An difríocht idir athruithe ar: "Barsoom"

Content deleted Content added
Líne 103:
 
== Reiligiún Bharsoom ==
 
Creideann muintir Mharsa in Issus, dia atá ina chónaí i nGleann Dor, cineál parthas atá suite timpeall ar phol theas an phláinéid. Iad siúd a fhaigheann bás sula bhfuil míle bliain d'aois slánaithe acu, creidtear go dtagann siad chun saoil nua i nGleann Dor. Iad siúd arís a bheidh beo i gcónaí ar an míliú breithlá, caithfidh siad dul ar oilithreacht go Gleann Dor ar Abhainn Iss. Le fírinne níl parthas ar bith ann, nó nuair a bhainfidh na hoilithrigh amach Gleann Dor, déanfaidh na ''Therns'' cimí agus sclábhaithe díobh, mura maróidh siad na daoine bochta scun scan le hiad a ithe. Tá na daoine dubha - na foghlaithe aeir - tar éis an chluain chéanna a imirt ar na ''Therns'', nó creideann na ''Therns'' go bhfuil an neamhbhásmhaireacht agus an saol eile ar fáil dóibh sa chuid inmheánach de theampall Issus sa ghleann. Le fírinne is iad na daoine dubha atá i seilbh na háite sin, agus níl in Issus féin ach seanbhean dhubh.
 
Amach ón gcupla cultas áitiúil, cosúil le cultas Tur in Phundahl, ba é reiligiún Issus comhreiligiún na ndaoine dearg is na bhfathach uaine féin ar fud Bharsoom ar fad, go dtí gur nocht [[John Carter (Mars)|John Carter]] do mhuintir an phláinéid go léir nach raibh ann ach cur i gcéill. Roimhe sin féin, áfach, bhí daoine aonair ag diúltú don chreideamh faoi cheilt. Nuair a bhí John Carter ag déanamh ar chathair Kaol, casadh oifigeach de chuid na cathrach sin air, Torkar Bar, a bhí ag coinneáil súile ar an muintir isteach. Ós rud é go raibh ''jeddak'' chathair Kaol, Kulan Tith, an-urramach do reiligiún na ''Therns'' naofa, bhí sé tar éis orduithe a thabhairt do Torkar Bar gan John Carter a fhágáil ina bheo, dá gcasfaí air é. Mar sin féin, ní dhearna Torkar Bar aon iarracht Carter a stopadh, ó bhí sé féin tar éis droim láimhe a thabhairt le reiligiún na ''Therns'' as a stuaim féin: