An difríocht idir athruithe ar: "Giorgio Perlasca"

Content deleted Content added
m Rang +IV +Naisc +Íomhá
Líne 23:
I Mí na Samhna 1944, theip an misneach ar Sanz Briz, nach raibh siúráilte go mbeadh rialtas na Spáinne sásta é a chosaint ar an SS a bhí ag éirí bagrach ar na tithe sábháilte. D'éalaigh sé go dtí [[an Eilvéis]], agus é ag áitiú ar Perlasca a shampla a leanúint.
 
Ní mar sin a rinne Perlasca, áfach. D'fhan sé thiar i mBudapest. Is é an chiall a bhain na húdaráis Ungáracha go raibh an Spáinn tar éis an caidreamh dioplómatúil a bhriseadh, ó bhí an tAmbasadóir féin imithe. Mar sin, d'ullmhaigh siad na tithe sábháilte a shealbhú agus na Giúdaigh a cheapadh. Ansin, áfach, d'inis Perlasca bréag dóibh: dúirt sé go raibh Sanz Briz tar éis cumhachtaí sealadacha an Ambasadóra a dhílsiú dó féin. Chreid na hUngáraigh é, agus creidiúnaíodh é mar Ambasadóir nua. Bhí siad dóchasach as mar idirghabhálaí idir iad féin agus na Comhghuaillithe le comhchainteanna síochána a thosú roimh theacht an Airm Dheirg. Thairis sin, bhí sé tuigthe ag na Faisistithe Ungáracha go raibh an cogadh caillte, agus go raibh tearmann ag teastáil uathu leis an díoltas Sóivéadach a sheachaint. Ós rud é gur deachtóireacht ab ea í an Spáinn a raibh blas an Fhaisisteachais uirthi, shíl siad go mbeadh fáilte rompu ansin.
 
Faoi na himthoscaí seo, bhí Perlasca ábalta na mílte Giúdaigh a shábháil ón Uileloscadh. Ba mhinic a rachadh sé idir lucht na Saighdeadchroise agus na Giúdaigh agus é á chur féin i ndainséar an bháis leis na daoine faoina choimirce a chosaint.
 
==I nDiaidh an Chogaidh==
 
I ndiaidh an chogaidh, thug Perlasca tuairisc chuimsitheach ar a raibh déanta aige. Scríobh sé doiciméad chuig rialtas na Spáinne inar chardáil sé na himeachtaí san Ambasáid i ndiaidh éalú Sanz Briz go dtí an Eilvéis. Bhain na húdaráis Spáinneacha úsáid as éacht Perlasca le hiad féin a chosaint ar líomhaintí faoi fhrith-Ghiúdachas, ach níor thagair siad d'ainm Perlasca ar aon nós. San Iodáil féin, níor chuir na polaiteoirí ná na hiriseoirí suim ar bith ina raibh déanta aige. Bhí saol crua aige agus an t-airgead gann, agus ní bhfuair sé a cheart sular chuir na Giúdaigh féin, iad siúd a shábháil sé, an scéal os comhair an tsaoil mhóir. Go gairid roimh a bhás, sa bhliain 1989, fuair sé a chrann féin agus a leac chuimhneacháin féin i [[Yad Vashem]], an choill atá tiomnaithe do chuimhne na bhFíréan i measc na Náisiún, is é sin, na daoine nár Ghiúdaigh iad a tháinig chun tarrthála do na Giúdaigh i mblianta an Uilelosctha.
 
Sa bhliain 2002, rinne teilifís na hIodáile scannán faoi éacht Perlasca, ''Perlasca, un eroe italiano'' ("Perlasca, laoch Iodálach").
 
{{síol}}