An difríocht idir athruithe ar: "John F. Kennedy"

no edit summary
 
== Tús a shaoil ==
Rugadh agus tógadh Kennedy i mBrooklinem[[Brookline, Massachusetts|Brookline]], baile i [[Massachusetts]] sa bhliain [[1917]]. Mac leis an b[[polaitíocht|polaiteoir]] iomráiteach [[Joseph P. Kennedy, Sr.]] agus Rose Fitzgerald ab ea é. D'fhreastail Kennedy ar [[Scoil]] Edward Devotion ar dtús ar feadh ceithre bliana, agus ansin Scoil Dexter i m[[Bostún]], agus bliain amháin eile ag Scoil Canterbury. Tar éis Canterbury, chuaigh sé isteach i Choate Rosemary Hall i Wallingford, [[Connecticut]]. Ceann de na scoileanna chónaithe is fearr sa [[tír]] ab ea í, agus bhain sé céim amach sa bhliain [[1935]].
 
Sheol sé go [[Londain]], [[Sasana]] ar an [[25 Meán Fómhair]] sa bhliain chéanna, in éineacht lena thuismitheoirí agus a dheirfiúr Kathleen Cavendish. Chláraigh sé le LSE (Scoil na h[[Eacnamaíocht]]a [[Londain]]) chun staidéar a dhéanamh ar gheilleagar polaitiúil ar feadh bliana faoin Ollamh Harold Laski, ach cuireadh san [[ospidéal]] é nuair a thit sé tinn. Mar thoradh, bhí ar Kennedy filleadh ar ais go dtí na Stáit Aontaithe. San [[Fómhar|fhómhar]] sa bhliain [[1935]], chláraigh sé le h[[Ollscoil]] [[Princeton, New Jersey]], ach d'éirigh sé tinn arís. [[Buíochán]] a bhí i gceist ag an am seo. San fhómhar an bhliain ina dhiaidh sin, thosaigh Kennedy ag freastal ar [[Ollscoil Harvard]].
28,322

edits