An difríocht idir athruithe ar: "Conradh na Gaeilge"

Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
== Timirí agus Múinteoirí Taistil ==
 
Ó nach raibh ag éirí go rómhaith leis na feachtais oideachais, b'é an tátal a baineadh as an scéal gur chóir do lucht an Chonartha an t-oideachas Gaeilge a sholáthar as a stuaim féin. Is féidir a rá gur eagraíocht cheannródaíoch ab ea Conradh na Gaeilge in Éirinn, i bhfianaise an oiread oibre agus a rinneadh leis an oideachas aosach a chur chun cinn.
 
Bhí páirt lárnach ag na timirí agus ag na múinteoirí taistil san obair seo. Thosaigh an Conradh á n-earcú chomh fada siar leis an mbliain [[1898]]. Bhíodh na timirí ag rothaíocht ó bhaile go baile le soiscéal na Gaeilge a chraobhscaoileadh. Labhraídís leis na boic mhóra áitiúla faoi thábhacht na teanga. D'eagraídís craobhacha nua do Chonradh na Gaeilge. Dhéanaidís bolscaireacht ar son na teanga sna nuachtáin áitiúla. Mhúinidís an cúpla focal dóibh siúd a raibh a suim múscailte. Ba mhinic a fuair siad fáilte fhuar ó na sagairt agus ó na húdaráis áitiúla, agus ní raibh an náisiúnachas chomh fabhrach don Ghaeilgeoireacht agus a shílfeá. Nó má bhí fir óga na háite ar fad ag druileáil in Óglaigh na hÉireann, ní raibh am saor acu leis an nGaeilge a fhoghlaim.
 
== Na Scoileanna Samhraidh ==