An difríocht idir athruithe ar: "Páirc an Chrócaigh"

Content deleted Content added
Ag baint Croke_Park_from_the_hill.jpg amach, agus ag chur [[:Íomhá:Croke_Park_from_the_Hill_-_2004_All-Ireland_Football_Championship_Final.jpg|Croke_Park_from_the_Hill_-_2004_All-Ireland_Football_Championship_Final.
Gaois (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 22:
Páirc [[lúthchleasaíocht]]a a bhí san áit fiú sular tógadh an staidiam, agus is é an t-ainm a bhí air ná ''Jones Road Sportsground''. I ndiaidh bhunú Chumann Lúthchleas na nGael sa bhliain [[1884]], thosaigh lucht an chumainn ag baint úsáide as an bpáirc seo go tráthrialta le [[Cluiche|cluichí]] Gaelacha a imirt agus le [[liathróid]] a bhualadh. B'anseo a himríodh an dá chluiche ceannais uile-Éireannach sa bhliain [[1896]] mar chlabhsúr ar chraobh na bliana [[1895]]. Sna blianta sin, bhí an CLG ag síorfhás, agus tábhacht na [[páirc]]e ag dul i méid dá réir. Tuigeadh do Phroinsias Ó Duinnín, ball den ChLG a bhí ina iriseoir, cé chomh tábhachtach agus a bhí an pháirc ag na lúthchleasaithe Gaelacha, agus cheannaigh sé í luach £3,250 sa bhliain [[1908]]. Dhíol seisean an pháirc leis an gCumann sa bhliain [[1913]], agus b'ansin a fuair an áit an t-ainm atá uirthi inniu, is é sin, ''Páirc an Chrócaigh'', in onóir phátrún an Chumainn, an t-Ard-Easpag [[Thomas Croke]].
 
[[Íomhá:Croke Park from the Hill -, 2004 All-Ireland Football Championship Final.jpg|thumb|left|400px|Páirc an Chrócaigh tar éis a cuid athchóirithe, le linn [[Craobh Shinsir Peile na hÉireann|Chluiche Ceannais Peile na hÉireann]] i [[2004]].]]
 
Sa bhliain [[1913]], ní raibh ach dhá ardán ar an taobh den pháirc a bhfuil Ardán Uí Ógáin inniu. Sa bhliain [[1917]], baineadh úsáid as brablach ón [[Éirí Amach na Cásca|Éirí Amach]] an bhliain roimhe sin chun Cnoc 16 a thógáil.