An difríocht idir athruithe ar: "Conradh na Gaeilge"

Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe 85.31.138.197 (Plé); ar ais chuig leagan le TGcoa
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 73:
 
Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha anois: "Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann".
 
=== Ré na nDúchrónach agus an Náisiúnachais ===
 
I [[Mí na Nollag]] [[1918]], ghnóthaigh [[Sinn Féin]] an toghchán agus bhunaigh siad [[Dáil Éireann]] mar mhalairt ar an Westminster. An rialtas a fuair na cumhachtaí ón Dáil in Aibreán [[1919]], is ar éigean a bhí aon duine air nach raibh ina shean-Chonraitheoir. Is féidir a rá go raibh saol polaitiúil na tíre á chasadh timpeall Chonradh na Gaeilge san am sin. Baineadh úsáid áirithe as an nGaeilge mar chuid de nós imeachta na chéad Dála, ach b'é an Béarla ba mhó a chualathas le linn na díospóireachta.
 
Ar an lá céanna ar tháinig an Dáil le chéile an chéad uair, thosaigh [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh na Saoirse]], nuair a mharaigh dornán d'Óglaigh beirt [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|saighdiúirí dubha]] ar [[an tSulchóid Bheag]] i g[[Contae Thiobraid Árann]]. Bhí cuid mhaith Conraitheoirí i measc na nÓglach a rinne an obair, agus seantimire de chuid an Chonartha i gceannas orthu.
 
B'é [[Seán Ua Ceallaigh]], "Sceilg", a toghadh mar Uachtarán ar an [[5 Lúnasa]] 1919. Sa bhliain sin, b'i g[[cathair Chorcaí]] a tháinig an Ard-Fheis le chéile, agus mar sin, ba toscairí ó Chúige Mumhan iad an chuid ba mhó dá raibh i láthair, ós rud é go raibh sé dainséarach an tír a thaisteal agus an cineál ama a bhí ann. Bhí an Ard-Fheis breá sásta go raibh Dáil Éireann tar éis stádas oifigiúil a bhronnadh ar an teanga in Éirinn, ach san am céanna, bhí go leor de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre ar nós cuma liom nó fiú diúltach i leith na Gaeilge. Bhí dearcadh na hEaglaise Caitlicí ina ábhar míshástachta, chomh maith leis an lucht gnó, ó bhí drogall orthu teanga "mharbh neamhthrádálach" cosúil leis an nGaeilge a úsáid.
 
Sa bhliain 1919 a thosaigh lucht rialtais Shasana troid a chur ar an gConradh i ndáiríre. Coisceadh [[Fáinne an Lae]], iris an Chonartha, ar an [[20 Meán Fómhair]] 1919, ach tháinig an iris nua, Misneach, ina leaba i Mí na Samhna. Bhí sé deacair, áfach, iris ar bith a scaipeadh, ós rud é go raibh an tír ina cíor thuathail ag an gcogadh. San am céanna, mar atá, an [[25 Samhain]] 1919, d'fhógair rialtas Shasana go hoifigiúil gur eagraíocht antoisceach Náisiúnaíoch ab ea an Conradh, agus go raibh an stát lena chur de dhroim an tsaoil.
 
Nuair a tháinig na [[Dúchrónaigh]] go hÉirinn an bhliain a bhí chugainn, chuir siad troid fhíochmhar ar an nGaeilge mar rud. Chuir siad tithe agus maoin eile de chuid an Chonartha trí thine, bhain siad anuas comharthaí Gaeilge aon áit a bhfaca siad a leithéidí, agus d'ionsaigh siad aon duine a chuala siad ag caint Gaeilge. Ní raibh de thoradh ar na hiarrachtaí seo ach amháin gur tharraing siad tuilleadh daoine i dtreo na Gaeilge agus na Gaeilgeoireachta.
 
Le teacht an tsosa chogaidh, bhí áthas ar go leor Gaeilgeoirí, ós rud é gur Conraitheoirí gníomhacha a bheadh i gceannas ar an tír feasta. Shíl siad go mbeadh an Ghaeilge slán sábháilte anois, agus gur dhual di an ceann ab fhearr a fháil ar an mBéarla.
 
== An Eagraíocht Reatha ==