An difríocht idir athruithe ar: "Rainer Maria Rilke"

m
corr using AWB
m (corr using AWB)
 
Níor thaitin saol an t[[Saighdiúir|saighdiúra]] leis an ábhar [[Ealaín|ealaíon]]<nowiki/>tóra. Sa bhliain 1891 d'éirigh sé as an scoil. Ansin thosaigh sé ag freastal ar scoil trádála i [[Linz]], Uachtar na hOstaire, ach ansin bhí scéal grá nó cumann craicinn aige le cailín aimsire a bhí cúpla bliain ní ba shine ná é féin.
 
Sna blianta 1892-1895 bhí sé á theagasc go príobháideach lena ullmhú don [[Ardteistiméireacht|Ardteistiméireacht,]], nó ''Matura''. Bhain sé amach an teastas seo agus chuaigh sé ag staidéar stair ealaíon, litríocht agus fealsúnacht. Níor mhair sé ansin ach bliain sula ndeachaigh sé le dlí mar ábhar staidéir.
 
Sa bhliain 1897 casadh Lou Andreas-Salome air i [[München]]. Scríbhneoir mná ab ea Andreas-Salome a raibh cuid mhór taistil déanta aici, agus cé go raibh sí pósta agus í ní ba shine ná eisean thit René i ngrá léi. Bhí cumann grá acu agus chuidigh Lou leisean teacht i gcrann mar scríbhneoir. Ba ise a mhol dó an t-ainm "Rainer" a ghlacadh in áit "René".
4,546

edits