An difríocht idir athruithe ar: "Plútóiniam"

Content deleted Content added
Minorax (plé | dréachtaí)
png -> svg
mionfheabhsuithe
Líne 12:
Is é an '''plútóiniam''' dúil uimhir a 94, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná '''Pu'''. Dúil radaighníomhach atá ann, nó níl oiread agus aon iseatóp cobhsaí amháin aige. Baineann sé le grúpa na n-achtanóideach (na n-achtainídí), agus is dúil trasúránach é freisin, ós rud é go bhfuil sé níos troime ná an t-[[úráiniam]]. Úsáidtear é i ndéantús na mbuamaí adamhach, rud a thuill an-mhíchlú don dúil seo.
 
Síltear go coitianta nach bhfuil an plútóiniam ar fáil sa dúlra, ach níl an scéal chomh simplí sin, nó is iseatóp príomhordúil é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil ag an bplútóiniam, <sup>244</sup>Pu. Tá sé ceithre scór milliún bliain ar leathré - achar fada ama, a shílfeá, ach mar sin féin, níl ann ach tamall beag i gcomparáid le haois an Domhain. Mar sin, ní mhaireann ach iarsmaí beaga den phlútóiniam seo sa nádúr, i bhfad níos lú ná den úráiniam nó den tóiriam, agus iad níos fadsaolaí ná é.
 
Is é <sup>239</sup>Pu an t-iseatóp a úsáidtear sna buamaí adamhacha, agus é ar an iseatóp is tábhachtaí ó thaobh na teicneolaíochta de. Tá sé ceithre mhíle fichead de bhlianta ar leathré.