An difríocht idir athruithe ar: "Údar (sraith TG4)"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 24:
== Stair ==
Roimh Údar, chuir TG4 tús le scéim fhorbatha nua, Síol. Thug Síol deis, chomh maith le Údar, do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta. Thug Síol deis do sheisear scríbhneoirí agus stiúrthóirí píosaí nua oibre a fhorbairt faoi theagascóirí saineolaithe i scríbhneoireacht scripteanna agus i stiúradh teilifíse araon. Trí shraith ceardlanna tionscnamh-bhunaithe, threoraigh Síol na scríbhneoirí trí gach céim ón script go dtí an léiriúchán, rud a d’fhorbair a gcuid scileanna agus a chuir sé dhráma nua teilifíse ar fáil go healaíonta agus ar ardchaighdeán.
[[Íomhá: Udar-Jesus,Mary,Mattie.jpg|thumb|border|left| Údar – Jesus, Mary agus Mattie]]
Forbraíodh an tsraith dhrámaíochta Údar thar tréimhse sé mhí le ceardlanna agus máistir-ranganna le leithéidí an stiúrthóra Dearbhla Walsh, a bhfuil gradam Emmy buaite aici dá gcuid stiúrthóireachta.
Ba é ar mhúnla oiliúna a forbraíodh an comhfhiontar seo idir [[TG4]] agus Líonra Meán Skillnet le tacaíocht ó [http://www.bai.ie/?lang=ga Údarás Craolacháin na hÉireann]. Bhí meascán de stiúrthóirí, scríbhneoirí agus aisteoirí seanbhunaithe agus nua páirteach ann, dar le [http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal].
Líne 32:
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=XQB216HZJRc Malartú Intinne]’<ref>[http://www.youtube.com/watch?v=XQB216HZJRc ‘Malartú Intinne’ ar YouTube]</ref>, faoi stiúir ag Cóilín Ó Scolaí [[6 Eanáir]], [[2011]] ===
[[Íomhá: Údar-'Malartú_Intinne 2.jpg|thumb|border|right| Údar – Malartú Intinne]]
Chuir tús leis an tsraith seo ar TG4 leis an ngearrscannán ‘Malartú Intinne’ faoi stiúir ag Cóilín Ó Scolaí<ref>[http://www.imdb.com/title/tt1908445/fullcredits#cast IMDB credits]</ref>. Is scéal é seo atá suite i nGaeltacht [[Ceanada|Cheanada]] agus é bunaithe ar ghearrscéal le [[Pádraig Ó Siadhail]] dar teideal ‘Meisce Bhreallántachta’. Jack Ó Drisceoil a d'athchóirigh an scéal don scáileán.
 
Líne 40:
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=5DaopWSoV3M An t-Ádh]’<ref>[http://www.youtube.com/watch?v=5DaopWSoV3M ‘An t-Ádh’ ar YouTube]</ref>, faoi stiúir ag Colm Bairéad [[13 Eanáir]], [[2011]] ===
[[Íomhá: Údar-an_tÁdh.jpg|thumb|border|right|Údar - An tÁdh]]Bunaithe ar shaothar [[Pádraic Ó Conaire]] feictear dúinn gur iomaí casadh aisteach atá sa saol seo, ach céard go díreach atá i ndán do Liam nuair a dhéanfainn sé cinneadh dul go h-[[Árann]] chuig cluiche peile, agus iad ar thóir bealach ar bith chun iad a thabhairt ann. Nuair nach bhfuil ach spás do bheirt ar bhád Tom Beag, tagann Liam suas le plean a chuireann cruth tragóideach ar a shaol. Sa deireadh thiar thall roghnaíonn siad dul i bhfolach ar bhád iascaireachta, ach níl spás ach do bheirt ann, rud a chiallaíonn go bhfágtar Liam sa bhaile agus é croí-cráite dá dheasca. Ach an leisean atá an t-ádh i ndeireadh an lae? Seo lá den tsaol nach ndéanfaidh Liam dearmad ar go deo. Éisteacht go géar leis an amhrán ag an deireadh, é canta ag duine eile de na príomhcharachtair, Bertie Ó Domhnaill.
 
Scéal álainn, mealltach is ea ‘An t-Ádh’, dar le [http://www.gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=358:udar-clasaici-mhorscribhneoiri-na-gaeilge-athscriofa-don-teilifis&catid=8:beatha&Itemid=294 Gaelscéal], a léiríonn an caidreamh idir cairde go soiléir agus iad ar thóir na heachtraíochta. Ba í Medb Johnston a scríobh ‘An t-Ádh’ bunaithe ar ghearrscéal le Pádraic Ó Conaire. Tá an script nádúrtha agus é curtha inár láthair trí aisteoireacht le triúr aisteoirí óga, go háirithe Éamonn Ó Ceallaigh atá i bpáirt an phríomhcharachtair. Luíonn an stíl stiúrthóireachta go réidh le scéalaíocht na scripte, í ag luascadh go compordach le casadh an scéil.
Líne 47:
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=u35m_884NMU Jesus, Mary & Mattie]’<ref>[http://www.youtube.com/watch?v=u35m_884NMU ‘Jesus, Mary & Mattie’ ar YouTube]</ref>, faoi stiúir ag Diarmuid Goggins [[20 Eanáir]], [[2011]] ===
[[Íomhá: Údar-Jesus,Mary_+_Mattie..jpg|thumb|border|right| Údar – Jesus, Mary & Mattie]]
Tá an scannán seo bunaithe ar bunscéal le [[Pádraig Mac Piarais]]. Tá luathnéaltrú ar Mattie bhocht agus é ag fanacht go dtógfar ón tsaol seo é. Cailleadh a bhean céile os cionn deich mbliana ó shoin agus níl aon spioraid fágtha ina shaol dá bharr. Tá faitíos ar an seanfhear roimh an domhan mór agus nach bhfuil uaidh ach é a fhágáil agus bualadh lena bhean chéile arís sna flaithis. De thimpist, castar Mary leis, cailín óg fuinniúl agus Jesus, buachaill óg ón m[[Brasíl]]. Téann siad ar thuras, ní amháin go fisiciúl, ach ar thuras intinne a thugann sólás do Mhattie - a lá dheireadh ar an tsaol seo.
 
Líne 60:
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=dqFwRSbGbkY An Buille]’<ref>[http://www.youtube.com/watch?v=dqFwRSbGbkY ‘An Buille’ ar YouTube]</ref>, faoi stiúir ag Marion Ní Loingsigh [[3 Feabhra]], [[2011]] ===
[[Íomhá: Údar-An_Buille.jpg|thumb|border|right| Údar – An Buille]]
Tá an scannán ‘An Buille’ scríofa ag Tristan Rosenstock agus bunaithe ar ghearrscéal le [[Liam Ó Flaithearta]]. Cuireann sé an spotsolais ar an streachailt a bhaineann le caidreamh idir mac agus athair. De bharr trioblóidí airgeadais agus brú oibre, níl gaolú ró-láidir idir mac agus athair, go dtí lá amháin nuair nach bhfuil aon rogha acu ach an lá a chaitheamh i gcomhluadar a chéile. Tagann casadh ar an scéil ár ndóigh nuair a tharlaíonn eachtra fisiciúl idir na beirte. Gan mórán cumarsáid idir iad, i rith an tsaol, tagann athrú suntasach ar an ngaolú místuama seo, agus b'fhéidir seans nua acu rudaí a chuir ina gceart.
 
Líne 66:
 
=== ‘[http://www.youtube.com/watch?v=UEXeTDVxAn4 An Seabhac]’<ref>[http://www.youtube.com/watch?v=UEXeTDVxAn4 ‘An Seabhac’ ar YouTube]</ref>, faoi stiúir ag Trevor Laffey [[10 Feabhra]], [[2011]]===
[[Íomhá: Údar-An_Seabhac 5950532971_2c1f901cb8.jpg|thumb|border|right| Údar – An Seabhac]]
Tá saothar [[Liam Ó Flaithearta]] tugtha chun beocht san scannán seo mar dhornálaí fíochmhar a dhéanadh rud ar bith chun a chlann a chosaint. Bíonn air troid ar son a bheatha, a chlainne agus a mhoráltachta sa scannán seo atá scríofa ag Tomás Seoighe. Cé go dtugtar ‘an Seabhac’ ar an dornálaí is léir go bhfuil níos mó ná éan seilge amháin sa scéal nuair a thugtar deis don dornálaí mála mór airgid a thabhairt abhaile leis ach titim i mbabhta ceannais dornálaíochta. Tá impleachtaí dainséarach i gceist ár ndóigh nuair a dhéanfainn sé cinneadh marfach a d'fhéadfadh é féin a scriosadh chomh maith leis a chlann. An bhfaigheadh an mórtas an ceann is fearr ar 'An Seabhac' agus an ngéilleadh sé don saol coiriúlacht, nó an éistigh sé lena chroí agus an bóthar ceart a roghnú? Tá cinneadh mór amach roimhe.
 
Líne 73:
== ’Scéal’ ==
Bhí sé fógraithe ag [[TG4]] sa bhliain [[2011]] go raibh tús curtha le scéim fhorbatha eile, Scéal <ref>[http://www.tg4.ie/sceal Scéal ar TG4.ie]</ref>. Tugann Scéal deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta. Is féidir an bun scéal a roghnú as gearr scéal, dán, scéal béaloideas nó aon saothar a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.
[[Íomhá: Údar-An_Buille....jpg|thumb|border|left| Údar – An Buille ]]
 
== Tagairtí ==