An difríocht idir athruithe ar: "Gluaiseacht (úrscéal)"
Content deleted Content added
Ceartaíodh botúin ghramadaí agus botúin chló a bhí sa téacs. |
m corr using AWB |
||
Líne 4:
==An Plota==
Ag tús an leabhair, tá duine ag labhairt. Ní thugtar a ainm ach tá sé ag ceistiú cén fáth go bhfuil sé san áit a bhfuil sé. Insíonn sé dúinn scéal a shaoil. Is buachaill óg é i sráidbhaile beag san Afraic. Téann an buachaill óg go dtí an tobar chun uisce a fháil. Tá náire air mar is jab é sin do na cailíní de ghnáth ach tá a dheirfiúr rólág chun é a dhéanamh agus de bharr go bhfuil a mháthair ag cothú an linbh, is airsean a thiteann sé dul agus uisce a tharraint ón tobar. Nuair a thagann sé ar ais ón tobar tá a shaol iomlán tar éis athrú. Tá a theaghlach ar fad imithe ón sráidbhaile gan rian fágtha ina ndiaidh
Nuair a shroicheann an buachaill agus fear na n-éadaí dubha (ní thugtar ainm dúinn) an baile nua, fágann an fear an buachaill óg i dteach le fear eile, fear údarásach. Tá iontas ar gach duine sa bhaile gur tháinig éinne slán. Tá muintir an bhaile cabhrach ach faiteach agus tá siad aineolach faoin Eoraip agus aon rud a baineann leis. Deir an fear leis go gcaithfidh an buachaill óg dul go dtí an Eoraip, nach bhfuil aon áit dó sa bhaile sin. Tugann an fear airgead dó chun íoc as an turas agus téann sé ar thrucail le daoine eile chun dul go dtí an Eoraip. Téann trí thrucail de dhaoine ar an turas tríd an ngaineamhlach go dtí an Eoraip. Ach bíonn stoirm ghainimh ann ar an mbealach agus déantar damáiste don trucail ar a bhfuil an buachaill óg. Níl siad in ann an trucail a dheisiú. Nuair a thagann trucail eile i gcabhair orthu deirtear leo nach bhfuil spás ann chun gach duine díobh a thógáil. Roghnaítear deichniúr paisinéirí as an tríocha atá ar an trucail. Fágtar na daoine eile sa ghaineamhlach, an buachaill óg ina measc. Ag an nóiméad deireanach, léimeann fear amháin den dream a bhí roghnaithe ar fhear na ngunnaí. Ach tá fear na ngunnaí ag súil leis agus scaoileann sé urchar leis agus maraítear é. Roghnaítear an buachaill óg chun dul ar an dara trucail ina áit
Reitíonn Fatima agus an buachaill óg go han-mhaith le chéile. Tagann an grúpa ar champa dídeanaithe ar imeall an ghaineamhlaigh, áit ina mbuaileann siad le hOmar, a chabhraíonn leo ar a dturas. Tagann Omar chucu i lár na hoíche chun iad a chur ar bhád a thógfaidh go dtí an Eoraip iad. Ritheann an triúr acu go dtí an fharraige agus cuirtear iad ar an mbád beag rámhaíochta. I rith an turais, bíonn orthu dul i bhfolach nuair a thagann bád mór ina dtreo. Ach tagann siad slán. Stopann an bád agus seasann fear ar a dtugtar ‘fear na leathshúile’ agus deir sé leo go léir léim on mbád mar nach bhfuil sé i gceist acu dul níos faide. Ach níl snámh ag cuid mhaith acu, an buachaill óg san áireamh. Beireann sé greim ar lámh Fatima agus léimeann an bheirt acu san fharraige. Nuair a dhúisíonn an buachaill óg, tá sé ag luí ar an ngaineamh
==Na Príomhcharachtair==
Líne 19:
* '''Fear na n-éadaí dubha''' – Fear é ar chapall a mbuaileann an buachaill óg leis cóngarach dá shráidbhaile féin. Tugann an fear an buachaill óg in éineacht leis go baile nua, ag cabhrú leis i dtosach a thurais.
* '''Fear na ngunnaí''' - Is fear é a gcasann an buachaill óg air nuair atá an trucail greamaithe sa ghaineamh
* '''Fear na leathshúile''' – Casann an buachaill óg ar fhear na leathshúile ar an mbád agus iad ar a mbealach go dtí an Eoraip. Imríonn fear na leathshúile an lámh laidir orthu go léir ar an mbád agus bíonn orthu go léir léim san fharraige, fiú iad siúd nach bhfuil an snámh acu.
|