An difríocht idir athruithe ar: "Quintana Roo"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 1:
[[Íomhá: Quintana Roo en México.svg|mion|Quintana Roo]]
[[Íomhá: EscudoDelEstadoDeQuintanaRoo.jpg|mion|165px|Armas Quintana Roo]]
Is ceann de na 31 stát de chuid [[Meicsiceo|Mheicsiceo]] é '''Quintana Roo''', agus é suite in oirdheisceart na tíre. Is é [[Chetumal]] an [[príomhchathair|phríomhchathair]] agus is é [[Cancún]] an chathair is mó. Bhí 1,468,469 duine ina gcónaí sa stát sa bhliain [[2012]].
 
==Stair==
Le linn réimeas na Spáinneach agus luathstair Phoblacht Mheicsiceo, ba chuid de [[Yucatán]] é Quintana Roo ó thaobh rialtais de. Ní raibh ach roinnt mílte duine ina gcónaí ann go dtí am éigin san 20ú haois. D'éirigh na [[Máigeach|Máigigh]], na bundúchasaigh, amach sna 1840idí—Cogadh na gCaisleán a tugadh air—agus i ndiaidh díbirt a dhéanamh ar na strainséirí uilig, cuireadh stát dá gcuid féina ar bun darbh ainm Chan Santa Cruz agus an baile Felipe Carrillo Puerto mar phríomhchathair de chineál acu.
[[Íomhá: Tulum.jpg|mion|225px|[[fothrach|Fothracha]] Indiacha [[Tulum]]]]
 
D'fhógair an t-uachtarán [[Porfirio Díaz]] go raibh Quintana Roo ina chríoch de chuid Mheicsiceo ar an [[24 Samhain|24ú Samhain]] [[1902]]. Ainmníodh an chríoch i ndiaidh [[Andrés Quintana Roo]], [[tírghráthóir]] i [[Stair Mheicsiceo|luathstair]] Mheicsiceo. Ghlac arm Mheicsiceo seilbh ar Quintana Roo arís sna 1910idí agus cuireadh an áit isteach i stát Yucatán arís.