An difríocht idir athruithe ar: "Réaltbhitheolaíocht"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Staidéar ildisciplíneach ar bhunús, dáileadh is todhchaí na beatha sa Chruinne. Pléann sí ceisteanna cosúil le conas a thosaíonn is a fhorbraí...'
 
No edit summary
Líne 1:
Staidéar ildisciplíneach ar bhunús, dáileadh is todhchaí na beatha sa [[An Chruinne|Chruinne]]. Pléann sí ceisteanna cosúil le conas a thosaíonn is a fhorbraíonn an bheatha, an bhfuil beatha áit éigin eile taobh amuigh den [[An Domhan|Domhan]], agus cad atá in ann don bheatha ar Domhan is thall. Is cuid d'aidhmeanna [[NASA]] í.
 
Mar is eol do chách, níor thángthas ar bheatha ar bith ar aon phláinéad eile go fóill, agus mar sin níl sa réaltbhitheolaíocht i láthair na huaire ach teoiriceoireacht.
 
De réir thuiscint an lae inniu ní féidir teacht ar neacha beo cliste ar aon phláinéad sa Ghrianchóras s’againn. Scéal eile é go bhfuil sé incheaptha gur fhorbair miocrorgánaigh, cinn a bheadh cosúil le [[víreas 88anna, in áit éigin. Tá tuairimíocht ann mar shampla go bhféadfaimis teacht ar bheatha shimplí den chineál sin sna cisil is airde thuas in atmaisféar [[Véineas]].
 
Níltear cinnte, cé chomh cosúil a bheadh bitheolaíocht na neachanna eachtardhomhanda lenár mbitheolaíocht féin. Tá an bheatha ar an Domhan bunaithe ar an g[[carbón]] mar phríomhdhúil, toisc nach bhfuil aon dúil cheimiceach eile in ann slabhraí fada d’adaimh den chineál chéanna a dhéanamh. Tá an smaoineamh ann gur féidir bithcheimic mhalartach a bhunú ar shlabhraí an tsileacain is na hocsaigine (ar an Domhan s’againn bíonn a leithéidí coitianta sna clocha – sna [[sileacáit]]í). Is dócha áfach go mbeadh ról nach beag ag an gcarbón sa bhithcheimic shileacanbhunaithe freisin, chomh coitianta is a bhíos sé san ollchruinne.
 
Ceist chonspóideach eile é, an bhféadfadh leacht éigin eile gnó an uisce a dhéanamh don bheatha eachtardhomhanda: an amóinia, b’fhéidir. Bun scothláidir í an [[amóinia]], agus í ina gás le teocht an tseomra, ach is féidir pláinéad fuar a shamhlú agus cónaí ar neachanna amóiniabhunaithe ansin. Ní fhéadfadh an cineál sin beatha úsáid a bhaint as an ocsaigin mar a dhéantar ar an Domhan, toisc gur dual don ghlanamóinia dul trí thine agus í ag teacht i dteagmháil leis an ocsaigin.
 
Cheap [[Carl Sagan]], an réalteolaí clúiteach, na focail úd ”seoibhineachas carbóin” agus ”seoibhineachas uisce” agus é ag cur síos ar an tuiscint a bhí aige féin ar na cúrsaí seo: is éard a bhí sé a mhaíomh ná gur shíl sé nach bhféadfadh an bheatha eachtardhomhanda a bheith bunaithe ar aon bpríomhdhúil eile seachas an carbón (”seoibhineachas carbóin”), agus nach bhféadfadh sí déanamh in uireasa an uisce mar phríomhthuaslagóir (”seoibhineachas uisce”). Ní mór cuimhne a choinneáil air áfach gur féidir don bhithcheimic uiscebhunaithe charbónbhunaithe féin a bheith an-difriúil le ceimic na beatha domhanda.
 
{{Fréamh an Eolais}}