An difríocht idir athruithe ar: "Raidiam"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 13:
Is é <sup>226</sup>Ra an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil ag an raidiam, agus é ar fáil go tearc sna mianta [[úráiniam]], ós rud é gur ceann de na céimeanna i [[meathshlabhra]] an úráiniam é. Tá an t-iseatóp seo 1602 bliain ar leathré, agus is é an cineál [[meath radaighníomhach]] a thagann air ná an t-alfa-mheath. Is é an [[radón]] - iseatóp a 222 - is toradh don mheath seo. Mar sin, cuireann gach aon bhlúirín raidiam radón uaidh, agus sin é an tuige gur tugadh "eisileadh raidiam" (''Radiumemanation'' as Gearmáinis) ar an radón ar dtús.
 
Má aonraítear raidiam ina dhúil ghlan, gheofar [[miotal]] a bhfuil loinnir bhán ann, ach ós rud é gur miotal cré-alcaileach é cosúil leis an [[maignéisiam]], an [[cailciam]], an [[strointiam]], agus an bairiam, is dual dó imoibriú le h[[ocsaigin]] an aeir, ionas go dtiocfaidh brat dubh ocsaíde air. Mar is dual don mhiotal chré-alcaileach, tabharfaidh an t-adamh raidiam dhá leictreon uaidh nuair a rachaidh sé i gcomhdhúil le dúil eile in imoibriúchán ocsaídithe agus dí-ocsaídithe, agus is í an fhoirmle a bheas ag an ocsaíd ná RaO, toisc gur dual don adamh ocsaigine dhá leictreon a ghlacadh chuige.
 
Ní hamháin go bhfuil contúirt sa raidiam toisc go bhfuil sé radaighníomhach, nó is miotal trom é, agus é in ann seangú isteach sa cholainn agus carnadh sna cnámha, ó tá sé cosúil leis an gcailciam ó thaobh na ceimice de.