An difríocht idir athruithe ar: "Barsoom"

Content deleted Content added
Líne 72:
* ''darseen'' cineál reiptíl a athraíonn a dath de réir na timpeallachta, cosúil le caimileon an Domhain
* ''dator'' prionsa de chuid na nDubh
* ''Gleann Dor'': I gcreideamh na Marsach tugtar le fios gur parthas é an gleann seo agus gurb ansin a rachaidh na daoine i ndiaidh a mbáis. Le fírinne tá an áit níos cosúla le hifreann, agus na ''Therns'' naofa á rialú agus ag glacadh buntáiste ar na daoine bochta a rinne an oilithreacht go Gleann Dor i ndeireadh a saoil.
* ''dwar'' oifigeach san arm, captaen
* ''hekkador'' sagart nó easpag de chuid na ''Therns''
* ''Helium'' an stát is saibhre agus is tábhachtaí ar Mhars. Le fírinne tá trí chathair ann: Helium Mór, Helium Beag agus Hastor. Thairis sin áfach shealbhaigh trúpaí Helium Zodanga i dtús na sraithe, agus chuaigh Helium i seilbh na cathrach.
* ''Jasoom'' an Domhan
* ''jed'' mionrí nó prionsa, agus aon chathair amháin á rialú aige
Line 81 ⟶ 83:
* ''kaldane'' sórt ceann gan cholainn, nach bhfuil ach cosa an damháin alla faoi. Cine ardintleachtúil iad na ''kaldanes'' nach mbíonn mothúcháin mhaoithneacha acu.
* ''kaor!'' Dia duit!
* ''malagor'' éan mór millteanach. Tá na ''malagors'' le fáil i bportaigh mhóra timpeall ar Toonol.
* ''odwar'' oifigeach sách ard san arm, cosúil le coirnéal nó fiú ginearál
* ''padwar'' leifteanant san arm
* ''panthan'' saighdiúir ar tuarastal, siúlóir saighdiúra a bhíonn ag taisteal an phláinéid agus é sásta liostáil in aon arm a ghlacfaidh leis. Is minic a bhíonn John Carter ag tabhairt le fios gur ''panthan'' é féin, le trúpaí an namhad a insíothlú agus le spiaireacht a dhéanamh.
* ''Phundhal'' ceann de chathairstáit Mharsa, agus é ag cur síorchogaidh ar Toonol. Creideann muintir Phundhal i ndia arb ainm dó Tur, agus gach sórt seafóide ag baint leis an gcreideamh sin: is léir go raibh Burroughs ag iarraidh aoir a scríobh faoi bhunúsaithe Críostaí a linne féin i Meiriceá.
* ''Rasoom'' Mearcair
* ''rykor'' colainn gan cheann, agus í beo. Bíonn na ''kaldanes'' ag dul i muinín na ''rykors'' le haghaidh marcaíochta agus á gcothú is á mbeathú mar bheostoc.
Line 92 ⟶ 95:
* ''teedwar'' cineál oifigeach san arm é seo freisin, ach níor thug Burroughs riamh aon mhíniú ar an téarma. Níl sé le fáil ach in aon cheann amháin dá chuid leabhar faoi Barsoom.
* ''than'' gnáthshaighdiúir
* ''Thark'' ceann de na treibheacha uaine ar Mhars, agus an chathair thréigthe a dhéanann gnó na príomhchathrach dóibh ó am go ham.
* ''thoat'' ainmhí marcaíochta, cosúil leis an gcapall
* ''Toonol'' ceann de chathairstáit Mharsa, agus é ag cur síorchogaidh ar Phundhal. Is iad an réasúnachas agus an cinniúnachas an dá chloch is mór i bpaidrín mhuintir Toonol, agus ní chreideann siad i nDia ar bith. Tá Toonol suite in aice le portaigh mhóra.
* ''ulsio'' francach Bharsoom, ainmhí salach dainséarach agus cónaí air sna dorchlaí faoi thalamh
* ''Warhoon'' an treibh a bhfuil muintir Thark ag cur cogaidh uirthi, agus í ag baint úsáid na bunáite as an gcathair thréigthe ar aon ainm leis an treibh
* ''zitidar'' ainmhí mór a úsáidtear le hualaí troma a iompar, cosúil leis an damh.