An difríocht idir athruithe ar: "Roibeard Emmet"

Content deleted Content added
Líne 5:
[[Íomhá:Robert Emmet--The Irish Patriot.jpg|clé|mion|Boston Herald : Haskell & Allen, c 1872]]
 
== LuathTús Saola Shaoil ==
Saolaíodh Roibeard Emmet ag 109 [[Faiche Stiabhna]], i m[[Baile Átha Cliath]] ar an 4ú Márta 1778. Bhí sé mar an mac is óige ag Dochtúir Roibeard Emmet (1729-1802), lia cúirte, agus a bhean chéile, Elizabeth Mason (1739-1803). Bhí teaghlach Emmet compordach ó thaobh airgead de. Bhí teach acu i bhFaiche Stiabhna agus teach cónaithe faoin tuath acu gar do [[Baile an Mhuilinn (Baile Átha Cliath)|Bhaile an Mhuilinn]]. Ba é an náisiúnach [[Thomas Addis Emmet]] duine de dheartháireacha Roibeaird Emmet. Ba dhlúthchara le [[Theobald Wolfe Tone]] é Thomas agus thugadh Wolfe Tone cuairteanna ar an teach go minic nuair nach raibh Roibeard ach ina pháiste.
 
Líne 11:
 
== Éirí Amach 1803 ==
I ndiaidh dó teacht ar ais go hÉirinn, thosaigh Emmet ag ullmhú [[éirí amach]] nua, lena chomh-[[réabhlóid]]<nowiki/>ithe Angla-Éireannacha, Tomás Ruiséil agus Séamas Hope. Thosaigh sé ag monarú airm agus pléaáingh in áitreabh éagsúla i mBaile Átha Cliath. B'éigean do Emmet dáta an Éirí Amach a thabhairt chun tosaigh sular músclaíodh amhras nn-ana n-údaráis.
 
Ar feadh tamaill, chreid Emmet go raibh a fhios ag na Sasanaigh anois fán éirí amach agus go mbeadh sé ró-mhall fanacht go dtí go dtiocfadh na [[An Fhrainc|Francaigh]]. Shocraigh sé ansin ar an Satharn 23 Iúil 1803 l'aghaidh an éirí amach.<ref>{{Lua idirlín|url=https://republican-news.org/archive/2003/January16/16gaei.html|teideal=AN PHOBLACHT/REPUBLICAN NEWS|work=republican-news.org|dátarochtana=2019-07-23}}</ref> Cé gur thángthas ar an réiteach seo tobann go leor, tugadh le fios d'Emmet go mbeadh éirithe amach ar fud na tíre dá dtiocfadh muintir [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] amach. Scaipeadh an focal teacht le chéile idir 6.00 agus 9.00 i.n. ar an lá.
 
Ní raibh Emmet in ann cabhair a fháil ó reibiliúnaigh i gCill Mhantáin (le Michael Dwyer). Chas go leor reibiliúnach ó Chill Dara ar ais mar gheall ar ghanntanas arm tine, ach chuaigh an tÉirí Amach ar aghaidh i mBaile Átha Cliath um thráthnóna ar an 23 Iúil 1803. Cuireadh thart ar 10,000 cóip d'fhorógra in ainm an "Rialtas Sealadach" i gcló, rud a chuaigh i bhfeidhm ar Fhorógra na Poblachta i 1916; scrios na húdaráis formhór na cóipeanna.