An difríocht idir athruithe ar: "Na Ceithre Cúirteanna"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 15:
Bhí na Ceithre Cúirteanna i gcroílár na n-imeachtaí le linn [[Éirí Amach na Cásca]], agus arís eile sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha]]. Le linn an Éirí Amach, ghabh an Chéad Chathlán an foirgneamh faoi chomandracht [[Éamonn Ó Dálaigh|Éamoinn Uí Dhálaigh]]. Tháinig an áit sách slán as an Éirí Amach, cé go ndearna gunnaí móra na nGall an-léirscrios sa phríomhchathair. Bhí an scéal i bhfad ní ba mheasa sa bhliain [[1922]], áfach, nó ba sna Cúirteanna seo a thosaigh an Cogadh Cathartha, go bunúsach.
[[Íomhá:Bombarded Four Courts Irish Civil War.jpg|mion|28 Meitheamh 1922 ]]
Nó nuair a tháinig scoilt ar [[Óglaigh na hÉireann]] i ndiaidh shíniú an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]], shealbhaigh [[Ruairí Ó Conchúir]] agus a chuid Óglach an foirgneamh seo, agus iad ag cur in aghaidh an Chonartha. Ar an 14 Aibreán 1922, gabh Ó Conchubhair agus timpeall 200 poblachtánach frith-Chonartha eile na Ceithre Cúirteanna agus roinnt foirgneamh eile, an Oifig Ballasta agus Halla na Máisiún ar Shráid Theach Laighean ina measc<ref>http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf</ref>. Bhí [[Seán Lemass]], a bhí ina [[Thaoiseach]] sna [[1960í]], ar duinedhuine de na hÓglaigh seo.
[[Íomhá:Four Courts Conflagration.jpg|mion|30 Meitheamh 1922: Scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí]]
Chuir gabhadh na bhfoirgneamh, a mhaireann thar thréimhse breis agus dhá mhí, le teannas idir na rannóga i [[Sinn Féin]]. Sa deireadh, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag [[Mícheál Ó Coileáin]] ach an áit a ionsaí le ruaigeadh a chur ar na frith-Chonraitheoirí. Scriosadh an foirgneamh stairiúil faoi chith na sliogán, agus, thar aon rud eile, chuir pléasc mhillteanach sciathán thiar an fhoirgnimh de dhroim an domhain ar fad. Sa teagmháil seo, chuaigh sean-chartlann na dtaifead poiblí trí thine go hiomlán.