An difríocht idir athruithe ar: "C. S. Lewis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
| síniú = CS_Lewis_Signature.svg
}}
Scríbhneoir ó [[Tuaisceart na hÉireann|Thuaisceart na hÉireann]] ab ea '''Clive Staples Lewis'''. B'eisean a scríobh na húrscéalta faoi Narnia agus an tríológ spáis faoi [[Mars (pláinéad)|Malacandra]], [[Véineas (pláinéad)|Perelandra]] agus [[An Domhan|Thulcandra]], is é sin, ''Out of the Silent Planet'', ''Perelandra'', agus ''That Hideous Strength''. Rugadh i m[[Béal Feirste]] [[29 Samhain|29 Mí na Samhna]] [[1898]] é, agus fuair sé bás [[22 Samhain|22 Mí na Samhna]] [[1963]]. Bhí sé ina bhall de na h''Inklings'', club comhchaidrimh do lucht litríochta in Oxford, agus aithne aige ar [[J. R. R. Tolkien]].
 
Rugadh i m[[Béal Feirste]] [[29 Samhain|29 Mí na Samhna]] [[1898]] é, agus fuair sé bás [[22 Samhain|22 Mí na Samhna]] [[1963]]. Bhí sé ina bhall de na h''Inklings'', club comhchaidrimh do lucht litríochta in Oxford, agus aithne aige ar [[J. R. R. Tolkien]].
== A Shaol ==
 
== A ShaolSaol ==
 
=== A Chéad Óige ===
Line 24 ⟶ 26:
Nuair a bhí sé naoi mbliana déag d'aois, cuireadh go dtí Sasana é le léann a fhoghlaim i scoil chónaitheach in éineacht lena dheartháir. Ní raibh mórán ama caite aige sa scoil sin - Scoil Wynyard i Watford i Sír [[Hertford]] - nuair a dúnadh í, agus go gairid ina dhiaidh sin, cuireadh an príomhoide i ngealtlann. Ansin, chaith Lewis cúpla mí i gColáiste an Chaimbéalaigh i mBéal Feirste, ach ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Cherbourg, agus ansin, fuarthas áit dó i gColáiste Malvern i [[Malvern, Worcestershire|Malvern]], Sír [[Worcester]]. Faoin mbliain 1913, thug sé droim láimhe dá chreideamh Chríostaí agus d'fhógair sé gurbh [[aindiachaí]] é. Nuair a bhí bliain amháin thart aige i Malvern, chrom sé ar staidéar príobháideach, agus seanteagascóir a athara, William T. Kirkpatrick, mar chrann taca aige.
[[Íomhá:Statue of C.S. Lewis, Belfast.jpg|clé|mion|Dealbh i mBéal Feirste]]
Bhí an-suim ag Lewis i scéalta faoi ainmhithe riamh, agus in éineacht lena dheartháir, cheap sé ''Boxen'', domhan samhlaithe na n-ainmhithe daonchosúla. Bhí siad ag scríobh scéalta agus á n-insint dá chéile faoi eachtraí na n-ainmhithe i mBoxen. Tháinig na smaointí seo as leabhair [[Beatrix Potter]], nó bhí sise ar duinedhuine de na scríbhneoirí ab ansa le Lewis, nuair a bhí sé óg. Bhí teach a athara lán leabhar, rud a thaitin go mór mór leis, ó bhí sé ina léitheoir craosach. Bhí an-eagla air roimh na feithidí agus na damháin alla, áfach, agus bhí siad ina n-ábhar mór tromluithe aige go minic.
 
Nuair a bhí sé ina spuraicleach déagóra, thug sé an-taithneamh do shaothar [[Richard Wagner]] agus don mhiotaseolaíocht Ghearmánach nó Lochlannach a raibh ceoldrámaí Wagner bunaithe orthu. Faoi thionchar Wagner, mhothaigh Lewis cineál saint nó tnúthán ag borradh ina chroí, mothúchán ar bhaist sé ''joy'', ríméad nó áthas, air. Threisigh Wagner leis an ngrá a bhí aige don dúlra, chomh maith. Thosaigh sé ag éirí ró-aibí le tuilleadh scéalta a scríobh faoi Boxen, chomh maith. Ó bhí a fhantaisíocht ag dul bealach na miotaseolaíochta Nordaí, chuaigh a chuid scríbhneoireachta i dtreo na heipice is an ceoldráma, a bhí níos oiriúnaí le téamaí miotaseolaíochta a láimhseáil. San am céanna, bhí Kirkpatrick ag teagasc [[An tSean-Ghréigis|Gréigise]] agus ag cur litríocht chlasaiceach na seanársaíochta in aithne dó, rud a bhí ag cur go maith lena ghrá don eipic mhiotasúil.