An difríocht idir athruithe ar: "Poblacht Weimar"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 64:
 
An cineál taithí a bhí ag na hEorpaigh ar an g[[cogadh]], ní raibh ann ach claontaithí. Ní raibh feicthe ag an Eorpach ach an dóigh a dtéadh díormaí na dtiarnaí gealchraicneacha chun teagmhála leis na sluaite gorma: bhí an laoch geal gléigeal in ann éirleach tubaisteach a dhéanamh orthu le sailbhe amháin meaisínghunna sula raibh d'áiméar acu oiread is ga amháin a chaitheamh ina threo. Mar sin, bhí muintir na hEorpa cleachta ar an gcineál cogadh ina bhféadfadh an tEorpach a namhaid a chloí in áit na mbonn buíochas leis an mbarr armála a bhí aige ar na daoine "primitíbheacha". Níorbh í an fhulaingt gan a dhath dá barr an chéad rud a shamhlódh an tEorpach leis an gcogadh, mar choincheap, ach an bua agus an sult a bhí le baint as na torthaí. B'iad na naimhde, agus b'iad féin amháin, a d'íocfadh deachú an chogaidh agus a d'fhágfaí faoi mhéala i ndiaidh na teagmhála.
[[Íomhá:War Ensign of Germany (1919-19211919–1921).svg|mion|Meirge (1919-1921)]]
Bhí súil, mar sin, le cogadh tobann nach mbeadh i bhfad ag teacht chun réitigh. A mhalairt a thit amach, áfach, nó mar is eol dúinn, chuaigh saighdiúirí an dá thaobh in abar ar an gcathéadan thiar. Mhair siad (an chuid acu - agus ba ghann an chuid iad - nach bhfuair bás) ag lámhach a chéile bliain i ndiaidh bliana, agus i ndeireadh na dála b'iad na Gearmánaigh, [[An Ostair|na hOstaraigh]] agus a gcuid comhghuaillithe ba thúisce a cuireadh thar a n-acmhainn i gcomórtas seo na fadfhuilsteanachta.