An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáin"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Eacnamaíocht: Tús leis an fho-sciar 'onnmhairithe'
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 45:
== Stair ==
:''Féach freisin: [[Stair na Gearmáine]]''
[[Íomhá:Besatzungszonen ohne text.gif|mionsamhail|150px|clé|Na limistéir a bhí faoi chois ag na cumhachtaí forghabhála i ndiaidh ghéilleadh na Gearmáine sa bhliain 1945]]Tar éis ré na [[Naitsíochas|Naitsithe]] agus [[an Dara Cogadh Domhanda]], roinneadh an tír ina ceithre limistéar, agus fuair gach cumhacht forghabhála a limistéar féin le rialú. Chuaigh na trí limistéar iartharacha, an ceann [[An Fhrainc|Francach]], an ceann [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánach]], agus ceann na [[An Ríocht Aontaithe|Breataine]], le chéile ina "Trizone", nó limistéar aontaithe, agus i [[1949]], d'iompaigh an "Trizone" ina poblacht neamhspleách, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine nó an "Iar-Ghearmáin". An chuid den tír a bhí faoi smacht na [[An tAontas Sóivéadach|Sóivéadach]], bhain sí amach cineál neamhspleáchas freisin mar stát satailíteach ar cuireadh an [[Cumannachas]] i réim ann, is é sin, [[Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine]]. Fágadh an chuid iartharach de Bheirlín timpeallaithe ag críocha na "Poblachta Daonlathaí" nó na "hOir-Gearmáine", agus bhí caidreamh an dá Ghearmáin ina ábhar mór conspóide agus teannais idirnáisiúnta go dtí gur thit an tóin as an gcóras Cumannach i ndeireadh na [[1980idí|n-ochtóidí]]. Daingníodh teorainn thiar na hOir-Ghearmáine leis na daoine a choinneáil istigh, agus sa bhliain [[1961]], tógadh balla idir an dá leath de Bheirlín leis an mbealach éalaithe deireanach a dhúnadh. Bhí rialtas na hOir-Ghearmáine ag obair sa leath thoir den chathair, ach ba í [[Bonn (cathair)|Bonn]], cathair réasúnta beag cois na [[An Réin|Réine]] in iarthar na Gearmáine, a bhí ina príomhchathair ag an bPoblacht Chónaidhme go dtí an t-athaontú sa bhliain [[1990]]. Nuair a athaontaíodh an tír, aistríodh an phríomhchathair ar ais go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí ina gcónaí san Oir-Ghearmáin, le 63 milliún na Poblachta CónascthaCónaidhme, bhí an Ghearmáin ar an tír ba mhó is ba chumhachtaí i Lár na hEorpa arís, rud a chuir scanradh ar chuid mhaith de na comharsana, le taobhshúil ar an taithí a bhí acu ar an nGearmáin i ndiaidh dhá chogadh domhanda.
 
Bhí an tsean-Phoblacht Chónaidhme ina ballstát den Aontas Eorpach cheana féin, ó chuaigh sí sa [[An Cómhargadh Eorpach|Chómhargadh]] sna seascaidí. Mar sin féin, bhí difríochtaí móra le sárú leis an dá Ghearmáin a chomhdhlúthú. Tháinig méadú mór ar chostais an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud nár tháinig mórán feabhais air idir an dá linn, agus b'éigean do lucht rialtais na Gearmáine laghduithe móra a dhéanamh ar an mbuiséad leasa shóisialta, fiú nuair a bhí na Daonlathaigh Shóisialta ([[Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine|SPD]]) ag rialú na tíre. Sa bhliain [[2005]], ghnóthaigh na coimeádaigh - na Daonlathaigh Chríostaí, nó [[CDU]] - an t-olltoghchán, agus chuaigh siad i gcomhrialtas leis an SPD agus an [[CSU]].
 
== Polaitíocht ==
[[File:Reichstag building Berlin view from west before sunset.jpg|left|thumb|Is é an [[foirgneamh Reichstag]] i mBeirlín láthair pharlaimint na Gearmáine ([[Bundestag]])]]
Poblacht feidearálach, parlaiminteach, agus daonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chuimsiú creatchreat a bhí leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm [[Grundgesetz|''Grundgesetz'']]'' ''(Dlí Bunúsach). Go ginearálta, teastaíonn tromlach dhá thrian de bhaill uilig an dá dlísheomra leis an ''Grundgesetz'' a leasú. Is iad prionsabail bhunúsacha naan bunreachta''Grundgesetz'', mar atá léirithe sna h-earraíairteagail a ráthaighráthaíonn dhínitdínit an duine, ná an scaradh cumhachtaí, an struchtúr cónaidhme, agus riail an dlí bailí go suthain.
 
Tá dhá dlísheomraí ag an leibhéal feidearálach: an ''Bundestag'', an teach íochtarach, agus an ''Bundesrat'', an teach uachtarach. Is í an ''Bundestag'' an seomra is cumhachtaí díobh. Tá sé pháirtí polaitíochta a bhfuil ionadú inti faoi láthair: na Daonlathaigh Críostacha agus na [[Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine|Daonlathaigh Sóisialta]], dhá pháirtí an rialtais atá ar lár-dheis agus lár-chlé an speictrim pholaitiúla faoi seach, chomh maith le ''Rogha Eile don Ghearmáin'' (an-deis), na Daonlathaigh Saora (liobrálach, lár-dheis), ''An Eite Chlé'' (an-chlé) agus na Glasaigh (glas, lár-chlé).
 
== Eacnamaíocht ==
 
=== Staitisticí ===
Is é geilleagar na Gearmáine an [[Liosta tíortha de réir OTI|ceathrú ceann is mó]] ar domhan de réir [[Olltáirgeacht intíre|OTI]] ainmniúla agus an cúigiú ceann de réir OTI CCC, agus is í an earnáil seirbhíse an earnáil eacnamaíochta is mó; í ag tabhairtcruthú 71% den OTI i gcomparáid le 28% ón earnáil tionsclaíoch agus 1% ón earnáil thalmhaíochta. Is an triú onnmhairteoir éarraí is mó ar domhan í an Ghearmáin<ref>https://www.cia.gov/library/publications/the-world-factbook/rankorder/2078rank.html</ref>, agus baineann sí sochar as a bheith ar ceann de na tíortha is lú éillithí ar an domhan - an 10ú tír is fearr as 176 tír a tomhaiseadh, de réir Transparency International sa bhliain 2016<ref>https://www.transparency.org/news/feature/corruption_perceptions_index_2016</ref>. I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaíochta na tíre ag 3.2%, an dara ceann is lú san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]]<ref>http://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Unemployment_statistics</ref>, i ndiaidh na [[Poblacht na Seice|Seice]] ach amháin.
 
De réir ''Innéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]], a dhéanann iarracht an réim mhaireachtála a thomas i ngach tír bunaithe ar ghnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an ochtú tír is forbartha ar domhan í an Ghearmáin, as 151 tír a tomhaiseadh<ref>http://hdr.undp.org/en/composite/IHDI</ref>. Cuireann sé í freisin ar an tríú tír is forbartha as 28 ballstát an Aontais Eorpaigh, i ndiaidh ach amháin na [[An Fhionlainn|Fionlainne]] agus na [[An tSualainn|Sualainne]].
 
I ''dTuarascáil Sonais Domhanda'' 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ghearmáin an 15ú tír is sona, as 156 thír.
Líne 72:
===Airgeadra===
 
Ba é [[marg na Gearmáine]] a bhí in úsáid ó leasú an airgeadra (''Die Währungsreform'') sa bhliain [[1948]] go dtí gur tugadh an [[euro]] isteach sa bhliain [[2002]].
 
== Spórt ==
Tá clú agus cáil ar fhoireann sacair na Gearmáine, a bhuaigh [[Corn Sacair an Domhain|Corn an Domhain]] sna blianta 1954, 1974, 1990 agus 2014 agus [[Craobh Sacair na hEorpa|Craobh na hEorpa]] sna blianta 1972, 1980 agus 1996. Tá sraith mhór ag an nGearmáin, an [[Fußball-Bundesliga]].
 
== Stáit ==