An difríocht idir athruithe ar: "An Araibis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
 
== Na Teangacha Séimíteacha ==
[[Teangacha Seimíteacha|Teanga Sheimíteach]] í an Araibis, rud a fhágann go bhfuil an dúrud gaolta aici i measc teangacha ársa tábhachtacha [[an Mheán Oirthir]]. Is iad na teangacha Seimíteacha ná: an [[Acáidis]]. Tá an Acáidis ar ceann de na teangacha is sine a bhfuil eolas againn orthu. Sa Mheasapótaim—in [[An Iaráic|Iaráic]] an lae inniu—a labhraítí í, ach níorbh í féin an teanga is sine a bhí á saothrú ansin. Is amhlaidh gur tháinig sí i leaba na [[Súiméiris]]e, an tseanteanga Mheasapótamach nach raibh aon teanga eile gaolmhar léi, go bhfios dúinn. B'í aibítir na litreach [[dingchruthach]]—"cuneiform" mar a thugann lucht labhartha an Bhéarla uirthi—a d'úsáidtí leis na teangacha seo, eadar [[Acáidis]] agus [[Suiméiris]], a bhreacadh síos—nó a ghreanadh síos, le bheith beacht.
 
- an [[Acáidis]]. Tá an Acáidis ar ceann de na teangacha is sine a bhfuil eolas againn orthu. Sa Mheasapótaim - in [[An Iaráic|Iaráic]] an lae inniu - a labhraítí í, ach níorbh í féin an teanga is sine a bhí á saothrú ansin. Is amhlaidh gur tháinig sí i leaba na [[Súiméiris]]e, an tseanteanga Mheasapótamach nach raibh aon teanga eile gaolmhar léi, go bhfios dúinn. B'í aibítir na litreach [[dingchruthach]] - "cuneiform" mar a thugann lucht labhartha an Bhéarla uirthi - a d'úsáidtí leis na teangacha seo, eadar [[Acáidis]] agus [[Suiméiris]], a bhreacadh síos - nó a ghreanadh síos, le bheith beacht.
 
Faoin mbliain 2000 roimh bhreith Chríost a thosaigh an Acáidis ag titim as a chéile, agus gach canúint ag dul a bealach féin. B'iad an [[Aisiris]] agus an Nua-Bháibileoinis an dá chanúint ba tábhachtaí acu seo, ach má bhí féin, chuaigh an chéad cheann acu in éag faoin am a rugadh Críost. Ní léir go fóill cad é an gaol a bhí acu seo le dhá sheanteanga eile ar baisteadh Éablaítis agus Úgairitis orthu. Tá scríbhinní sa chéad teanga le fáil i dTeill Máirdít (Ebla) faoi thrí scór ciliméadar ó dheas d'Aileapó, agus iarsmaí an dara ceann faighte amach ag lucht na seandálaíochta i Rais Seamra (Ugarit) láimh le Lataicia.
 
Tá muid níos eolaí ar chinniúint na dteangacha Séimíteacha Iar-Thuaisceartacha, mar atá, an [[An Aramais|Aramais]] agus an [[An Eabhrais|Eabhrais]] thar aon cheann eile. Dealraíonn sé go dtéann na teangacha seo siar go dtí an Amóirítis, teanga nach bhfuil mórán fágtha di thar na hainmneacha pearsanta i gcartlanna Acáideacha. Bhí an Aramais an-difriúil leis [[an Eabhrais]] cheana nuair a breacadh an dá theanga síos an chéad uair riamh, ach tá aon dlúthghaol amháin, ar a laghad, ag an Eabhrais - Eabhrais—[[an Fhéinícis]]. Cuid de na canúintí Féiníceacha, tá siad cosúil leis an Eabhrais agus nach féidir a rá cé acu den dá theanga seo atá i gceist dáiríribh.
 
Ó thaobh an chultúir de, is í an Eabhrais an ceann is tábhachtaí de na teangacha seo. Baineann Eabhrais an Bhíobla leis na blianta 1200-200 roimh bhreith Chríost, ach tá an teanga bheo ar fáil ina lán cáipéisí ó na blianta ina dhiaidh sin freisin - go háirithe sa [[Talmúd]]. Bailiúchán de litríocht saíochta, fealsúnachta agus teagaisc is ea an Talmud. Chuaigh an Eabhrais in éag mar theanga labhartha faoin am a rugadh Críost, agus an Aramais á leitheadú mar a bheadh loscadh sléibhe ann. Ar ndóighe, níor éirigh lucht léinn an Ghiúdachais riamh as a seanteanga a shaothrú sna scríbhinní; agus san fhichiú haois thosaigh na [[Siónachas|Siónaigh]] ag labhairt Eabhrais lena gclann leis an teanga a athbheochan mar ghnáthurlabhra phobail.
[[Íomhá:Flag of the Arabic language.svg|mion|Bratach]]
Maidir leis an Aramais, tá sí ar fáil i bhfoirm scríofa ón mílaois dheireanach roimh bhreith Chríost ar aghaidh. Nuair a d'éirigh sí ina gnáth-theanga ar fud an Mheán-Oirthir, scoilt sí ina dhá leath, an ceann iartharach - Aramaisiartharach—Aramais na Palaistíne, an Nabaitéis agus an Phailmíris - agusPhailmíris—agus an ceann oirthearach, as ar fáisceadh na canúintí Nua-Aramaise a mhaireann inniu féin i mbéal dreamanna beaga de Chríostaithe anseo is ansiúd ar fud an Mheán Oirthir.
 
Na teangacha atá fágtha anois, is iad na gaolta is dlúithe dá bhfuil ag an Araibis - sinAraibis—sin le rá, teangacha Séimíteacha an Iar-Dheiscirt. Is é sin, más fíor gurb iad na gaolta is dlúithe iad. Nó níl lucht an tsaineolais ar aon fhocal go fóill faoin gcineál muintearais nó baint atá ag na teangacha Seimíteacha le chéile.
[[Íomhá:Arabic language.jpg|clé|mion]]
Maidir le teangacha Seimíteacha an Iar-Dheiscirt, mar a thugtar orthu go traidisiúnta, is iad an Araibis Thuaidh, an Araibis Theas, agus an Amáiris iad. Is gá a chuimhneamh gurb ionann an "Araibis" mar a thuigimid inniu é agus an Araibis Thuaidh. Teanga is ea an Araibis Theas nach bhfuil róchosúil leis an Araibis Thuaidh ná intuigthe ag cainteoirí na teanga eile. D'fhág an teanga seo a lorg ar an gcineál Araibis Thuaidh a labhraítear san [[An Ómáin|Ómáin]] agus san [[An Éiméin|Éiméin]]. Thairis sin, ámh, maireann canúintí de chuid na hAraibise Theas in áiteanna iargúlta go fóill, ar nós Oileán Soqotra. Ní gnách na canúintí seo a chur ar pár, áfach. Deacair is uile mar atá an teanga acu, is í an Araibis Thuaidh a bhíonn á saothrú ag lucht a labhartha, an chuid acu a bhfuil scríobh nó léamh aon teanga acu.
Line 30 ⟶ 28:
Nuair a chuaigh daoine de lucht labhartha na hAraibise Theas a chónaí san [[An Aetóip|Aetóip]] fadó, chuir siad tús le forbairt na Sean-Amairise (ná tóg in ainriocht na hAramaise í, ní hionann an dá theanga!) nó an teanga [[Ge'ez]], a úsáidtear i gcónaí mar theanga naofa in Eaglais na nOrtadocsach Cóipteach san Aetóip. Thairis sin, saothraítear an Nua-Amairis mar theanga scríofa inniu, in éineacht le cúpla canúint nó teanga eile a d'eascair ón tsean-Amairis fosta. Is í an Tigrinis an ceann is tábhachtaí acu seo, nó is í teanga oifigiúil na h[[An Éaraitré|Éaraitré]] í.
 
Cuid de na saineolaithe, áfach, - an scoláire [[Iosrael]]ach [[Roibeard Hetzron]] thar aon duine eile - táeile—tá siad inbharúla nach bhfuil ag an [[Araibis Thuaidh]] ach lúb bheag ghaoil leis an Araibis Theas agus na [[teangacha Amaracha]] san [[Aetóip]]. Síleann an scoil seo go bhfuil an Araibis sa ghrúpa céanna leis an Eabhrais agus an Aramais.
 
== Trí Theanga Ghaolmhara in Aon Chorcán le Chéile ==
Line 36 ⟶ 34:
Cibé faoi sin, tá lucht an tsaineolais féin ag dul in éadóchas ag iarraidh crann ceart ginealais a líniú do na teangacha Seimíteacha. Nó tá na teangacha seo i ndiaidh an-lorg a fhágáil ar a chéile.
 
Mar shampla, cuid mhór den Aramais atá ar caomhnú, is Aramais le scríbhneoirí Giúdacha í a bhí go mór faoi thionchar na hEabhraise. Ansin, is í an bharúil atá ag na scoláirí taobh amuigh den domhan Ioslamach go bhfuil Araibis [[an Córan|an Chórain]] breac le hiasachtaí Aramaise, toisc go bhfuil baint ag an gCóran féin le traidisiún na gCríostaithe is na n[[Giúdachas|Giúdach]]. B'í an Aramais [[francbhéarla]] (lingua franca) an traidisiúin seo sa Mheán-Oirthear, agus na téarmaí ab fhearr le fáil inti chun cur síos a thabhairt ar na coincheapa reiligiúnach. (Isis gá a phointeáil amach nach bhfuil na scoláirí Ioslamacha róshásta leis an teoiric seo, nó níl sé ag teacht go rómhaith leis an ráiteas sa Chóran a deir gur ''Córan Araibise a rinne Muid'' [=Dia] ''de, i gcruth is go dtuigfeadh sibh é''.).
 
Thairis sin, nuair a shocraigh na sluaite móra de Ghiúdaigh síos i dtíortha Ioslamacha le teacht slán ó na géarleanúintí barbartha a bhí ar cois ag na Críostaithe, is léir gur fhág sin faoi thionchar na hAraibise iad, agus iad ag forbairt na hEabhraise mar theanga léannta. Agus arís, an cineál Aramaise a labhraítear sa Mheán-Oirthear inniu, tá sí á saothrú ag daoiní a bhfuil cónaí orthu i dtíortha Arabacha, daoine a chaithfeas Araibis a tharraingt orthu agus iad ag caint le lucht údaráis an stáit. Fágann an Araibis a lorg ar chaint bheo na hAramaise inniu, mar sin, agus an dá theanga chomh dlúth sin i dteagmháil le chéile. An tSean-Aramais a chleachtaíodh lucht léinn an Ghiúdachais i gcuid de na scríbhinní naofa Giúdacha, is léir gur "Aramais Ghiúdach" atá ann, Aramais a cuireadh in oiriúint do riachtanaisí téarmaíochta an Ghiúdachais - agusGhiúdachais—agus an Eabhrais ag soláthar na téarmaíochta, nó múnlaí a húsáide, ar a laghad.
 
Is é an tátal is féidir a bhaint as an méid seo nach bhfuil fáil ar Araibis ar bith ach an Araibis ar imir an Eabhrais agus an Aramais a dtionchar uirthi. Is é an cineál Eabhrais a chleachtaítear inniu an Eabhrais ar imir an Aramais agus an Araibis a dtionchar uirthi. An Aramais atá ann, forbraíodh faoi thionchar an dá theanga eile í fosta. Mar sin, ní féidir le haon duine a thuilleadh aon bhreithiúnas róchruinn a thabhairt ar an dóigh a raibh na teangacha seo gaolmhar le chéile sular tháinig siad i síor-dhlúth-theagmháil le chéile.
Line 47 ⟶ 45:
Cibé faoin ngaol atá ag an Araibis leis na teangacha Seimíteacha eile, tá muid sách eolach ar an Araibis féin. Rinneadh an chéad trácht ar na hArabaigh riamh in annalacha na hAisíre ocht gcéad go leith de bhlianta roimh bhreith Chríost. Rinne an Rí Salmanassar a Trí tagairt don chath a chuir sé ar ghinearál arbh ainm dó ''Gindibu'', agus é ina thaoiseach ar an treibh úd ''Arbi''. Is féidir, áfach, nach raibh de chiall leis an fhocal áirithe seo ar dtús ach "fánaí", duine den lucht fáin a bhí ag dul thart timpeall ar fud Leithinis na hAraibe. Fánaithe ab ea na hArabaigh ceart go leor, go dtí gur cumadh cineál nua diallaite a chuir ar a gcumas marcaíocht cheart a dhéanamh, in áit na seansrathrach nach dtiocfadh ach earraí a luchtú uirthi. Chuir an diallait an-luas leis an bhfánaíocht, i gcruth is gur tháinig treibheacha éagsúla le chéile, rud a chuidigh leo focail is foirmeacha a ghlacadh isteach ó chanúintí eile agus cineál caighdeán nó comh-chanúint a chruthú ina measc féin. Deirtear gur ''beidiúnaíodh'' cultúr agus teanga na nArabach, agus as an mbeidiúnú seo a fáisceadh an Araibis mar theanga chlasaiceach nó réamhchlasaiceach.
 
Tá focail agus ainmneacha Araibise le fáil in áiteanna éagsúla roimh lá Mhuhamad in inscríbhinní - cuidinscríbhinní—cuid acu, tá siad scríofa le litreacha na hAraibise Theas; an chuid eile acu, Aramais atá iontu, diomaite de na hainmneacha pearsanta a bhaineann leis an Araibis.
[[Íomhá:WP countries and versions Arabia.pdf|clé|mion|299x299px]]
B'é an Córan a chuir bun leis an litríocht Araibise agus le caighdeán na hAraibise Clasaicí. Ar chúiseanna na diagachta féin, is gnách a shíleadh go raibh an Fáidh dall ar scríbhneoireacht is aibítir ar bith. Ar a laghad, bhí páirt thábhachtach ag an ghlanmheabhraíocht i bhforbairt an Chórain. I ndiaidh bhás Mhuhamad, áfach, tháinig an-deifir ar lucht a leanúna a chuid aislingí a chur i míotar, agus mar sin, bhreac siad síos an Córan agud chuir siad in eagar é mar leabhar ceart. An aibítir a bhí in úsáid ag na hArabaigh san am sin, ba leagan iodálaí den aibítir Fhéiníceach í, agus cuid de na litreacha ag éirí chomh cosúil le chéile is nach raibh san fhocal scríofa go bunúsach ach seort crann taca don ghlanmheabhraíocht. Ó bhí páirt iontach lárnach ag an gCóran ins an reiligiún - nóreiligiún—nó is é foirceadal an Ioslaim gurb é focal Dé gan truailliú é - theastaighé—theastaigh ceartlitriú níos cruinne ó na Muslamaigh, agus faitíos orthu go gcuirfeadh an drochscríbhneoireacht briathar Dé as a riocht. Mar sin, cuireadh poncanna breise le litreacha áirithe chun fuaimeanna éagsúla a choinneáil scartha ó chéile. Dealraíonn sé gurb ó aibítir Shíreach na hAramaise a fuarthas na poncanna seo.
 
Ina dhiaidh sin féin, níor ghnách na gutaí a scríobh amach ar aon dóigh ar leith. B'é an gramadóir Abú 'l-Asbhad al Du'áilí a chuir an chéad sonrú i dtábhacht na ngutaí i gcaighdeánú na hAraibise sa tseachtú haois, ach b'é al-Hailíl ibn Achmad sa chéad aois eile a chum na comharthaí a sheasann do na gutaí i scríbhneoireacht Araibise an lae inniu.
Line 73 ⟶ 71:
Is léir go raibh an Córan an-tábhachtach mar fhoinse is mar dhíol aithrise i bhforbairt na stíle liteartha, ach thairis sin, bhí na luathghramadóirí is na haistritheoirí go mór i dtuilleamaí iarsmaí na filíochta réamh-Ioslamaí agus iad ag iarraidh a fháil amach cad é ba dea-Araibis ann. Bhí taoisigh Arabacha go minic i muinín scríobhaithe Síreacha nó Peirseacha, agus is féidir go raibh tionchar éigin ag a stíl siúd ar stíl na hAraibise.
 
Scéal ar leith é an tionchar a bhí ag an Ghréigis ar fhorbairt na hAraibise liteartha. Na chéad iarrachtaí a tugadh ar shaothair fhealsúnachta a aistriú ón Ghréigis, b'uafásach an raiméis ab ea iad, nó bhí lorg na bunteanga chomh láidir orthu nach dtiocfadh le haon Arabach bun ná barr a dhéanamh díofa. De réir a chéile, áfach, fuair na hArabaigh blas ar obair an aistritheora. Thar aon duine eile, b'é Hunaighea ibn Íosthác, a mhair sa naoú haois, ardmháistir na ceirde, nó bhí stíl an-dúchasach ins achan líne dá dtigeadh óna pheann - nóphean—nó sin é an dearcadh traidisiúnta. I ndiaidh an iomláin, tá lucht an tsaineolais den bharúil inniu go bhfuil aithne éigin Gréigise ar an úsáid chasta dheacair a bhaineanns mo dhuine as na rangabhálacha - úsáidrangabhálacha—úsáid nach bhfuil ag teacht le comhréir na hAraibise is glaine, is nádúrtha. Mar sin, is féidir glacadh leis go raibh tionchar ínteacht ag an Ghréigis ar an dóigh ar fhorbair stíl na heolaíochta, agus an dúrud de leabhartha Gréigise a haistríodh go hAraibis.
 
== An Mheán-Araibis: an litríocht is na canúintí ==
Line 79 ⟶ 77:
=== An [[Débhéascna]] ===
 
Caithfidh muid cuimhne a choinneáil air nár rugadh an duine go fóill a chleachtfadh caighdeán clasaiceach na hAraibise ina ghnáthchaint. Is é sin, tá an staid ar a dtugtar ''débhéascna'' i bhfeidhm ar fud dhomhan na hAraibise. Is é is brí le débheascna ná go bhfuil réimsí áirithe an tsaoil chultúrtha - anchultúrtha—an litríocht, cuir i gcás - aggcás—ag baint úsáide as ''leagan ard'' na teanga, agus an gnáthshaol ag roghnú an ''leagain ísil''. Ní hionann seo agus an ghnáth-dhifríocht idir teanga na ndaoine galánta agus teanga na cosmhuintire. Nuair atá an débheascna i gceist, ní rithfeadh leis na daoine uaisle féin an leagan ard a úsáid ina ngnáth-chumarsáid laethúil. Thairis sin, tá an leagan ard chomh difriúil leis an ngnáthchaint agus nach dtiocfadh le haon duine é a labhairt go spontáineach. Is amhlaidh gur socraíodh caighdeán na hAraibise sa séú agus sa seachtú haois - roimhhaois—roimh chaighdeánú na sean-Ghaeilge féin. Mar sin, ní aibhéil a rá gur dhá theanga an-éagsúla iad an Araibis chaighdeánta agus gach ceann de na canúintí labhartha.
 
Bhí dímheas ag na hArabaigh riamh ar an té nach gcloífeadh leis an gcaighdeán ina chuid scríbhinní, ó tháinig an caighdeán anuas ó Dhia féin leis an gCóran Beannaithe. Ina dhiaidh sin féin, tá teacht ar go leor litríochta nach bhfuil ag cloí leis an gcaighdeán. "Meán-Araibis" a thugann na saineolaithe ar an gcineál teanga atá ann. Is é is Meán-Araibis ann ná Araibis atá truaillithe ag an gcanúint labhartha, nó Araibis atá curtha ó mhaith ag an bh[[forcheartú]]. Is é an rud atá i gceist le forcheartú ná iarrachtaí ró-dhíocasacha an scríbhneora neamhchleachtaigh foirmeacha na gnáthchainte a sheachaint, ionas go mbreacann sé síos foirmeacha bacacha nach bhfuil le fáil sa chanúint ná sa teanga chaighdeánta.
Line 97 ⟶ 95:
== Canúintí na hAraibise ==
 
Roinntear canúintí na hAraibise ina gcúig phríomhghrúpa: canúintí na Leathinise Arabaí; canúintí na Measapotaime (na h[[An Iaráic|Iaráice]]); canúintí na Siria stairiúla, .i. an chuid is mó den tSiria, den Liobáin, den Iordán agus de Phalaistín an lae inniu; canúintí na h[[An Éigipt|Éigipte]]; agus na canúintí a labhraítear i dtíortha Thuaisceart na hAifrice siar ón Éigipt - Éigipt—''al-Maghreb'' a bheir lucht na hAraibise ar na tíortha seo. Bíonn difríochtaí sóisialta agus áitiúla le cluineadh laistigh de na canúintí réigiúnacha, agus go hiondúil bíonn stádas sóisialta níos airde ag baint le canúintí na gcathrach ná mar a bhíonn le canúintí na tuaithe. Thar aon rud eile, bíonn canúintí na m[[Beidiúnach]] (fánaithe na bhfásach) sách difriúil leis an gcineál Araibise a chluinfeá ó mhuintir na gcathrach sna bólaí céanna (na canúintí cónaitheacha nó na ''sedentary dialects'' mar a deir an Béarlóir). Go háirithe, bíonn na canúintí Beidiúnacha níos seanársa, agus iad ag caomhnú tréithre a chuaigh in éag i gcaint na gcathrach. Tá teacht ar chathracha i ndomhan na hAraibise fosta ina bhfuil canúint Bheidiúnach á labhairt, ach bíonn míniú stairiúil ann ar a leithéid seo. Am éigin fadó tháinig sluaite móra ón tuath - nó ón bhfásach - timpeall na háite le cur fúthu ansin, i gcruth is go bhfuair a gcuid cainte lámh in uachtar ar Araibis thraidisiúnta an bhaile mhóir. Cleachtaíonn na Beidiúnaigh filíocht bhéil na sean-Arabach i gcónaí, rud a chuidigh leo an blas ársa a choinneáil beo ar a dteanga.
 
=== An Mháltais agus Araibis na Cipre ===
Line 103 ⟶ 101:
Cás ar leith iad na canúintí a labhraítear i [[Málta]] agus sa [[An Chipir|Chipir]].
 
Nuair a d'fhorghabh na Normannaigh Málta, chuaigh an Araibis Chlasaiceach i léig san oileán, agus na Muslamaigh a bhí ina gcónaí ansin, murar maraíodh iad, cuireadh d'fhiachaibh orthu iompú chun Críostaíochta. Ós rud é gurbh ionann an Araibis Chlasaiceach agus Araibis an Chórain, ní fhéadfá í a shaothrú mar theanga chultúrtha a thuilleadh, agus tú ag iarraidh gothaí an dea-Chríostaí a chur ort féin. Déanta na fírinne, is iomaí Máltach nach n-admhaíonn sa lá atá inniu ann gur canúint Araibise atá á labhairt aige: is fearr leis a áitiú air féin gur sean-[[Féinícis|Fhéinícis]] - teanga—teanga Sheimíteach atá níos cosúla leis an Eabhrais ná an Araibis, mar a chonaic muid thuas - athuas—a bhí ag a shinsir ar tús, agus nach raibh ag an Araibis ach tionchar láidir ar an teanga seo. Ní ghéilleann lucht na teangeolaíochta don chineál seo cainte, áfach. Is léir go raibh Féinícis ag muintir an oileáin ó thús, agus gur chuidigh an teanga ghaolmhar seo leo a gcuid féin a dhéanamh den Araibis nuair a tháinig orthu - achorthu—ach sin a raibh ann.
 
Ní raibh sa [[An Mháltais|Mháltais]] go ceann i bhfad ach canúint labhartha, agus í á forbairt ina treo féin beag beann ar dhomhan mór na hAraibise. Fuair sí na mílte focal ar iasacht ón [[An Iodáilis|Iodáilis]], agus nuair a tháinig [[An Ríocht Aontaithe|na Sasanaigh]] i seilbh an oileáin, thosaigh na focail Bhéarla ag sileadh isteach.
Line 121 ⟶ 119:
An chuid den fhilíocht seo atá ar fáil inniu, b'iad fir léinn na hochtú haoise a chuir ar pár an chéad uair í ó bhéal na ndaoine. Ar ndóigh, d'fhág blianta fada na béalaithrise a sliocht ar na dánta. Is dócha go raibh traidisiún na reacaireachta réamh-Ioslamaí ag meath cheana féin nuair a chuaigh na bailitheoirí i mbun pinn, agus gan dabht bhí na reacairí féin ag déanamh cinsireacht ar na blúiríní deireanacha Págántachta a bhí le haithint ar na dánta seo.
 
Tá amhras curtha sna díolamaí filíochta réamh-Ioslamaí ag fear chomh clúiteach le Taha Husain - duineHusain—duine de na daoine is mó tábhachta i stair intleachtúil na hAraibise is na hÉigipte lenár linn - aguslinn—agus é inbharúla nach bhfuil iontu ach cumadóireacht bhrionnaithe de chuid na mbailitheoirí féin. Ach níl an chuid is mó de na taighdeoirí sna tíortha Arabacha ná san Iarthar inniu ar aon tuairim le mo dhuine.
 
==== Qasida ====
 
Is é an ''qasida'' an ghné liteartha is tábhachtaí i bhfilíocht réamh-Ioslamach na nArabach. Tá an rím chéanna ag dul ó thús go deireadh an dáin, nó ní bhíonn ceathrúna i ndánta traidisiúnta Araibise. Bíonn na véarsaí féin sách fada. Is é an ''nasib'' is tús don ''qasida'': cuimhní cinn ar iar-ghrá geal an fhile atá ann. Ina dhiaidh sin tugtar cur síos ar an turas agus ar an gcamall a iompraíonn an file ar shiúl óna ghrá geal, go dtí go mbaintear amach an tríú cuid den ''qasida'': ansin, cuireann an file síos ar an bhfíorchuspóir atá leis an dán. B'fhéidir go bhfuil an file ag déanamh leithscéil, ag moladh a urraí nó ag saighdeadh a mhuintire chun cogaidh; ach is é an rud is aistí le léitheoir an lae inniu go gcaithfidh an chéad dá chuid - anchuid—an chuid anghrách agus an cur síos ar an turas camaill - acamaill—a bheith ann beag beann ar cad é is ábhar don chuid dheireanach. Ar ndóighe, bhí na filí ab fhearr in ann mórshaothair ealaíne iontu féin a dhéanamh de na codanna coinbhinsiúnta seo. Ón taoibh eile de, nuair a bhí na filí ag súil le pá fhlúirseach airgid óna n-urraithe, ní bhacfaidís mórán leis an gcuid anghrách ná leis an turas camaill, agus iad ag baint gach fad is gach fairsinge as an tríú cuid, ag moladh fear íoctha an dáin.
 
==== An Córan ====
Line 133 ⟶ 131:
==== Forbairt na Filíochta san Ioslam ====
 
Bhí an fhilíocht sách mall ag athrú i ndiaidh theacht an Ioslaim féin. Dealraíonn sé gur fhan an-sracadh i móitífeanna a bhí bun os cionn le hoidim agus le foirceadal an chreidimh úir i bhfad i ndiaidh a bhunaithe, beag beann ar an dímheas a bhí ar na filí - filí—"an aicme sin ar shlí Ifrinn" - ag—ag na fir naofa. Thairis sin, cuid de na treibheacha a chuaigh i gcomhghuaillíocht le Muhamad ar tús, níor thuig siad ach de réir a chéile cad é a bhí i gceist leis an reiligiún nua: shíl siad i dtús báire nach raibh ann ach conradh polaitiúil.
 
Nuair a ghabh na saighdiúirí Arabacha an Pheirs, an tseanríocht ardsibhialta, tháinig an-tionchar ón taobh sin ar litríocht agus ar fhilíocht na nArabach. Ar ndóigh, nuair a bhí Arabaigh ag cur fúthu sna cathracha, ag socrú síos le só na Peirse is ag éirí as seansuáilcí Spartacha an Bheidiúnachais, tháinig gá acu le filíocht nua nach mbeadh chomh mór sin i dtuilleamaí na gcamall le haghaidh meafair, samhlaoidí agus ábhar filíochta. Agus nuair a thosaigh an seicteachas Ioslamach ag teacht ar an bhfód leis an gCaraideachas nó leis an luath-Shítheachas, chrom fir a raibh féith na filíochta iontu ar dhánta bolscaireachta a chumadh le mairtírigh na seicte a mhóradh.
Line 149 ⟶ 147:
De réir a chéile, meascadh an dá ghné trí chéile, i gcruth is gur fáisceadh dán grá de chineál úr astu - filíocht atá níos cosúla leis na hamhráin a chluinfeá ó thrúbadóirí na hEorpa sna meánaoiseanna. Déanta na fírinne, creidtear go raibh tionchar éigin ag filíocht na nArabach ar an trúbadóireacht san Eoraip.
 
Nuair a tháinig Clann Abbáis - nóAbbáis—nó na hAbásaidigh - ihAbásaidigh—i seilbh na cailifeachta, bhí malairt cuma ar an bhfilíocht ghrá cheana. Bhí filíocht gháirsiúil á saothrú ag filí áirithe, ach is léir nach raibh aon ghlacadh oscailte ag an saol mór lena leithéid i sochaí an Ioslaim. B'í an fhilíocht [[homaighnéasachas|homaighnéasach]] a tháinig chun tosaigh i dtréimhse na nAbásaideach. B'iad coinbhinsiúin agus comhghnása na filíochta Peirsí ba bhunsiocair leis seo; ach i mbreis ar an tionchar sin, dá n-úsáidfeá fíorainm mná i ndán anghrách, is féidir go sílfeadh athair cailín éigin ar comhainm le cailín an dáin, - go sílfeadh sé gur ag maslú a iníne-sean nó ag cur mígheanmnaíocht ina leith-se a bheifeá. Mar sin, bhí sé ní ba sábháilte cloí leis an ngrá homaighnéasach mar ghnás liteartha, beag beann ar an chineál craicinn ab fhearr leis an bhfile ina shaol phríobháideach féin. Dealraíonn sé, áfach, go raibh Abú Nubhás, máistir an chineál seo filíochta, - go raibh sé féin ina fhéileacán dháiríre.
 
Cuid den fhilíocht ghrá a scríobhadh i dtús ré na nAbásaideach, ní fíordhánta grá a bhí iontu ach dánta diaga misticiúla a bhí ag tabhairt cur síos ar an tsirtheoireacht reiligiúnach, ar an dóigh a raibh an Muslamach fíréanta ag iarraidh a bhealach a dhéanamh a fhad le Dia. Fuair go leor filí misticiúla an oiread sin múnlaí is gnása ar iasacht ó na dánta grá is go gcaithfidh tú saineolas éigin a tharraingt ort leis an gciall reiligiúnda a bhaint as an sórt seo filíochta. (Marmar sin féin, tá an chiall sin ann., Bhíodhbhíodh an tAyatollah Khomeiní féin - anféin—an fear céanna a theilg Salman Rushdie chun báis - agbáis—ag scríobh filíocht faoi "aoibhneas an fhíona sa tábhairne", nach n-aithneofá aon tseach-chiall dhiaganta uirthi - gouirthi—go dtí go gcluinfeá cé a chum an dán...).
 
Fán am seo, i dtús na naoú haoise, a thosaigh na náisiúin neamh-Arabacha sa Chailifeacht ag éileamh a gcirt i saol an chultúir. "Siúbachas" nó ''shu'ubiyya'' a thugtar ar an ngluaiseacht seo, agus b'iad na Peirsigh a bhí chun tosaigh i measc lucht an tSiúbachais, mar ba dual dóibh. Sean-náisiún ardchultúrtha is ea na Peirsigh, ar ndóighe, agus siúd is go raibh siad ina ngéillsinigh ag na hArabaigh Mhuslamacha anois, níorbh ionann é is a rá gur lig siad a seanchultúr (ná a dteanga, nach bhfuil gaol ar bith aici leis an Araibis) i ndearmad i ndiaidh dóibh iompú i leith an Ioslaim. B'é Abú Nubhás, a ndearna muid trácht air cheana féin, an file ba mhó a d'eascair as ithir an tSiúbachais. Chuir a chuid scigaithrise deireadh leis an mBeidiúnachas i bhfilíocht na hAraibise. Bhí samhlaoidí nua ag déanamh a mbealaigh isteach - samhlaoidíisteach—samhlaoidí a bheadh bunaithe ar shaol shofaisticiúil na gcathrach ina raibh cónaí ar shliocht na bhforghabhálaithe Arabacha anois. Ar ndóighe, ó b'as an bPeirs a tháinig an só sofaisticiúil i saol an Ioslaim, ba léir go raibh tionchar na Peirsise ar an bhfilíocht agus ar an stíl Arabach ag teacht in éineacht le hathrú an chultúir ábhartha.
 
==== Badi´ ====
Line 159 ⟶ 157:
An stíl a tháinig ar an saol anois, is féidir í a chur i gcomparáid leis an mBarócachas - ''badi´'' an téarma Araibise. Filíocht ardealaíonta is ea an fhilíocht ''badi´'', agus í ag éirí cineál féintagarthach go géar gasta, ag cur níos mó béime ar an maisiúlacht agus ar na tagairtí liteartha: chaithfeadh gach aon fhile a léiriú go raibh sé eolach ar an traidisiún agus ar shaothar na bhfilí a tháinig roimhe féin. Bhí na filí á dtuirsiú féin leis na mílte meafar, pearsanuithe, paradacsaí agus cleasanna eile, agus na dánta ag éirí doléite ar fad. D'fhéadfá a rá gur chuir an file gairmiúil ardléannta ruaigeadh ar an éigeas tíre agus ar an bhfile pobail.
 
Baineann an fhilíocht ''badi´'' leis an naoú haois. Bhodhraigh sí cluasa na héisteoirí faoi dheoidh, agus d'fhill na filí nua ar an bhfilíocht "nádúrtha", nuachlasaiceach i ndeireadh na haoise céanna. Mar sin féin, níor ligeadh an fhilíocht ''badi´'' i ndearmad go hiomlán. Tréimhse taighde, turgnaimh agus tástála ab ea tréimhse na ndánta ''badi´'', tréimhse a mhúin go leor cleasanna úra do na filí - achfilí—ach iad a úsáid go spárálach cúramach.
 
==== Prós na hAraibise - adab agus maqama ====
Line 167 ⟶ 165:
Faoin mbliain 1000 a tháinig an ''maqama'' i gcrann, agus b'as an bPeirs a fuarthas an chéad spreagadh chun an chineál seo scríbhneoireachta a chleachtadh, ní nach ionadh. Scéal magúil is ea ''maqama'' agus é suite i saol na mbocht is na nocht sa chathair, nó i saol na n-oilithreach amuigh sna tíortha cúil. Bíonn na scéalta seo ag cur síos ar chleasanna na ndoilfeoirí agus ar reitric na reacairí i bpanc aonaigh, agus iad ag cur dallamullóg ar dhaoine macánta beag beann ar an dlí.
 
De réir mar a chuaigh an cultúr Arabach féin i léig, nó in abar ar a laghad, chaill an litríocht a seansracadh chomh maith. Níor tháinig fuinneamh úr inti roimh athbheochan na naoú haoise déag - déag—''al nahda''.
 
=== Litríocht Nua-aoiseach na hAraibise ===
 
San Éigipt a thosaigh an athbheochan chultúrtha, nuair a tháinig Muhamad Ailí i gcumhacht ansin i dtús na naoú haoise déag. Fear neamhspleách éirimiúil a bhí ann a rialaíodh a thír gan a chloigeann a bhuaireamh le cibé ordú a gheobhadh sé ó Shabhdán na Tuirce, siúd is go raibh sé ina ghéillsineach dó siúd, go foirmiúil. Theastaigh ó Mhuhamad a thír a fhorbairt agus a thabhairt i gcrann, agus an t-oideachas ar ceann de na clocha ba mhó ar a phaidrín - siúdphaidrín—siúd is gurbh é an t-arm a phríomhchúram. B'fhéidir go raibh eagla air roimh ionsaí ón Tuirc. Bhunaigh sé clólann le saothair chlasaiceacha Araibise a athfhoilsiú, agus chuir sé tús leis an chéad nuachtán sa teanga. Chuir sé freisin dornán mac léinn ag foghlaim teangacha an Iarthair i bPáras, agus nuair a tháinig siad ar ais, chrom siad ar litríocht agus smaointeachas na hEorpa a aistriú go hAraibis.
 
==== Tús na Litríochta Nua-Aoisí: Na hÚrscéalaithe Críostaí ón Liobáin ====
Line 177 ⟶ 175:
Lárionad eile ab ea [[Beirut]] sa [[an Liobáin|Liobáin]]. Ós rud é go bhfuil an creideamh Críostaí sách coitianta i measc mhuintir dhúchasach na tíre sin, bhí intleachtóirí na Liobáine ní b'oscailte do thionchar an Iarthair ná an chuid eile de na hArabaigh. Scríbhneoirí Críostaí ón Liobáin a chuir tús le traidisiún na húrscéalaíochta Araibise, mar sin.
 
B'é Júirjí (nó Seoirse) Zaigheadán an chéad duine acu seo. Ar nós go leor intleachtóirí eile, d'aistrigh sé ón Liobáin go dtí an Éigipt chun leas a bhaint as an meon agus as an atmaisféar caoinfhulangthach a bhí cruthaithe thall ansin ag athbheochan Mhuhamad Ailí. (Isis gá a chuimhneamh nach daoine comhaimseartha a bhí iontu; nó rugadh Zaigheadán sa bhliain 1861, agus Ailí trí bliana déag ag iompar na bhfód cheana féin.). Scríobhadh Zaigheadán úrscéalta stairiúla. Siúd is nach bhfuil mórán fiúntais iontu do léitheoirí an lae inniu, agus an dóigh ar chum sé iad go géar gasta ceann i ndiaidh a chéile gan mórán marana a dhéanamh ar an tslacht ná ar an tsnoiteacht liteartha, bhí an-ghal orthu ag lucht comhaimsire an údair. Thug Zaigheadán spreagadh do scoil iomlán úrscéalaithe.
 
Sna Stáit Aontaithe a chuaigh scríbhneoirí na scoile seo i mbun pinn an chéad uair, áit a raibh siad ar imirce le theacht slán ar shrianta polaitíochta a dtíre féin. Críostaithe ón Liobáin ab ea iad, nó an chuid ba mhó acu, cosúil le Zaigheadán. B'iad Kahlil Gibran (Jiobrán Chailíl Jiobrán) agus Mícheál Naimy (nó Míocha'éil Nú'aidheamá) an bheirt ba tábhachtaí de na scríbhneoirí seo. Scríobhadh Gibran as Béarla agus as Araibis, agus é ag cardáil téamaí Críostaí nó ábhair mhisticiúla reiligiúnda ar bhealach a tharraing súil na mílte léitheoirí Iartharacha ar a chuid saothar - arsaothar—ar a chuid saothair Bhéarla thar aon rud eile, ar ndóigh. Fuair Gibran bás sa bhliain 1931, agus tháinig scaipeadh ar an scoil scríbhneoirí ansin; ach cibé scéal é, bhí an-tionchar acu ar an saol liteartha ins na tíortha Arabacha féin.
 
==== Filí an Nua-Chlasaiceachais ====
Line 187 ⟶ 185:
==== Adonis ====
 
Is é Ailí Ahmad Sa'íd - íd—"[[Adonis (file)|Adonis]]" - an—an file is mó le rá dá bhfuil ag cumadh dánta as Araibis inniu. Tarraingíonn sé ar thobar an t[[Súfachas|Súfachais]], nó misteachas agus rúndiamhróireach reiligiúnda an Ioslaim, ach níl a leithéid róthipiciúil ag na filí Araibise lenár linn. An náisiúnachas agus an Marxachas a bhíonn ag saighdeadh an chuid is mó de na filí tábhachtacha Araibise, agus iad go mór faoi thionchar na bhfilí Iartharacha.
 
==== Taha Husain ====