An difríocht idir athruithe ar: "Seosamh Mac Grianna"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 16:
| líonláithreán =
}}
[[Íomhá:Rannnafeirste.JPG|clé|mion|Rann na Feirste ]]
[[Scríbhneoir]] [[Gaeilge]] ó [[Rinn na Feirste]] s[[na Rosa]] i n[[An Ghaeltacht|Gaeltacht]] Thír Chonaill ab ea '''Seosamh Mac Grianna''' ([[1901]]-[[1990]]). Áirítear ar chlasaicigh nua-aimseartha na [[Litríocht na Gaeilge|litríochta Gaeilge]] é.
 
Line 24 ⟶ 25:
 
Chuaigh an cruatan go mór mór chun dochair dó, go háirithe ó thaobh na sláinte sící de. Sa bhliain [[1935]], agus é díreach ag scríobh úrscéil faoi shaol polaitiúil na hÉireann, buaileadh le síocóis dhúlagrach é a d'fhág ina chreapaltán é ó thaobh na haigne de, ar feadh a raibh fágtha de shaol aige. D'éist sé an obair scríbhneoireachta, agus baisteadh ''Dá mBíodh Ruball ar an Éan'' (is é sin, "dá mbeadh eireaball ar an éan", de réir an Chaighdeáin) ar an úrscéal neamhchríochnaithe. Go gairid roimh a bhás, thug an scríbhneoir le fios go raibh "ruball curtha ar an éan" aige, agus ó na laethanta sin ar aghaidh bíonn an cheist i mbéal an phobail, ar fhág Seosamh aon lámhscríbhinn ina dhiaidh a mbeadh deireadh an scéil inti. Sa bhliain 2005, d'fhoilsigh Antain Mac Lochlainn úrscéal dá chuid féin, ''Ruball an Éin'', leis an scéal a tosaíodh i leabhar Sheosaimh a chríochnú.
[[Íomhá:Letterkenny St. Eunan's College Irland@20160529 02.jpg|mion|Saint Eunan's College, Letterkenny]]
 
Chaith Seosamh an chuid is mó den am ina dhiaidh sin ag éileamh san [[ospidéal]] [[Síciatracht|síciatrach]]. Bhí sórt cleamhnais neamhoifigiúil aige le bean agus saolaíodh mac don bheirt aige, agus chuir an bhean is an mac lámh ina mbásanna féin i bhfad sular shíothlaigh an scríbhneoir.
 
== A Chuid Scríbhinní ==
[[Íomhá:St Pats College Drumcondra.jpg|mion|St Pats College Drumcondra, BÁ¢]]
 
Is iad na leabhair is tábhachtaí dár scríobh Seosamh ná ''Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile'', ''An Druma Mór'', ''Eoghan Ruadh Ó Néill'', ''Dá mBíodh Ruball ar an Éan'' agus ''Mo Bhealach Féin''.
 
=== A Chuid Aistí ===
[[Íomhá:St Conals Hospital Letterkenny.jpg|mion|St.Conall's: [[ospidéal]] [[Síciatracht|síciatrach]]]]
 
Is í an aiste is mó le rá dár scríobh Seosamh ná ''[[Pádraic Ó Conaire]]''. Dealraíonn sé go raibh sé meáite ar cheird an scríbhneora a tharraingt air féin ó bhí sé an-óg, ach níor thuig sé go bhféadfadh sé an cheird sin a chleachtadh trí mheán na Gaeilge sular léigh sé an chéad leabhar le hÓ Conaire. Rinne sé an-chomhionannú le Pádraic mar dhuine agus mar dheoraí, nó shíl sé gur éanacha corra den chineál céanna ab ea an bheirt acu. Is amhlaidh go raibh coimhthíos ar Sheosamh riamh roimh shaol na Gaeltachta féin, ach nuair a fuair sé aithne ar scríbhneoireacht Uí Chonaire, chonacthas dó nach raibh sé ina aonar a thuilleadh le mothúcháin den tsórt áirithe sin.