An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain Bheag"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Cur an bhosca sonraí cothrom le dáta
mNo edit summary
clib: Visual edit Mobile edit Mobile web edit
Líne 101:
Thóg na Rómhánaigh smacht ar fad deiscirt na Breataine Bige chomh fada le [[Caerfyrddin]] (Maridunum). Tá fianaise ann go ndeachaigh siad ní b'fhaide chomh maith agus gur bhain siad [[Éire]] amach. Bhí siad gníomhach i dtuaisceart na tíre freisin. De réir finscéil Bhreatnaigh, phós Macsen Wledig nó Magnus Maximus, fear d'impirí deireanacha na Róimhe, Helen, iníon thaoisigh Bhreatnaigh Segontium ([[Caernarfon]] inniu).
 
Níor éirigh leis na hAnglo-Sacsanaigh an Bhreatain Bheag a chur faoi smacht, cé gur bhris siad an ceangal a bhí idir an tír agus an tír ó thuaidh a bhí faoi smacht na mBriotanach go fóill i ndiaidh cath <nowiki>[[Chester]]</nowiki> (''Caer'' as Breatnais) i 615 CE. Is de bharr neart míleata an rí Breatnaigh a bhí sin, ach freisin de bharr cruth na tíre. Thóg Offa, rí Mhercia, pórt rátha mór as talamh fad an chríche idir an ríocht ab aigesean agus an mBreatain Bheag. Tá codanna de Phort Rátha Offa le feiceáil inniu fiú.
 
Níor stad an Bhreatain Bheag a bheith ina thír Chríostaí i ndiaidh do na treibheanna Sacsanach greim a fháil ar Shasana. Chuaigh [[Naomh Dáibhí]] ar oilithreacht chun na Róimhe sa séú haois, agus bhí sé ina easpag sa Bhreatain Bheag le fada sular tháinig Austin chun rí Kent a thiontú go [[An Chríostaíocht|Críostachais]] agus ceantar easpag [[Canterbury]] (''Caergaint'' as Breatnais) a chur ar bun. Ach ní dhearna na Breatnaigh iarracht mhór Sasana thiontú go Críostachas, b'fhéidir de bharr an naimhdis idir an dá thír. Bhí ríthe Breatnach mar [[Rhodri Mawr]] agus [[Llywelyn ap Gruffudd|Llywelyn ap Gruffydd]] láidir agus cliste go leor neamhspleáchais na tíre a chosaint.
[[Íomhá:Llywelyn le Dernier.jpg|mion|223x223px|Llywelyn ap Gruffudd, 1267]]
Ag deireadh na 1060í, tháinig na [[Normannaigh]] chun na Breataine Bige agus d'athraigh polaitíocht na tíre. Chuir siad daingneachán teorann ar bun idir an Bhreatain Bheag agus Sasana. Beagán ar bheagán ghabh siad greim ar an Bhreatain Bheag ar fad, beagnach, ach d'éirigh le Gruffydd ap Cynan agus Owain Gwynedd é sin a sheachaint. D'éirigh le [[Llywelyn Fawr]] (Llywelyn Mór) an Bhreatain Bheag a aontú. Gairmeadh an garleanbh a bhí aige, [[Llywelyn ap Gruffudd|Llywelyn ap Gruffydd]], mar Phrionsa na Breatain Bheag ach lean ríthe Shasana orthu ionsaí a thabhairt ar an Bhreatain Bheag i rith an ama sin.
 
Maraíodh Llywelyn ap Gruffydd, prionsa neamhspleách deireanach na Breataine Bige, i gcath Cilmeri sa bhliain 1282 agus ghabh rí Eideard I Shasana greim ar an tír. Thóg Eideard sraith chaisleáin móra chun na Breatnaigh a choinneáil faoi smacht. Is iad Rhuddlan, Conwy, Caernarfon, BeaumaraisBiwmares agus Harlech an dream is cáiliúla díobh.
 
Tharla roinnt éirithe amach in aghaidh rialtas na Sasanach ó dheireadh na 13ú go deireadh na 15ú haoise, le Madog ap Llywelyn (1294-96) agus Llywelyn Bren (1316) mar shampla, agus bhí dúil go bhfillfeadh [[Owain Lawgoch]] sna blianta 1370 leis an tír a shaoradh. Rinne Owain Glyndwr éirí amach i 1400 agus gairmeadh é mar Phrionsa na Breataine Bige, ach tháinig an t-éirí amach seo chun críche beagán ar bheagán, fad is a bhunaigh rí Shasana údarás sa tír arís.
[[Íomhá:Henry Tudor and Rhys ap Thomas' march through Wales translated from Welsh.svg|clé|mion|212x212px]]
Ar feadh cuid mhór den [[15ú haois|15ú linn]] tarraingíodh an Bhreatain Bheag isteach i g[[Cogadh na Rósanna]], idir Teaghlach [[Lancaster, Lancashire|Lancaster]] (''Caerhirfryn'' as Breatnais) agus Teaghlach [[Eabhrac]] (''Efrog'' nó ''Caerefrog'' as Breatnais) le haghaidh choróin Shasana. Ach in ainneoin chomh híogair is a bhí an tír, bhí ráchairt mhór ar [[Filíocht|fhilíocht]] Bhreatnach, agus uaisle na tíre ag cur tacaíocht leis na filí. Ceann díobh seo ab ea [[Anraí VII Shasana|Anraí Tudor]], mac Owain Tudur de shliocht Ednyfed Fychain, a bhí ina oifigeach de chuid [[Llywelyn ap Gruffudd|Llywelyn ap Gruffydd]]. Tháinig sé go tír i [[Penfro|gContae Pheambróg]] in éineacht le harm [[An Fhrainc|Fhrancach]]. Chuir roinnt Bhreatnach tacaíocht leis agus fuair sé an bua ar Risteard III Shasana ar an [[22 Lúnasa]] [[1485]] ag Cath Bosworth.
 
Faoi Anraí Tudor, anois Anrai VII Shasana, cuireadh as do na hachtanna pionósacha a chuir rí Shasana ar na Breatnaigh ag tosú na haoise sin. Faoi riail [[Anraí VIII Shasana|Anraí VIII]], a mhac, tugadh Acht an Aontais isteach. Chuir sé seo an córas dlí céanna sa Bhreatain Bheag isteach is bhí i Sasana, agus chuir sé cosc ar úsáid na [[An Bhreatnais|Breatnaise]] i saol poiblí na tíre, cé nach raibh ach an teanga sin ag formhór an phobail ag an am. Ainneoin an achta seo, áfach, rinne an chéad aistriúchán ar an [[An Bíobla|mBíobla]] go Breatnais i 1588, rud a chabhraigh go mór le hathbheochan liteartha a tharla sa Bhreatnais sa tréimhse seo. Ó [[Díscaoileadh na Mainistreacha|Dhíscaoileadh na Mainistreacha]], a tosaíodh i 1536 agus a tháinig chun deiridh cúig bliana ina dhiaidh sin, d'athraigh an Bhreatain Bheag ó thír [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Chaitliceach]] go tír [[An Protastúnachas|Phrotastúnach]] i lár glúine nó dhó.