An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain Bheag"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Páirt-aistriúchán ó Ghaeilge na hAlban
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 104:
Tháinig [[Iúil Caesar]] go dtí an Bhreatain i Lúnasa 55 RC, ach níor éirigh leis na [[Impireacht na Róimhe|Rómhánaigh]] an Bhreatain a thabhairt faoi smacht ar feadh timpeall céad bliain ina dhiaidh sin. Ag an am úd bhí treibheanna [[Na Ceiltigh|Ceilteacha]] na Breatain Bige rud beag cosúil leis na comharsana a bhí acu i ndeisceart na Breataine i dtaobh an chultúir a bhí acu. Bhí treibh na n-Ordovices ina chónaí i dtuaisceart na Breataine Bige ag an am, agus na Silures sa deisceart.
 
Thóg na Rómhánaigh smacht ar fad deiscirt na Breataine Bige chomh fada le Carmarthen[[Caerfyrddin]] (Maridunum). Tá fianaise ann go ndeachaigh siad ní b'fhaide chomh maith agus gur bhain siad [[Éire]] amach. Bhí siad gníomhach i dtuaisceart na tíre freisin. De réir finscéil Bhreatnaigh, phós Macsen Wledig nó Magnus Maximus, fear d'impirí deireanacha na Róimhe, Helen, iníon thaoisigh Bhreatnaigh Segontium ([[Caernarfon]] inniu).
 
Níor éirigh leis na hAnglo-Sacsanaigh an Bhreatain Bheag a chur faoi smacht, cé gur bhris siad an ceangal a bhí idir an tír agus an tír ó thuaidh a bhí faoi smacht na mBriotanach go fóill i ndiaidh cath Chester i 615 CE. Is de bharr neart míleata an rí Breatnaigh a bhí sin, ach freisin de bharr cruth na tíre. Thóg Offa, rí Mhercia, pórt rátha mór as talamh fad an chríche idir an ríocht b'aigesean agus an mBreatain Bheag. Tá páirteanna de Phort Rátha Offa le feiceáil inniu féin.