An difríocht idir athruithe ar: "Conradh na Gaeilge"

Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
== An Eagraíocht ag Forbairt ==
 
Ar dtús, bhítí ag lochtú an Chonartha toisc go raibh a chuid gníomhaíochtaí comhchruinnithe sa phríomhchathair amháin, ach de réir a chéile, thosaigh craobhacha ag teacht ar an bhfód ar fud na tíre. Ba mhinic a chuaigh an Conradh i dtuilleamaí na mboc mór áitiúil, má bhí siad sásta cúpla focal a labhairt go poiblí ar son na Gaeilge. I dtús báire, bhí na heaglaisigh sásta cuidiú agus comhoibriú leis na Conraitheoirí, ach de réir a chéile, tháinig drochamhras ar chuid acu i leith an Chonartha. Is amhlaidh go raibh na mná agus na fir ag freastal ar na ranganna céanna Gaeilge, rud nár thaitin le maoir na moráltachta ar aon nós. Le fírinne, eagraíocht cheannródaíoch ab ea an Conradh ó thaobh chearta na mban féin de. Bhí cead ag na mná páirt a ghlacadh i saol agus i saothar an Chonartha ar aon leibhéal leis na fir, agus mar sin, mheall an eagraíocht agus an Ghaeilge ina leith an chuid ab airde oideachais de mhná na hÉireann san am.
 
Is léir gur chuir lucht na himirce suim sa Ghaeilgeoireacht freisin. Mar shampla, chuaigh cumann liteartha na nÉireannach i [[Londain]] sa Chonradh mar chraobh. Ball den chraobh seo ab ea [[Pádraic Ó Conaire]], a chuir tús le próslitríocht nua-aoiseach na Gaeilge.
 
== Cogadh an Oideachais ==