B'fhada an comhrac é ach maraíodh an Barún agus fuair Buitléaraigh Chill Mhaighneann an caisleán. Tríocha bliain ina dhiaidh sin, le cúnamh dlí agus óir, shealbhaigh Buitléaraigh Dhún Búinne arís é, agus ba leo é anuas go dtí an 17ú haois. Shealbhaigh daoine eile ar shála a chéile é ina dhiaidh sin, agus is le húinéir príobháideach anois é.
 
Is cosúil gur tógadh an caisleán ar an ngnáthbhealach ar dtús - daingean simplí agus bábhún ina thimpeall. De réir a chéile cuireadh leis, agus anois is mó go mór é ná mar a bheadh sé ceithre chéad bliain ó shin. Murab ionann is formhór chaisleáin na tíre, is áit chónaithe fós é.
 
== Caisleán Chnoc an Choiligh ==