An difríocht idir athruithe ar: "An Iarúibis"

Content deleted Content added
DAB
Líne 1:
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] í an '''Iarúibis''' (''èdè Yorùbá'' sa teanga féin) atá á labhairt ag tríocha milliún duine, nach beag, in Iarthar na hAfraice. Ar dtús ba í teanga an dreama eitnigh ar a dtugtar na h[[Iarúbaigh]] í, ach ar na saolta seo chuaigh sí in úsáid i bhfad taobh amuigh a dúiche féin, agus baintear úsáid an [[Francbhéarla|fhrancbhéarla]] aisti go fairsing. Dá réir sin, is iomaí canúint agus leagan neamhdhúchasach den Iarúibis atá ann. Tá leagan caighdeánach ann, ach san am chéanna tá sé ina chúis achrainn ag na cainteoirí i gcónaí cad is "dea-Iarúibis" nó "Iarúibis cheart" ann. Sa Nigéir is mó a labhraítear í, chomh maith leis na tíortha in aice leis an Nigéir, agus san Oileán Úr chloisfeá focail Iarúibise uathu siúd atá ag cleachtadh ''santería'' nó ''candomblé'', leaganacha Meiriceánaithe de sheanchreideamh na hAfraice.
 
Ceann de na teangacha Nígearach-Chongócha í an Iarúibis, agus dlúthghaol aici leis na teangacha úd ''Itsekiri'' agus ''Igala'' a labhraítear sa réigiún chéanna. Teanga scoite í, is é sin, ní úsáidtear iarmhíreanna, réimíreanna, díchlaontaí ná réimnithe san Iarúibis. Teanga thonúil í chomh maith, is é sin is féidir nach bhfuil de dhifríocht idir dhá fhocal ach an tuin.