An difríocht idir athruithe ar: "Naitsíochas"
Content deleted Content added
No edit summary clib: Mobile edit Mobile web edit |
Ag baint Hitler_and_Franco_at_Hendaye.jpg amach, scrios Srittau é ón Chómhaoin mar: per c:Commons:Deletion requests/Files in Category:Photographs by Heinrich Hoffmann |
||
Líne 65:
Ó thús na fichiú haoise bhí sé de chlaontacht i stáit na hEorpa go léir dul le polaitíocht údarásúil fhrithdhaonlathach. Chuaigh an sruth seo i méadaíocht i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, ó bhain an cogadh agus an bochtanas a lean é mealladh as a lán daoine. Sa Ghearmáin, bhí cineál réamh-mhúnla do chultas an cheannasaí údarásúil ann: cultas an Impire. I ndiaidh an chogaidh, níor chreid aon duine san Impire a thuilleadh, ach nuair a d'imigh cultas an Impire, d'fhág sé bearna i gcroíthe a lán daoine sa Ghearmáin, agus iad ag dréim le ceannasaí láidir nua. Tháinig deachtóirí ceannasacha i gcumhacht sa Spáinn ([[Franco]]), san Iodáil ([[Mussolini]]) agus san Aontas Sóivéadach ([[Stailín]]).
Thosaigh cultas an cheannasaí sa Ghearmáin sách luath, fiú i bhfad sular shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht. Nuair a thit an tóin as ceannairc an bheoirhalla i [[München]] sa bhliain [[1923]], is é an tátal a bhain Hitler as an iomlán ná go gcaithfeadh sé féin dul i gceannas ar an bpáirtí agus ar an nGearmáin féin gan aon údarás eile a cheadú, ó ba é sin a chinniúint.
|