An difríocht idir athruithe ar: "Conradh na Gaeilge"

Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
== Cogadh an Oideachais ==
 
B'é Cogadh an Oideachais an chéad mhórfheachtas a chóirigh an Conradh leis an nGaeilge a chur chun cinn. B'é an cuspóir a bhí acu ná oideachas dátheangach a chur ag obair ar scoileanna na [[Galltacht]]a agus oideachas trí mheán na Gaeilge a chinntiú i scoileanna na [[Gaeltacht]]a. Níor éirigh ach ar éigean leo. Is amhlaidh go raibh Robert Atkinson, Ollamh le Gaeilge i g[[Coláiste na Tríonóide]], ag cur in aghaidh an fheachtais go poiblí. Bhí seisean den bharúil nach raibh aon mhaithe i [[litríocht na Gaeilge]], nó dúirt sé nach raibh ach trí chineál litríochta ar fáil sa teanga: páistiúil, reiligiúnda nó mígheanmnaí. Dealraíonn sé nach raibh an tOllamh ró-eolach ar an nGaeilge é féin, nó is é an rud a dúirt an tAthair [[Peadar Ua Laoghaire]] ina léirmheas ar phríomhshaothar léannta Atkinson, eagrán scolártha de ''Trí Bhior-ghaoithe an Bháis'' le [[Seathrún Céitinn]], ná nach raibh an tOllamh ábalta an difríocht idir "is" agus "tá" a thuiscint. B'fhéidir go raibh eagla ar Atkinson roimh ghluaiseacht na Gaeilge: dá n-éireodh leis an ngluaiseacht, ní thógfadh sé mórán ama go mbeadh na scórtha Gaeilgeoirí léannta timpeall, agus iad níos líofa sa teanga ná é féin.
[[Íomhá:Patrick Pearse.jpg|clé|150px|thumb|Pádraic Mac Piarais]]
Mar sin féin, níor theip a mhisneach ar de hÍde go fóill. Chuir sé gairm shlógtha ar na saineolaithe eachtrannacha a raibh ciall acu do chúrsaí an léinn Cheiltigh, idir Ghearmánach, Fhrancach, agus Bhreatnach, agus chabhraigh cuid mhaith acu leis. Mhínigh siadsan do na húdaráis an luach a bhí sa Ghaeilge don taighde agus don chultúr, beag beann ar Atkinson. Nuair a bhí an feachtas thart, sa bhliain [[1901]], bhí na húdaráis sásta oideachas dátheangach a thairiscint do na páistí Gaeltachta, ach fágadh an Ghaeilge gan saothrú i gcónaí i scoileanna na Galltachta.
 
I dtús an fheachtais seo a chuaigh [[Pádraic Mac Piarais]] sa Chonradh, agus chuir sé spéis i gceist an oideachais. Bhreac sé síos a aiste cáiliúil faoi "mheaisín an mhurdair", is é sin, polasaí aonteangach [[Béarla]] na scoileanna náisiúnta a bhí ag marú na n-iarsmaí deireanacha den Ghaeilge, dar leisean. Leis an meaisín a stopadh, bhunaigh sé scoil chónaitheach lán-Ghaeilge dá chuid féin, [[Scoil Éanna]], i m[[Baile Átha Cliath]].
 
== Máirtíreacht Mhíchíl Uí Ící ==