An difríocht idir athruithe ar: "Prág"

Content deleted Content added
Spaircí (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 60:
=== Ré Hapsburgach ===
 
I 1526, tugadh [[Ríocht na Boihéime]] go [[Teach Hapsburg]]: bhí torthaí troma i mBoihéim agus ansin i bPrág mar ba [[Chaitlicigh]] iad na Hapsburgaigh agus bhí smaoinimh Protastúnacha ag dul i bhfeidhm i bPrág. Ní raibh na fadhbanna sin ró-thábhactach faoin [[Impire Naofa Rómhánach]] [[Rudolf II]] a thoghadh Rí na Boihéime i 1576 agus a roghnaigh Prág mar a áit cónaithe. D’fhan sé ina chónaí i gCaisleán Prág agus choiméad sé cúirteanna ait le [[hasarlaithe,]], [[astralaithe]] agus pearsaí aisteacha. Bhí grá ag Rudolf do healaín agus d’éirigh Prág ina príomhchathair ar chultúr na hEorpa. Tréimhse rathúla do Phrág ab ea an tréimhse seo agus bhí a lán daoine cáiliúla ina gcónaí ann mar na hastralaithe [[Tycho Brahe]] agus [[Johann Kepler]], an péintéir [[Arcimboldo]], na hailceimiceoirí [[Edward Kelly]] agus [[John Dee]], an file [[Elizabeth Jane Weston]] agus daoine eile.
 
I 1618, tharla an Defenestration is cáiliúl i bPrág agus shaighid é sin [[An Cogadh Tríocha Bliain]]. Athrídh an Hapsburg [[Ferdinand II]] agus d’éirigh [[Frederick V]], [[Toghthóir Palaitíneach]] ina Rí Boihéime. Ach chaill an t-arm Seiceach i [[gCath an Sléibhe Báin]] (1620) a bhí gar don chathair, agus mar sin bhí na daoine i bPrág agus i mBoihéim ina gcónaí i dtréimhse chrua ina díothaíodh lamháltas reiligiúnda agus d’éirigh an [[Frithreifirméisean Caitliceach]] ceannasach i ngach gné an tsaoil. I 1621 cuireadh 27 tiarna Seiceacha (a bhí gafa i gCath an Sléibhe Báin) chun báis i [[gCearnóg na Seanbhaile]]. D’fhulaing an chathair chomh maith faoi na [[Sacsanaigh]] (1631) agus [[áitíocht na Sualannach]] (1648). Ina theannta sin, tar éis [[Síochán an Westphalia]], bhog Ferdinand an chúirt go [[Vín]] agus mheath Prág. D’ísligh a daonra ó 60.000 go 20.000 de bharr an chogaidh.