An difríocht idir athruithe ar: "Na teangacha Ind-Eorpacha"

Content deleted Content added
No edit summary
→‎Aicmiú: Typo: "**" gan alt folamh eatarthu.
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 18:
 
* Na [[teangacha Ind-Iaránacha]]. Tháinig siad go léir as an bPróta-Ind-Iaráinis. Fochraobhacha de chuid na dteangacha Ind-Iaránacha is ea iad seo:
 
** Na [[teangacha Ind-Áiríocha]]. Is í an t[[Sanscrait]] an teanga is sine acu seo a bhfuil eolas againn fúithi, ach inniu, is iad an [[Hiondúis]] agus an [[Urdais]] an dá theanga is tábhachtaí acu. Teanga eile acu seo í an [[Páilis|Pháilis]], teanga an scrioptúir naofa i mBúdachas Theireaváda.
 
** Na [[teangacha Iaránacha]], cosúil leis an [[Aivéistis]], an tSean-Pheirsis, an [[Coirdis|Choirdis]], an [[Paistis|Phaistis]] agus an [[Peirsis|Pheirsis]].
 
** Na [[teangacha Dardacha]]. Is deacair a rá, an bhfuil an gaol atá ag na teangacha seo ag a chéile níos dlúithe ná an gaol atá acu leis na teangacha Ind-Iaránacha eile, agus tá go leor taighde le déanamh orthu go fóill. Grúpáil gheografach is mó atá i gceist leis na "teangacha Dardacha". Is iad an teanga Khowar agus an Chaismíris na cinn is tábhachtaí acu seo. I dtuaisceart na hIndia agus na Pacastáine is mó a labhraítear na teangacha Dardacha.
 
** Na [[teangacha Núrastánacha]]. Grúpa beag eile iad seo, agus iad á labhairt sa Phacastáin agus san Afganastáin. Is í an teanga Kamkata-viri an ceann is líonmhaire cainteoirí acu, timpeall is fiche míle ar fad.