An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"

no edit summary
m (dáta_breithe)
Sa bhliain [[1918]], príosúnaíodh arís í, agus an pháirt a bhí aici san fheachtas in aghaidh an choinscríofa. San olltoghchán i Mí na Nollag, 1918, vótáladh isteach ar an b[[an Chéad Dáil|Parlaimint]] í, chomh maith le dháréag iarrthóir is trí scór eile de chuid Shinn Féin. Mar sin, bhí sí ar an chéad Fheisire mná riamh i dTeach na dTeachtaí. Ó bhí Sinn Féin ar fad ag staonadh ón bparlaimint, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán a bhí bainte amach aici.[[Íomhá:Constance1.jpg|thumb|upright|clé|An Chuntaois faoi shainéide an tsaighdiúra]]
 
Bhí an Chuntaois ar duinedhuine acu siúd a tháinig le chéile i mBaile Átha Cliath le [[Dáil Éireann]] a fhógairt an chéad uair riamh. Bhí sí ina [[Teachta Dála]] ar an Dara [[Dáil Éireann|Dáil]] chomh maith, i ndiaidh an toghcháin sa bhliain [[1921]].
 
Chaith an Chuntaois seal ina hAire Oibreachais ó Mhí Aibreáin [[1919]] go Mí Eanáir [[1922]], ar an Chéad Rialtas agus ar an Dara Rialtas de chuid na Dála. Bhí sí ar an chéad bhean riamh a bhí ina hAire Rialtais in Éirinn, agus níor ceapadh an chéad Aire mná eile roimh an mbliain 1979, nuair a rinneadh Aire na Gaeltachta de Mháire Geoghegan-Quinn.
11,560

edits