An difríocht idir athruithe ar: "Conradh na Gaeilge"

Content deleted Content added
1997kB (plé | dréachtaí)
m Cealaíodh athruithe 85.31.138.197 (Plé); ar ais chuig leagan le WikiBayer
chlib amháin: Rollback
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
[[Íomhá:Conradh na Gaeilge Baile Átha Cliath 2006.jpg|thumb|280px|Conradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, [[Baile Átha Cliath]].]]
Eagraíocht is ea '''Conradh na Gaeilge''' (seanlitriú: ''Connradh na Gaedhilge'') a bunaíodh sa bhliain [[1893]] chun an [[Gaeilge|Ghaeilge]] a choinneáil á labhairt agus a chur i mbéal na ndaoine in [[Éire|Éirinn]] arís, agus an meath tubaisteach a tháinig uirthi sa [[19ú haois]]. Is gnách dearcadh ar [[Dubhghlas de hÍde|Dhubhghlas de hÍde]] mar phríomhbhunaitheoir an Chonartha, ós rud é gurbh eisean a chuir tús leis an ngluaiseacht Gaeilge lena chuid óráidíochta faoi ath-Ghaelú na hÉireann. Bunaitheoirí tábhachtacha eile ab ea [[Eoin Mac Néill]] agus [[Eoghan Ó Gramhnaigh]].
 
== Bunú an Chonartha agus aisling Dhubhghlais de hÍde ==
[[Íomhá:Douglas Hyde - Project Gutenberg eText 19028.jpg|deas|100px|thumb|[[Dubhghlas de hÍde|Dubhghlas de hÍde.]]]]
B'é [[Eoin Mac Néill]] a chuir gairm chruinnithe ar na daoine nár chuma leo todhchaí na Gaeilge. Tháinig cruinniú bunaithe an Chonartha le chéile in uimhir a naoi, Sráid Sackville (inniu, [[Sráid Uí Chonaill]] i m[[Baile Átha Cliath]]). B'é ba spreagadh d'Eoin Mac Néill féin ná an óráid a thug Dubhghlas de hÍde do [[Cumann na Gaeilge|Chumann na Gaeilge]] i [[Nua-Eabhrac]] faoi "dhíghalldú" na hÉireann, ar an [[16 Meitheamh|16ú lá de Mhí an Mheithimh]] sa bhliain [[1891]], chomh maith leis an léacht a thug sé do [[Cumann Náisiúnta na Litríochta|Chumann Náisiúnta na Litríochta]] ar an [[25 Samhain|25ú lá de Mhí na Samhna]] sa bhliain [[1892]]. B'í aisling de hÍde ná an tÉireannach a ath-Ghaelú le cuidiú leis cothromaíocht cheart a shaoil a fháil ar ais. Go bunúsach, bhí de hÍde den bharúil go raibh an tÉireannach ag déanamh aithrise ar theanga agus ar nósanna [[Sasana|Shasana]], agus gurb ábhar áthais dó, mar Éireannach, gach taisme nó tubaiste a d'éiríodh do Shasana. B'é tuairim de hÍde ná go mbeadh an tÉireannach ábalta dul i dteagmháil leis an Sasanach féin ar bhonn ní ba chothroime, dá mbeadh teanga dá chuid féin á labhairt aige agus nósanna dá chuid féin á gcleachtadh aige.
[[Íomhá:Eoin Mac Néill.jpg|deas|100px|thumb|Eoin Mac Néill]]
Na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ann roimh an gConradh, ar nós [[Aontas na Gaeilge]] agus [[Cumann Buan-Choiméadta na Gaeilge]], níor dhírigh siad ar thábhacht na Gaeilge mar theanga bheo, mar a rinne de hÍde. Chuir lucht na gcumann seo i bhfad níos mó béime ar na sean-lámhscríbhinní agus ar an tseanfhilíocht, agus iad, fiú, ag díspeagadh na teanga labhartha, nó bhí siad inbharúla go raibh sí truaillithe cibé scéal é. B'í caint na ndaoine an chloch ba mhó ar phaidrín an Chonartha ó thús báire, agus theastaigh ó bhunaitheoirí na heagraíochta gluaiseacht phobail a dhéanamh de ghluaiseacht na Gaeilge, seachas gluaiseacht an lucht léinn.
 
Faoi thionchar léacht de hÍde, d'fhoilsigh Eoin Mac Néill alt faoi dhrochstaid na Gaeilge ar an ''[[Irish Ecclesiastical Record]]''. Léigh [[Eoghan Ó Gramhnaigh]], sagart óg, an t-alt, agus chuaigh sé i dteagmháil le hEoin Mac Néill, agus in éineacht, d'fhoilsigh an bheirt seo gairm shlógtha do chairde na Gaeilge ar [[Irisleabhar na Gaeilge]], arb í iris Aontas na Gaeilge í. Toradh díreach don achainí seo ab ea bunú Chonradh na Gaeilge, nó ''Leug na Gaedhilge'' (is é sin, ''Léig na Gaeilge'' i litriú an lae inniu), mar a baisteadh ar an eagraíocht ar dtús.
 
Na daoine a bhunaigh an Conradh, daoine óga ab ea an chuid ba mhó acu. B'é [[Tomás Ó Néill Ruiséal]], a raibh seacht mbliana is trí scór d'aois aige faoi seo, an duine ba sine acu.
 
Níor ghlac Eoghan Ó Gramhnaigh páirt sa chéad chruinniú. Le fírinne, bhí sé ag éileamh le heitinn, agus cúpla bliain i ndiaidh bhunú an Chonartha, b'éigean dó dul ar imirce go [[California]] ar lorg bisigh. B'ansin a shíothlaigh sé, ach d'fhág sé téacsleabhar ina dhiaidh ar bhain glúin i ndiaidh glúine de [[Gaeilgeoirí|Ghaeilgeoirí]] leas aisti mar áis teagaisc, ''Simple Lessons in Irish''.
 
== An Eagraíocht ag Forbairt ==