An difríocht idir athruithe ar: "Hidrigin"
Content deleted Content added
png -> svg |
No edit summary |
||
Líne 18:
[[Íomhá:Electron shell 001 Hydrogen.svg|deas|200px|thumb|Hidrigin]]
== Fionnachtain ==
An chéad duine a d'aonraigh gás hidrigine agus a thug cur síos foirmeálta ar a shaintréithe, b'é Theophrastus Bombastus von Hohenheim nó [[Paracelsus]] é, agus é ar
[[Íomhá:Hydrogen Density Plots.png|clé|mion]]
== An hidrigin i stair theoiric an chandaim ==
Line 27 ⟶ 28:
Ceann de na chéad iarmhairtí candam-bhunaithe ar chuir na saineolaithe sonrú iontu, b'é an breathnú a rinne Maxwell leathchéad bliain roimh lá na teoirice iomláine candam-mheicniúla, ná go gcuireann sain[[toilleadh teasa]] na hidrigine i gcuimhne iompraíocht na ngás aonadamhach faoi theocht an tseomra, cé go bhfuil an gás hidrigine comhdhéanta as móilíní dé-adamhacha. De réir theoiric an chandaim, is é is cúis leis an iompraíocht seo ná go bhfuil leibhéil chandamaithe an fhuinnimh rothlaigh spréite go fairsing, toisc go bhfuil an móilín féin chomh héadrom.
[[Íomhá:Hydrogen orbitals.gif|mion]]
== An Hidrigin sa Dúlra ==
Line 33 ⟶ 35:
An chuid is mó den hidrigin san ollchruinne, is hidrigin aonadamhach í i staid an [[Plasma|phlasma]]. Mar sin, tá sí thar a bheith difriúil leis an hidrigin dhé-adamhach ghásaithe arbh í gnáthstaid na hidrigine aonraithe í ar an Domhan. Nuair atá an hidrigin ina plasma, níl an leictreon agus an prótón ceangailte dá chéile, rud a fhágann go bhfuil an hidrigin in ann leictreachas a sheoladh go réidh agus speictream leanúnach solais a astú - is é sin, tá an cineál seo hidrigine ag luisniú ag gach [[tonnfhad]] solais nó ag gach [[minicíocht]] solais. Sin é an dóigh a gcruthaítear solas na [[An Ghrian|Gréine]] féin. Na leictreoin agus na prótóin, is cáithníní iad a bhfuil lucht leictreach acu, agus iad ag idirghníomhú leis na réimsí leictreacha agus maighnéadacha. Is sruth plasma í an [[Grianghaoth|ghrianghaoth]], go bunúsach, agus nuair a bhuaileann sí réimse maighnéadach an Domhain, feictear na saighneáin ([[aurora borealis]], an chaor aduaidh) ag lasadh suas sa spéir.
[[Íomhá:Hydrogen.cycle.JPG|clé|mion]]
Faoi ghnáthbhrú an atmaisféir agus leis an ngnáth-theocht, is í an staid is dual don hidrigin
ar an Domhan ná an staid ghásaithe, dhé-adamhach - H<sub>2</sub>(g). Níl mórán den ghás seo in atmaisféar an Domhain, ós rud é go bhfuil sé chomh héadrom agus nach féidir le himtharraingt ár bpláinéid é a choinneáil ó éalú. Thairis sin, tá an-chlaonadh inti imoibriú leis an ocsaigin, ionas go gcruthaítear [[uisce]]. An chuid is mó den hidrigin atá ann ar dhroim an domhain, tá sí ceangailte i gcomhdhúile ceimiceacha, ar nós an uisce féin. Tógann sé cuid mhór fuinnimh na comhdhúile seo a [[leictrealú]] agus an hidrigin a aonrú.
Line 49 ⟶ 51:
2 KH + 2 H<sub>2</sub>O -> H<sub>2</sub> + 2 OH<sup>-</sup> + 2 K<sup>+</sup>
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]
[[Catagóir:Breoslaí]]
|