An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"

no edit summary
 
Ó thaobh an chultúir de, is í an Eabhrais an ceann is tábhachtaí de na teangacha seo. Baineann Eabhrais an Bhíobla leis na blianta 1200-200 roimh bhreith Chríost, ach tá an teanga bheo ar fáil ina lán cáipéisí ó na blianta ina dhiaidh sin freisin - go háirithe sa [[Talmúd]]. Bailiúchán de litríocht saíochta, fealsúnachta agus teagaisc is ea an Talmud. Chuaigh an Eabhrais in éag mar theanga labhartha faoin am a rugadh Críost, agus an Aramais á leitheadú mar a bheadh loscadh sléibhe ann. Ar ndóighe, níor éirigh lucht léinn an Ghiúdachais riamh as a seanteanga a shaothrú sna scríbhinní; agus san fhichiú haois thosaigh na [[Siónachas|Siónaigh]] ag labhairt Eabhrais lena gclann leis an teanga a athbheochan mar ghnáthurlabhra phobail.
[[Íomhá:Flag of the Arabic language.svg|mion|Bratach]]
 
Maidir leis an Aramais, tá sí ar fáil i bhfoirm scríofa ón mílaois dheireanach roimh bhreith Chríost ar aghaidh. Nuair a d'éirigh sí ina gnáth-theanga ar fud an Mheán-Oirthir, scoilt sí ina dhá leath, an ceann iartharach - Aramais na Palaistíne, an Nabaitéis agus an Phailmíris - agus an ceann oirthearach, as ar fáisceadh na canúintí Nua-Aramaise a mhaireann inniu féin i mbéal dreamanna beaga de Chríostaithe anseo is ansiúd ar fud an Mheán Oirthir.
 
Na teangacha atá fágtha anois, is iad na gaolta is dlúithe dá bhfuil ag an Araibis - sin le rá, teangacha Séimíteacha an Iar-Dheiscirt. Is é sin, más fíor gurb iad na gaolta is dlúithe iad. Nó níl lucht an tsaineolais ar aon fhocal go fóill faoin gcineál muintearais nó baint atá ag na teangacha Seimíteacha le chéile.
[[Íomhá:Arabic language.jpg|clé|mion]]
 
Maidir le teangacha Seimíteacha an Iar-Dheiscirt, mar a thugtar orthu go traidisiúnta, is iad an Araibis Thuaidh, an Araibis Theas, agus an Amáiris iad. Is gá a chuimhneamh gurb ionann an "Araibis" mar a thuigimid inniu é agus an Araibis Thuaidh. Teanga is ea an Araibis Theas nach bhfuil róchosúil leis an Araibis Thuaidh ná intuigthe ag cainteoirí na teanga eile. D'fhág an teanga seo a lorg ar an gcineál Araibis Thuaidh a labhraítear san [[An Ómáin|Ómáin]] agus san [[An Éiméin|Éiméin]]. Thairis sin, ámh, maireann canúintí de chuid na hAraibise Theas in áiteanna iargúlta go fóill, ar nós Oileán Soqotra. Ní gnách na canúintí seo a chur ar pár, áfach. Deacair is uile mar atá an teanga acu, is í an Araibis Thuaidh a bhíonn á saothrú ag lucht a labhartha, an chuid acu a bhfuil scríobh nó léamh aon teanga acu.
 
 
Is é an tátal is féidir a bhaint as an méid seo nach bhfuil fáil ar Araibis ar bith ach an Araibis ar imir an Eabhrais agus an Aramais a dtionchar uirthi. Is é an cineál Eabhrais a chleachtaítear inniu an Eabhrais ar imir an Aramais agus an Araibis a dtionchar uirthi. An Aramais atá ann, forbraíodh faoi thionchar an dá theanga eile í fosta. Mar sin, ní féidir le haon duine a thuilleadh aon bhreithiúnas róchruinn a thabhairt ar an dóigh a raibh na teangacha seo gaolmhar le chéile sular tháinig siad i síor-dhlúth-theagmháil le chéile.
[[Íomhá:WiktionaryAr.svg|mion]]
 
== Fréamhacha na hAraibise ==
 
Tá focail agus ainmneacha Araibise le fáil in áiteanna éagsúla roimh lá Mhuhamad in inscríbhinní - cuid acu, tá siad scríofa le litreacha na hAraibise Theas; an chuid eile acu, Aramais atá iontu, diomaite de na hainmneacha pearsanta a bhaineann leis an Araibis.
[[Íomhá:WP countries and versions Arabia.pdf|clé|mion|299x299px]]
 
B'é an Córan a chuir bun leis an litríocht Araibise agus le caighdeán na hAraibise Clasaicí. Ar chúiseanna na diagachta féin, is gnách a shíleadh go raibh an Fáidh dall ar scríbhneoireacht is aibítir ar bith. Ar a laghad, bhí páirt thábhachtach ag an ghlanmheabhraíocht i bhforbairt an Chórain. I ndiaidh bhás Mhuhamad, áfach, tháinig an-deifir ar lucht a leanúna a chuid aislingí a chur i míotar, agus mar sin, bhreac siad síos an Córan agud chuir siad in eagar é mar leabhar ceart. An aibítir a bhí in úsáid ag na hArabaigh san am sin, ba leagan iodálaí den aibítir Fhéiníceach í, agus cuid de na litreacha ag éirí chomh cosúil le chéile is nach raibh san fhocal scríofa go bunúsach ach seort crann taca don ghlanmheabhraíocht. Ó bhí páirt iontach lárnach ag an gCóran ins an reiligiún - nó is é foirceadal an Ioslaim gurb é focal Dé gan truailliú é - theastaigh ceartlitriú níos cruinne ó na Muslamaigh, agus faitíos orthu go gcuirfeadh an drochscríbhneoireacht briathar Dé as a riocht. Mar sin, cuireadh poncanna breise le litreacha áirithe chun fuaimeanna éagsúla a choinneáil scartha ó chéile. Dealraíonn sé gurb ó aibítir Shíreach na hAramaise a fuarthas na poncanna seo.
 
Ina dhiaidh sin féin, níor ghnách na gutaí a scríobh amach ar aon dóigh ar leith. B'é an gramadóir Abú 'l-Asbhad al Du'áilí a chuir an chéad sonrú i dtábhacht na ngutaí i gcaighdeánú na hAraibise sa tseachtú haois, ach b'é al-Hailíl ibn Achmad sa chéad aois eile a chum na comharthaí a sheasann do na gutaí i scríbhneoireacht Araibise an lae inniu.
[[Íomhá:Arabic Dialects ar.svg|clé|mion|299x299px|Canúintí]]
 
== Caighdeánú na hAraibise ==
 
Bhí an teanga féin á teannadh is á streachailt go mór ag athruithe na sochaí Arabaí a tháinig ar lorg an Ioslaim, agus na hArabaigh ag cur catha ar lucht an "éigreidimh" sna tíortha ina dtimpeall. Nó de réir mar a bhí siad ag teacht i seilbh tailte nua a bhí go minic níos saibhre nó níos airde ó thaobh an chultúir de ná saol fáin na mBeidiúnach, b'éigean dóibh focail úra a ligean isteach, agus iad ag fáil aithne ar chleachtais is aireagáin nár casadh orthu roimhe seo. Ní raibh an t-athrú seo ag taitneamh le lucht an ghlanteangachais, áfach, agus iad barúlach nár chóir teanga naofa an Chórain a chur as a riocht le truailliú iasachta, ó b'é briathar Dé é.
[[Íomhá:Quranic-arabic-corpus.png|clé|mion]]
 
Ní raibh teanga an Chórain féin glan ar iasachtaí, muis. Rinneadh tagairt cheana féin don dóigh ar fhág Aramais Shíreach na gCríostaithe a sliocht ar Araibis an Chórain. Thairis sin, is léir go ndearnadh trácht éigin sa Chóran féin ar ábhair nó ar rudaí a raibh baint acu le saol sofaisticiúil na Peirse, agus lipéid Pheirsise á n-úsáid ag na hArabaigh féin ar na rudaí seo. Nó, tar éis an tsaoil, ní raibh aon chaill ar na hArabaigh riamh ag trádáil le hearraí só, ar nós na túise is na síoda, na ndathanna is na gcumhrán, agus tháinig na focail i mbéal na nArabach chomh túisce is a chuala siad iomrá ar na rudaí a raibh na focail seo ag seasamh dóibh.
 
Sna tíortha iasachta ba thúisce a d'fhorghabh siad, fuair na hArabaigh rompu cultúr saibhir an Heilléineachais. Ba mhór an spreagadh do na hArabaigh é léann a fhoghlaim agus Araibis a chur ar shaothair eolaíochta na scoláirí Heilléineachais. Nuair nach raibh meas an mhadra ag an Iarthar ar smaointeoirí ná ar thaighdeoirí an Heilléineachais, rinne na hArabaigh a gcuid féin dá n-obair siúd. Ansin, tháinig borradh mór i saothrú téarmaíochta an léinn is na heolaíochta san Araibis, ó bhí téarmaí nua ag teastáil leis an teanga a chur in oiriúint do na smaointí úra a bhí le cur i bhfoclaibh inti.
[[Íomhá:شرح ألفية ابن مالك.jpg|mion|Alfiya ( ألفية ابن مالك‎) le Malik isa 13ú haois (Mullah Qasim Effendi Al-Mufti)]]
 
== Gramadach na hAraibise ==
Ba chuid d'oidhreacht fhileata na nArabach na dánta scigiúla freisin. Tháinig an-bhorradh faoin gcineál sin filíochta i dtréimhse na Cailifeachta Umaigheadaí, i ndeireadh na seachtú haoise agus sa chéad leath den ochtú haois. Faisiún mór a bhí i gceist leis na dánta scigireachta sa tSír agus san Iaráic i réimeas Chlann Umaighea, agus an file Críostaí Al Achtal chun tosaigh i g''cogadh na bhfilí'', nuair a bhí na filí ag caitheamh anuas ar a chéile i ndán i ndiaidh dán. Leis an bhfírinne a dhéanamh, dealraíonn sé nach raibh i gceist le cuid mhór den bhriatharchath seo ach mireog fhaisiúnta. Bhí an-mheas ag Al Achtal ar fhilíocht chuid mhaith de na filí Ioslamacha a raibh sé ag iomaíocht leofa ag cumadh goineoga maslacha i bhfoirm fhileata.
 
Ós rud é gur Críostaí a bhí in Al Achtal, ní raibh aon chúl air fíon a ól, agus bhí sé ar duinedhuine de na filí ba mhó a scríobh dánta fíona fosta. Bhí an-traidisiún ag na dánta fíona i bhfilíocht na hAraibise, agus bhí sé an-fhadálach ag dul in éag, siúd is nach raibh moladh an fhíona is na meisce ag réiteach go rómhaith le riailbhéas an Ioslaim. B'é Abú Nubhás, a fuair bás sa bhliain 814, an file fíona ab aithnidiúla, nó sin é an cineál clú atá air, ar a laghad. Laoch béaloidis atá ann, mar Abú Nubhás, agus na mílte scéilíní á n-insint faoi. Is é an t-aon rud amháin ar féidir linn a bheith cinnte faoi i dtaobh mo dhuine ná nach bhfuil sa chuid is mó de na scéilíní seo ach cumadóireacht.
 
Ar ndóigh, scríobhadh na seanfhilí Arabacha dánta grá chomh maith le duine. Nuair a bhí clann Úmáighea i seilbh na cailifeachta, bhí dhá phríomhghné á saothrú ag lucht scríofa na ndánta grá. Fir uaisle diomhaoine ba mhó a chumadh iad sna cathracha, agus iad go mór faoi thionchar na sofaisticiúlachta nó fiú an drabhláis a bhí ag teacht isteach ón bPeirs shean-ardchultúrtha. B'é Ómár ibn Aibí Raibíá an file ba tábhachtaí acu seo. Fuair Ómár bás dosaen nó cúpla dosaen de bhlianta i ndiaidh thús na hochtú haoise. Súgradh éadromchroích agus grá faoi cheilt is gnáthábhar don chineál seo dánta grá: tá blas áirithe craicinn agus collaíochta orthu, ach ní dánta gáirsiúla iad.
 
* VERSTEEGH, Kees: ''The Arabic Language''. Edinburgh University Press, Dún Eideann 1997
 
 
==Tagairtí==
8,971

edits