An difríocht idir athruithe ar: "Stáit Aontaithe Mheiriceá"

Content deleted Content added
Líne 167:
|}
 
Is é an [[Béarla]] an teanga náisiúnta ''de facto''. Cé nach bhfuil aon teanga oifigiúil ag an léibhéal feidearálach, cuireann roinnt dlíthe, mar na riachtanais do headóirsiú, caighdeán ar Bhéarla. Sa bhliain 2003, labhair timpeall 215 milliún duine, is é sin 82% den daonra thar 5 bliana d’aois, Béarla amháin sa bhaile. Labhair níos mó ná 10% den daonra [[Spáinnis]] sa bhaile. Mar sin, is í Spáinnis an dara teanga sa tír agus is í an teanga iasachta is mó a mhúintear freisin. Molann roinnt Meiriceánach stádas oifigiúil a chur ar an mBéarla, mar a bhfuil sé i 28 stát ar a laghad. Is teangacha oifigiúla iad [[an Haváís|Haváís]] agus Béarla in [[Haváí]] de réir dlíthe an stáit. Cé nach bhfuil teanga oifigiúil ag Nua-Mheicsiceo nó Louisiana, tá dlíthe ann chun úsáid Bhéarla agus Spáinnise a chur ar fáil do dhaoine i Nua-Mheicsiceo agus úsáid Bhéarla agus Fhraincise a chur ar fáil do dhaoine in Louisiana. I stáit eile, mar shampla California, ní mór doiciméid rialtais áirithe a fhoilsiú as Spáinnis chomh maith. Deonaíonn roinnt críoch aitheantas dá dteangacha dúchasacha in éineacht le Béarla: glactar le Samóis mar theanga oifigiúil eile i [[Samó MeiriceánachMheiriceá]] agus Chamorro mar theanga oifigiúil eile in [[Guam]] agus sna hOileáin Mariana Thuaidh. Is í Spáinnis an teanga oifigiúil i bPuerto Rico.
 
=== Creideamh ===