An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáin"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
→‎Eacnamaíocht: Cur cothrom le dáta - dífhostaíocht
Líne 53:
Poblacht fheidearálach, pharlaiminteach, agus dhaonlathach is ea an Ghearmáin. Oibríonn córas polaitiúil na Gearmáine faoi chuimsiú chreat a bhí leagtha amach sa doiciméad bunreachtúil faoin ainm ''Grundgesetz ''(Dlí Bunúsach). Go ginearálta, teastaíonn tromlach dhá thrian de bhaill uilig an dá dlísheomra leis an ''Grundgesetz'' a leasú. Is iad prionsabail bhunúsacha an ''Grundgesetz'', mar atá léirithe sna h-airteagail a ráthaíonn dínit an duine, ná an scaradh cumhachtaí, an struchtúr cónaidhme, agus riail an dlí bailí go suthain.
 
Tá dhá dlísheomraí ag an leibhéal feidearálach: an ''Bundestag'', an teach íochtarach, agus an ''Bundesrat'', an teach uachtarach. Is í an ''Bundestag'' an seomra is cumhachtaí díobh. Tá sé pháirtí polaitíochta a bhfuil ionadú acu inti faoii láthair na huaire: na Daonlathaigh Críostacha agus na [[Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine|Daonlathaigh Sóisialta]], dhá pháirtí an rialtais atá ar lár-dheis agus lár-chlé an speictrim pholaitiúla faoi seach, chomh maith le ''Rogha Eile don Ghearmáin'' (an-deis), na Daonlathaigh Saora (liobrálach, lár-dheis), ''An Eite Chlé'' (an-chlé) agus na Glasaigh (glas, lár-chlé).
 
== Eacnamaíocht ==