Difference between revisions of "An Araibis"

No change in size ,  6 months ago
no edit summary
== Canúintí na hAraibise ==
 
Roinntear canúintí na hAraibise ina gcúig phríomhghrúpa: canúintí na Leathinise Arabaí; canúintí na Measapotaime (na h[[An Iaráic|Iaráice]]); canúintí na Siria stairiúla, .i. an chuid is mó den tSiria, den Liobáin, den Iordán agus de Phalaistín an lae inniu; canúintí na h[[An Éigipt|Éigipte]]; agus na canúintí a labhraítear i dtíortha Thuaisceart na hAifrice siar ón Éigipt—''al-Maghreb'' a bheir lucht na hAraibise ar na tíortha seo. Bíonn difríochtaí sóisialta agus áitiúla le cluineadh laistigh de na canúintí réigiúnacha, agus go hiondúil bíonn stádas sóisialta níos airde ag baint le canúintí na gcathrach ná mar a bhíonn le canúintí na tuaithe. Thar aon rud eile, bíonn canúintí na m[[Beidiúnach]] (fánaithe na bhfásach) sách difriúil leis an gcineál Araibise a chluinfeá ó mhuintir na gcathrach sna bólaí céanna (na canúintí cónaitheacha nó na ''sedentary dialects'' mar a deir an Béarlóir). Go háirithe, bíonn na canúintí Beidiúnacha níos seanársa, agus iad ag caomhnú tréithre a chuaigh in éag i gcaint na gcathrach. Tá teacht ar chathracha i ndomhan na hAraibise fosta ina bhfuil canúint Bheidiúnach á labhairt, ach bíonn míniú stairiúil ann ar a leithéid seo. Am éigin fadó tháinig sluaite móra ón tuath - nótuath—nó ón bhfásach - timpeallbhfásach—timpeall na háite le cur fúthu ansin, i gcruth is go bhfuair a gcuid cainte lámh in uachtar ar Araibis thraidisiúnta an bhaile mhóir. Cleachtaíonn na Beidiúnaigh filíocht bhéil na sean-Arabach i gcónaí, rud a chuidigh leo an blas ársa a choinneáil beo ar a dteanga.
 
=== An Mháltais agus Araibis na Cipre ===
Is gá cuimhne a choinneáil air nach raibh cuid de na dánta seo intuigthe ach cnámha an scéil a bheith ar eolas agat cheana féin. Ní aithneofá cad é a bhí faoi chaibidil i go leor dánta ach na scéalta béil uile a bheith cluinte agat ó na seanchaithe a bhí á n-insint cois tine.
 
De réir a chéile, meascadh an dá ghné trí chéile, i gcruth is gur fáisceadh dán grá de chineál úr astu - filíochtastu—filíocht atá níos cosúla leis na hamhráin a chluinfeá ó thrúbadóirí na hEorpa sna meánaoiseanna. Déanta na fírinne, creidtear go raibh tionchar éigin ag filíocht na nArabach ar an trúbadóireacht san Eoraip.
 
Nuair a tháinig Clann Abbáis—nó na hAbásaidigh—i seilbh na cailifeachta, bhí malairt cuma ar an bhfilíocht ghrá cheana. Bhí filíocht gháirsiúil á saothrú ag filí áirithe, ach is léir nach raibh aon ghlacadh oscailte ag an saol mór lena leithéid i sochaí an Ioslaim. B'í an fhilíocht [[homaighnéasachas|homaighnéasach]] a tháinig chun tosaigh i dtréimhse na nAbásaideach. B'iad coinbhinsiúin agus comhghnása na filíochta Peirsí ba bhunsiocair leis seo; ach i mbreis ar an tionchar sin, dá n-úsáidfeá fíorainm mná i ndán anghrách, is féidir go sílfeadh athair cailín éigin ar comhainm le cailín an dáin, — go sílfeadh sé gur ag maslú a iníne-sean nó ag cur mígheanmnaíocht ina leith-se a bheifeá. Mar sin, bhí sé ní ba sábháilte cloí leis an ngrá homaighnéasach mar ghnás liteartha, beag beann ar an chineál craicinn ab fhearr leis an bhfile ina shaol phríobháideach féin. Dealraíonn sé, áfach, go raibh Abú Nubhás, máistir an chineál seo filíochta, — go raibh sé féin ina fhéileacán dháiríre.
==== Badi´ ====
 
An stíl a tháinig ar an saol anois, is féidir í a chur i gcomparáid leis an mBarócachas - mBarócachas—''badi´'' an téarma Araibise. Filíocht ardealaíonta is ea an fhilíocht ''badi´'', agus í ag éirí cineál féintagarthach go géar gasta, ag cur níos mó béime ar an maisiúlacht agus ar na tagairtí liteartha: chaithfeadh gach aon fhile a léiriú go raibh sé eolach ar an traidisiún agus ar shaothar na bhfilí a tháinig roimhe féin. Bhí na filí á dtuirsiú féin leis na mílte meafar, pearsanuithe, paradacsaí agus cleasanna eile, agus na dánta ag éirí doléite ar fad. D'fhéadfá a rá gur chuir an file gairmiúil ardléannta ruaigeadh ar an éigeas tíre agus ar an bhfile pobail.
 
Baineann an fhilíocht ''badi´'' leis an naoú haois. Bhodhraigh sí cluasa na héisteoirí faoi dheoidh, agus d'fhill na filí nua ar an bhfilíocht "nádúrtha", nuachlasaiceach i ndeireadh na haoise céanna. Mar sin féin, níor ligeadh an fhilíocht ''badi´'' i ndearmad go hiomlán. Tréimhse taighde, turgnaimh agus tástála ab ea tréimhse na ndánta ''badi´'', tréimhse a mhúin go leor cleasanna úra do na filí—ach iad a úsáid go spárálach cúramach.