An difríocht idir athruithe ar: "Breatimeacht"

Reverted 1 edit by 87.38.108.2 (talk). (TW)
(Try ban us at your own peril)
clib: Mobile edit Mobile web edit
(Reverted 1 edit by 87.38.108.2 (talk). (TW))
De bharr [[Reifreann na Ríochta Aontaithe ballraíocht an tAontas Eorpach, 2016|reifreann]] a reáchtáladh ar an [[23 Meitheamh]] [[2016]] agus inar vótáil 51.9% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le himeacht as an AE, bhí rún ag rialtas na Breataine tús a chur le himeacht na tíre as an AE.
 
== Cúlra ==
We do as we please
[[Íomhá:United Kingdom European Communities membership referendum, 1975 compared to United Kingdom European Union membership referendum, 2016.svg|clé|mion|280x280px|
An reifreann i 1975 i gcomparáid le 2016
]]
Ba i 1973 a ghlac an Ríocht Aontaithe ballraíocht i g[[Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa]] (CEE), a bhí ann roimh an Aontas Eorpach, ballraíocht a dheimhnigh sí le reifreann sa bhliain 1975 inar vótáil 67% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le fanacht sa Chomhphobal.
 
De ghnáth, thugtaí pobalbhreitheanna idir 1973 agus 2015 le fios go raibh formhór ann a thacaigh le fanacht mar bhall den CEE, den CE nó den AE.
* Le linn na [[1970idí]] agus na [[1980idí]], ba iad baill de chuid [[Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)|Pháirtí an Lucht Oibre]] agus daoine a bhí páirteach i gceardchumainn a mholadh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a fhágáil.
* Ó na [[1990idí]] amach, ba iad polaiteoirí de chuid na [[An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)|gCoimeádach]] agus de chuid [[Páirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe|UKIP]] (Gaeilge: ‘Páirtí um Shaoirse na Ríochta Aontaithe’), páirtí a bunaíodh sa bhliain 1993, a mholadh an Aontas Eorpach a fhágáil.
 
=== Socrú nua sa bhliain 2016 ===
[[Íomhá:Statni pohreb Vaclava Havla 23.12.2011 206.jpg|mion|[[David Cameron|David Cameron]], ar chlé, ina aonar]]
Ar 19 Feabhra 2016, ag cruinniú den Chomhairle Eorpach, tháinig ceannairí na mBallstát ar shocrú nua don Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach. Ar na nithe a socraíodh bhí<ref>https://europa.eu/european-union/about-eu/history/2010-today/2016_ga</ref>:
* an cumas iomaíochta agus conas an gheilleagair a chothú;
* na sochair leasa shóisialta a thugtar d'imircigh áirithe san Aontas Eorpach;
* cosaintí a thabhairt isteach chun an choimhdeacht a neartú (i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta).
 
D'ainneoin iarracht dhiongbháilte chun an R-A a shásamh, thug Príomh Aire na Ríochta Aontaithe, David Cameron, fógra go reáchtálfaí reifreann ar 23 Meitheamh 2016.
[[Íomhá:Pride in London 2016 - A man with a Love Wins sign in the parade crowd.png|mion|agóid, Meitheamh 2016]]
 
=== Feachtas ===
Díospóireacht theasaí a bhí ann. Tharraing an feachtas imreas, Ar an [[16 Meitheamh]] [[2016]], feallmharaíodh an Teachta Parlaiminte [[Jo Cox]], ina toghcheantar féin, i mBirstall, [[Yorkshire]] Thiar. Polaiteoir óg, ar sheol na braiche, agus máthair beirt chlainne, ba ea Jo Cox. Bhéic an t-ionsaitheoir 'Britain First' agus é á hionsaí.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=MP Jo Cox básaithe tar éis ionsaí gunna agus sceana|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0616/796100-mp-jo-cox-caite-agus-gonta-do-dona-i-leeds/|date=2016-06-16|language=ga}}</ref> Chaith sé trí philéar leis an bhFeisire Cox & sular sháigh sé chúig uaire dhéag í.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Mair ciontaithe i ndúnmnharú Jo Cox|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2016/1123/833895-mair-ciontaithe-i-ndunmnharu-jo-cox/|date=2016-11-23|language=ga}}</ref> Chaith Cox a saol i mbun seirbhíse agus feachtais ar son daoine eile sa bhaile agus i gcéin.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Ómós do Jo Cox i dTeach na dTeachtaí|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0620/796928-omos-do-jo-cox-i-dteach-na-bhfeisiri/|date=2016-06-20|language=ga}}</ref>
[[Íomhá:EducationandBrexitleavevotebyArea2017.jpg|clé|mion|Oideachas agus % Imeacht]]
 
== An reifreann sa bhliain 2016 ==
112

edits