An difríocht idir athruithe ar: "Barsoom"

Content deleted Content added
Líne 104:
== Reiligiún Bharsoom ==
 
Amach ón gcupla cultas áitiúil, cosúil le cultas Tur in Phundahl, b'ba é reiligiún Issus comhreiligiún na ndaoine dearg is na bhfathach uaine féin ar fud Bharsoom ar fad, go dtí gur nocht [[John Carter (Mars)|John Carter]] do mhuintir an phláinéid go léir nach raibh ann ach cur i gcéill. Roimhe sin féin, áfach, bhí daoine aonair ag diúltú don chreideamh faoi cheilt. Nuair a bhí John Carter ag déanamh ar chathair Kaol, casadh oifigeach de chuid na cathrach sin air, Torkar Bar, a bhí ag coinneáil súile ar an muintir isteach. Ós rud é go raibh ''jeddak'' chathair Kaol, Kulan Tith, an-urramach do reiligiún na ''Therns'' naofa, bhí sé tar éis orduithe a thabhairt do Torkar Bar gan John Carter a fhágáil ina bheo, dá gcasfaí air é. Mar sin féin, ní dhearna Torkar Bar aon iarracht Carter a stopadh, ó bhí sé féin tar éis droim láimhe a thabhairt le reiligiún na ''Therns'' as a stuaim féin:
 
''Is é mo dhualgas tú a mharú, a John Carter, agus ba chóir dom an dualgas sin a chomhlíonadh go ríméadach. I mo chroí istigh, áfach, bhí ardmheas agam riamh ar do ghaisce mar chogaí, agus shíl mé riamh gur fear ionraic a bhí ionat. San am céanna, tháinig amhras orm i leith na'' Therns ''naofa, go dtí gur chaill mé gach urraim dá reiligiún.''
 
D'éiligh Torkar Bar ar Carter, áfach, mionn a mhóidiú nach ndéanfadh sé dochar ar bith do Kulan Tith, ''jeddak'' Kaol, rud a bhí Carter breá sásta a dhéanamh. Nuair a bhíothas ag cur ina leith go raibh sé dírithe ar an ''jeddak'' a mharú, is é an freagra a thug sé go raibh sé tar éis a mhóidiú d'''fhear an-onórach'' nach dtriailfeadh sé a leithéid. An fhearg a bhí ar an ''jeddak'' chuig Carter d'imigh sí sa deireadh, ó bhí meas aige ar ionracas an laoich, agus é sásta dul i gcairdeas agus i gcomhghuaillíocht le Carter.
 
== Na Leabhair ==