no edit summary
Content deleted Content added
mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Portrait of John Knox (4671577).jpg|deas|250px|thumb|Iain Knox]]
Bhí Iain Knox (c. 1513 - 24 Samhain 1572) ina [[Ministrí agus seanóirí d'[[Eaglais na hAlban|mhinistir]] Albanach, ina [[Diagacht Chríostaí|dhiagaire]], agus ina [[scríbhneoir]] agus b'eisean a bhí ina cheannaire ar [[An Reifirméisean Albanach|Reifirméisean]] na tíre sin. Bhunaigh sé [[Eaglais na hAlban]].
Creidtear gur rugadh Knox i nGiffordgate, [[Baile Adainn]], [[Labhaidh Thoir]], agus gur cuireadh oideachas air in [[Ollscoil Chill Rímhinn]] agus gur oibrigh sé mar nótaire-sagart. Bhí tionchar mór ag na luath-leasaitheoirí ar nós [[George Wishart]] air, agus chuaigh sé isteach sa ghluaiseacht chun athchóiriú a dhéanamh ar eaglais na hAlban. Bhí sé gafa sna himeachtaí eaglasta agus polaitiúla a bhain le dúnmharú an chairdinéil [[David Beaton]] sa bhliain 1546 agus le hidirghabháil an leasrí [[Marie de Guise]]. Rinne fórsaí na Fraincean príosúnach de an bhliain dár gcionn agus d'imigh sé go Sasana nuair a scaoileadh é sa bhliain 1549.
Agus é ar deoraíocht, bhí cead ag Knox obair a dhéanamh in Eaglais Shasana, áit ar bhain se ardú céime amach mar shéiplíneach ríoga d'[[Éadbhard VI Shasan]]. D'imir sé tionchar nach beag agus é ag moladh na n-athchóirithe ar théacs an leabhair, [[Leabhar na hUrnaí Coitinne]]. I Sasana, bhuail sé agus phós sé a chéad bhean, Margery Bowes. Nuair a chuaigh [[Máire I Shasana|Máire I]] i mbun ríchathaoir Shasana agus agus nuair a athbhunaíodh an Caitliceachas Rómhánach i Sasana agus in Éirinn , b'éigean do Knox éirí as a phost agus an tír a fhágáil. Bhog Knox go dtí an Ghinéiv agus ansin go Frankfurt. Sa Ghinéiv, bhuail sé le Jehan (nó i nGaeilge 'Eoin') Cauvin, óna bhfuair sé taithí agus eolas ar an [[Cailvíneachas|Dhiagacht Leasaithe]] agus ar an [[Córas Preispitéireach Siondálach|Chóras Preispitéireach Siondálach]]. Chruthaigh sé ord nua seirbhíse, ar glacadh leis ag an eaglais leasaithe in Albain sa deireadh. D'fhág sé an Ghinéiv chun dul i gceannas ar eaglais na [[Deoraithe Muire|nDeoraithe Sasanach]] i bhFrankfurt, ach b'éigean dó imeacht toisc na difríochtaí a bhain leis an liotúirge, rud a chuir deireadh lena chomhcheangal le hEaglais Shasana.
Nuair a d'fhill sé ar Albain, bhí Knox i gceannas ar an Reifirméisean Protastúnach in Albain, i gcomhpháirtíocht le huaisle Protastúnacha na hAlban. Is féidir breathnú ar an ngluaiseacht mar réabhlóid, ós rud é go raibh Marie de Guise ag stiúradh na tíre, a rialaigh an tír in ainm a hiníne, [[Máire I, Banríon na nAlbanach|Máire I]].
Chabhraigh Knox leis [[An Dearbhú Albanach]] a scríobh agus leis an ord eaglasta don eaglais nua-athchóirithe, an Kirk. Lean sé ag fónamh mar cheannaire reiligiúnach na bProtastúnach i rith réimeas Mhuire. I roinnt agallamh leis an mBanríon, cháin Knox í uirthi toisc go raibh sí ag tacú le cleachtais Chaitliceacha.
Nuair a cuireadh i bpríosún í mar gheall ar a ról líomhnaithe i ndúnmharú a fear céile, an Tiarna Eanraig Stiúbhairt, Morair Darnley, agus cuireadh [[Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire|Séamas VI]], cuireadh ina háit mar Rí na hAlbaní, agus d’iarr Knox go gcuirtear í chun báis. Lean sé air ag seanmóireacht go dtí a laethanta deiridh.
{{síol}}
{{DEFAULTSORT:Knox, John}}
|