Scríbhneoir Gaeilge ab ea é '''Amhlaoibh Ó Súilleabháin''', a saolaíodh i gCillg[[Cill Áirne]] [[1780]] agus a shíothlaigh i g[[Callainn]], [[Contae Chill Chainnigh|Co. Chill Chainnigh]] [[1838]]). Sna 1820idí agus sna 1830idí, bhí sé ag scríobh dialainne faoi na himeachtaí comhaimseartha. Bhí cónaí air i gCallainn, Contae Chill Chainnigh, áit a raibh an Ghaeilge díreach ag imeacht, agus is é a dhialann, nó a Chín Lae, an fhoinse is tábhachtaí a thugann léargas ar an gcanúint a bhí á labhairt sa chompal sin nuair a bhí sé ina Ghaeltacht.