An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain Bheag"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Líne 111:
Tharla roinnt éirithe amach in aghaidh rialtas na Sasanach ó dheireadh na 13ú go deireadh na 15ú haoise, le Madog ap Llywelyn (1294-96) agus Llywelyn Bren (1316) mar shampla, agus bhí dúil go bhfillfeadh [[Owain Lawgoch]] sna blianta 1370 leis an tír a shaoradh. Rinne Owain Glyndwr éirí amach i 1400 agus gairmeadh é mar Phrionsa na Breataine Bige, ach tháinig an t-éirí amach seo chun críche beagán ar bheagán, fad is a bhunaigh rí Shasana údarás sa tír arís.
[[Íomhá:Henry Tudor and Rhys ap Thomas' march through Wales translated from Welsh.svg|clé|mion|212x212px]]
Ar feadh cuid mhór den [[15ú haois|15ú linn]] tarraingíodh an Bhreatain Bheag isteach i g[[Cogadh na Rósanna]], idir Teaghlach [[Lancaster, Lancashire|Lancaster]] agus Teaghlach [[Eabhrac]] le haghaidh [[Coróin|choróin]] Shasana. Ach in ainneoin chomh híogair is a bhí an tír, bhí ráchairt mhór ar [[Filíocht|fhilíocht]] Bhreatnach, agus uaisle na tíre ag cur tacaíocht leis na filí. Ceann díobh seo ab ea [[Anraí VII Shasana|Anraí Tudor]], mac Owain Tudur de shliocht Ednyfed Fychain, a bhí ina oifigeach de chuid [[Llywelyn ap Gruffudd|Llywelyn ap Gruffydd]]. Tháinig sé go tír i [[Penfro|gContae Pheambróg]] in éineacht le harm [[An Fhrainc|Fhrancach]]. Chuir roinnt Bhreatnach tacaíocht leis agus fuair sé an bua ar Risteard III Shasana ar an [[22 Lúnasa]] [[1485]] ag Cath Bosworth.
 
Faoi Anraí Tudor, anois Anrai VII Shasana, cuireadh as do na hachtanna pionósacha a chuir rí Shasana ar na Breatnaigh ag tosú na haoise sin. Faoi riail [[Anraí VIII Shasana|Anraí VIII]], a mhac, tugadh Acht an Aontais isteach. Chuir sé seo an córas dlí céanna sa Bhreatain Bheag isteach is bhí i Sasana, agus chuir sé cosc ar úsáid na [[An Bhreatnais|Breatnaise]] i saol poiblí na tíre, cé nach raibh ach an teanga sin ag formhór an phobail ag an am. Ainneoin an achta seo, áfach, rinne an chéad aistriúchán ar an [[An Bíobla|mBíobla]] go Breatnais i 1588, rud a chabhraigh go mór le hathbheochan liteartha a tharla sa Bhreatnais sa tréimhse seo. Ó [[Díscaoileadh na Mainistreacha|Dhíscaoileadh na Mainistreacha]], a tosaíodh i 1536 agus a tháinig chun deiridh cúig bliana ina dhiaidh sin, d'athraigh an Bhreatain Bheag ó thír [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Chaitliceach]] go tír [[An Protastúnachas|Phrotastúnach]] i lár glúine nó dhó.
 
[[Íomhá:Senedd, Welsh parliament, Cardiff Bay.jpg|mion|Foirgneamh Thionól na Breataine Bige, a cuireadh i bhfeidhm i 1999]]
Chonaic an 18ú haois tosaithe dhá athrú a mbeadh tionchar mór acu ar an mBreatain Bheag: athbheochan [[Modhachas|Modhachais]] na Breataine Bige, a rinne gur éirigh an tír níos neamhaontaí go seasta i gcúrsaí creidimh; agus an [[Réabhlóid Thionsclaíoch]]. I rith éirí [[Impireacht na Breataine]], chonaic soir-dheisceart na Breataine Bige go háirithe tionsclú gasta agus ardú mór daonra mar thoradh ar an mborradh a tháinig ar na tionscadail guail agus iarainn. Sa 20ú haois, tháinig meath ar thionscadail na Breataine Bige, fad is a tháinig borradh ar an meon náisiúnach agus ar spéis i bhféinchinntiúchán na tíre. Fuair [[Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)|Páirtí an Lucht Oibre]] an lámh in uachtar ar an bPáirtí Liobrálach mar phríomhfhórsa polaitíochta na tíre sna 1920idí. D'imir an Bhreatain Bheag ról tábhachtach i [[An Chéad Chogadh Domhanda|gCogadh Domhanda I]] agus i [[An Dara Cogadh Domhanda|gCogadh Domhanda II]] araon, agus buamáladh a cuid cathracha go mór i rith an dara ceann díobh sin. Fuair an páirtí náisiúnach [[Plaid Cymru]] móiminteam sna 1960idí, agus i reifreann sa bhliain 1997, vótáil an Bhreatain Bheag ar son tionóil díláraithe don tír, a chruinnigh don chéad uair sa bhliain 1999.