An difríocht idir athruithe ar: "Cill (bitheolaíocht)"

Content deleted Content added
No edit summary
Added content
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 6:
Bíonn cealla comhdhéanta de[[cíteaplasma| chíteaplasma]] a bhíonn [[scannán|scannánfholaithe]], ina bhfuil go leor [[bithmhóilín|bithmhóilíní]], mar shampla [[Próitéin|próitéiní]] agus [[aigéid núicléasacha]]. Is féidir orgánaigh a rangú mar aoncheallach (comhdhéanta de chill aonair; lena n-áirítear [[baictéar |baictéir]]) nó ilcheallach (lena n-áirítear [[planda|plandaí]] agus [[ainmhí |ainmhithe]]). Cé nach ionann líon na gceall i plandaí agus ainmhithe ó speiceas go speiceas, bíonn thart ar 100 trilliún (1014) cill san duine. Tá an chuid is mó de na cealla i bplandaí agus ainmhithe sofheicthe ach amháin faoin micreascóp, le [[toise|toisí]] idir 1 agus 100 [[Miocrón|micriméadar]].
 
Ba ea [[Robert Hooke]] a chéad d'aimsigh an chill, sa bhliain 1665. Nuair a chonaic Robert Hooke planda i micreascóp bhí sé cosúil le mainistir. Chum Robert Hooke téarma nua: “cill.” Deir "Teoiric na gCeall", a tháinig chun cinn sa bhliain 1839 a bhuí le [[Matthias Jakob Schleiden]] agus [[Theodor Schwann]], go mbíonn gach orgánach comhdhéanta de chill amháin nó níos mó, gurb iad na cealla aonad bunúsach an struchtúir agus na feidhme, i ngach orgánach beo, go dtagann gach cill ó chill eile a bhí ann roimhe, agus go bhfuil, ag gach cill, an fhaisnéis oidhreachtúil is gá chun feidhmeanna na cille a rialú agus faisnéise a tharchur don chéad ghlúin eile. Tháinig cealla chun cinn ar an Domhan, ar a laghad 3.5 billiún bliain ó shin.
 
{{síol}}