An difríocht idir athruithe ar: "Íosa Críost"

Content deleted Content added
No edit summary
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 28:
Thosaigh máthair Íosa, [[Muire]], ag iompar clainne roimh an bpósadh, agus í geallta d'[[Naomh Iósaf|Iósaf]]. Bhí Iósaf ar tí í a thréigean, ach tháinig aingeal Dé ag áitiú air Muire a phósadh agus an mac a thógáil mar a bheadh mac dá chuid féin ann. Is amhlaidh, de réir theagasc an reiligiúin Chríostaí, gurbh í cumhacht an Spioraid Naoimh a chuir tús le hÍosa. Go gairid roimh an mbreith, chuaigh Iósaf agus Muire go dtí [[Beitheal]], nó bhí sé díreach ordaithe ag an [[Ágastas|Impire Rómhánach Ágastas]] muintir na h[[Impireacht na Róimhe|Impireachta]] go léir a chlárú le cáin a ghearradh díobh, agus chaithfeadh gach fear dul go dtí an chathair arbh aisti dá mhuintir.
 
Nuair a bhí Iósaf agus Muire i m[[An Bheithil|Beithil,]], saolaíodh Íosa dóibh. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig triúr fear ón Domhan Thoir ([[an Triúr Saoithe]], a thugtar orthu) a raibh cluinte acu gurb anseo a tháinig rí nua na nGiúdach chun saoil, agus thug siad bronntanais don leanbh. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, b'éigean d'Iósaf agus do Mhuire éalú go dtí [[an Éigipt]]. An fear a bhí ina rí ar na Giúdaigh faoi láthair, mar atá, [[Héaród]], chuala seisean iomrá ar bhreith Íosa freisin, agus thug sé ordú tachráin bheaga uile Bheitheal a mharú, le fáil réitithe den rí nua.
[[Íomhá:Map of Jesus Trail1.jpg|mion|288x288px]]
I ndiaidh bhás [[Héaród Mór|Héaróid]], d'fhill Iósaf agus Muire go dtí an Phalaistín, agus shocraigh siad suas i [[Nazarat]] sa [[An Ghailíl|Ghailíl]], áit ar tháinig Íosa i mbun a mhéide. Cosúil lena athair, bhí Íosa ag obair ina chearpantóir, ach san am céanna, b'ábhar adhnua é do na daoine chomh hoilte is a bhí sé ar dhlí agus ar fhoirceadal an Ghiúdachais fiú nuair a bhí sé óg. Nuair a shlánaigh sé tríocha bliain d'aois, chuaigh sé ag teagasc go poiblí. Deir na soiscéil go raibh sé in ann daoine a leigheas agus faoiseamh a thabhairt dóibh, fosta, agus gurb iomaí míorúilt a chuir sé i gcrích le cuidiú osnádúrtha ó Dhia.