An difríocht idir athruithe ar: "Fernão de Magalhães"

no edit summary
m
== Na Chéad Turasanna a Thug Sé ==
 
Chuaigh Magalhães ar a chéad turas farraige sa bhliain 1505, nuair a bhí sé cúig bliana fichead d'aois. An uair sin, bhí sé ar duinedhuine acu siúd a bhí le Francisco de Almeida a insealbhú mar leasrí Portaingéalach. B'ansin a tháinig Magalhães i ndeabhaidh lainne an chéad uair, nó fuair siad rompu taoiseach a bhí tar éis cáin a íoc le Vasco da Gama trí bliana roimhe sin, agus é ag diúltú Almeida faoin gcáin anois. Ansin, d'ionsaigh lucht leanúna Almeida é, agus ghabh siad Kilwa i dTansáin an lae inniu.
[[Íomhá:2017-10-13 Street name sign, Rua Fernão de Magalhães, Albufeira.JPG|clé|mion|Albufeira, Algarve]]
 
Sa bhliain 1506, chuaigh Magalhães go dtí na hIndiacha Thoir, agus é ag glacadh páirte sna turasanna taiscéalaíochta go dtí Oileáin na Spíosraí. I bhFeabhra 1509, throid sé i gcath farraige Diu, a chuir deireadh le tionchar na Tuirce Otamánaí sa chearn sin den domhan. Bronnadh dintiúirí an chaiptín ar Mhagalhães sa bhliain 1510. Chaill sé an coimisiún, áfach, sa bhliain a bhí chugainn, nuair a thug sé turas soir ar a long gan chead a fháil ó na húdaráis chuí roimhe sin. B'éigean dó filleadh go dtí an Phortaingéil sa bhliain 1512.
 
Sa bhliain 1513, cuireadh Magalhães go dtí Maracó, áit ar throid sé i gCath Azamor. B'ansin a goineadh go tromchúiseach sa ghlúin é. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar saoire gan chead a iarraidh ar Almeida, agus milleánaíodh é faoi thradáil neamhdhlíthiúil leis na Muslamaigh. Mar sin, bhain Almeida a dhea-shúil de. Ní raibh i gcuid mhór de na líomhaintí ach gnáthaithiseoireacht nach ndeachaigh chun na cúirte riamh, ach mar sin féin, ní raibh cara fágtha ag Magalhães i gcúirt an rí nua, Manuel a hAon. Mar sin, chuaigh Magalhães i muinín rí na Spáinne ar lorg oibre mar chaptaen farraige.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
 
12,008

edits