An difríocht idir athruithe ar: "George Noble Plunkett"

Content deleted Content added
Nasc
Gramadach
Líne 1:
Ba náisiúnaí agus polaiteoir [[Éire|Éireannach]] é '''George Noble Plunkett''' ([[3 Nollaig]], [[1851]] – [[12 Márta]], [[1948]]), nó '''an Cunta Pluincéad''' mar a tugtar air go minic. Chuaigh sé isteach sa ghluaiseacht nuair a lámhachadh a mhac [[Seosamh Pluincéad]], a bhí ina cheannaire i rith [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]]. Ball den [[An Chéad Dáil|Chéad Dáil]] ab ea é, a chaith tamailltamall beag ina [[Ceann Comhairle|Cheann Comhairle]].
 
UsáidtearÚsáidtear an leagan [[Gaeilge|Ghaeilge]] '''Seoirse Pluincéad''' uaireanta chomh maith.
 
== Tús a shaoil ==
Rugadh Pluincéad i m[[Baile Átha Cliath]], mac le tógálaí Pat Plunkett. Fuair sé a chuid oideachas i gClongowes Wood agus [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Coláiste na Tríonóide]], agus chaith sé tamailltamall ag staidéar thar lear freisin, i [[Nice]] san [[an Fhrainc|Fhrainc]] agus san [[an Iodáil|Iodáil]]. Rinne [[Pápa Leo XIII]] [[cunta pápach]] de sa bhliain [[1884]], mar gheall ar an dian-obair a rinne sé don phápacht. Chuir Pluincéad bun leis an iris ''[[Hibernia]]'', agus é féin ina eagarthóir air. File a bhí ann chomh maith, agus d'fhoilsigh sé a chéad bailiúchán "God's Chosen Festival" sa bhliain [[1877]]. Glaíodh chun an bharra é sa bhliain [[1878]], ach dhiúltaigh sé é. Ina áit, thosaigh sé ag forbair slí-bheatha dó féin san ealaíon, litríocht agus cultúr. Na postanna a bhí aige ná Stiúrthóir ar [[Ard-Mhúsaem na hÉireann]] ([[1907]] - [[1916]]), Leas-Uachtarán ar an [[Acadamh Ríoga na hÉireann]] ([[1908]] - [[1909]], [[1911]] - [[1914]]) agus Uachtarán ar Cumann Ríoga Ársaíochtaí na hÉireann. Cuireadh Pluincéad amach as [[Cumann Ríoga Bhaile Atha Cliath]] mar gheall ar an pháirt a ghlac a mhac san Éirí Amach.
 
== Polaitíocht ==
Chomh maith leis alena mhac Seosamh, bhí aan bheirt mhac eile aige George agus Seán gafa sa ghluaiseacht freisin, agus is móide gur chuir Seosamh a athair faoi mhionn an [[IRB]] am éigean roimh a bhás. B'é bás Sheosamh tar éis an Éirí Amach a thug an spreag do Phluincéad dul isteach i bpolaitíocht. Ba bhall den pháirtí [[Sinn Féin]] é, agus toghadh é ina theachta don dáilcheantar [[Ros Comáin]] Thuaidh san olltoghchán sa bhliain [[1917]]. Staon na teachtaí go leor amach ón rialtas i [[Wesminster]], [[Sasana]] agus bhunaigh siad [[an Chéad Dáil]] i d[[Teach an Ardmhéara]] ar [[21 Eanáir]], [[1919]]. Roghnaíodh é ina Cheann Comhairle don chrinniú ar an lá ina dhiaidh sin, [[22 Eanáir]]. Chaith sé an tréimhse idir 22 Eanáir 1919 agus [[26 Lúnasa]] [[1921]] ina Aire Gnóthaí Eachtracha. Sa phost seo, chuaigh sé go [[Londain]] in éineacht le h[[Éamon de Valera]] chun idir-bheartaigh le [[David Lloyd George]] i mí Iúil 1921. Nuair a tháinig an Dara Dáil i bhfeidhm, tugadh an post Aire Mínealaíona dó. Níor aontaigh Pluincéad leis an g[[Conradh Angla-Éireannach]] a bhí sínithe ag [[Mícheál Ó Coileáin]], [[Art Ó Gríofa]] agus na daoine eile, nó an t[[Saorstát Éireann|Saorstát]] nua a chruthaíodh mar thoradh. Dá bharr sin, d'éirigh sé as an suíocháin a bhí aige i Ros Comáin. D'fhan sé mar bhall Shinn Féin, go fiú tar éis an scoilt le [[Fianna Fáil]].
 
== Deireadh a shaoil ==
Ghlac Pluincéad páirt i bhfothoghchán don dáilcheantar [[Gaillimh]] sa bhliain [[1936]], mar iomaí ó [[Chumann Poblachta na hÉireann|Cumann Poblachta na hÉireann]] agus Sinn Féin. Níor bhuaigh sé ach 2.12 faoin gcéad den vóta. Bhí sé pósta le [[Mary Josephine Cranny]], agus bhí seachtar leanbh acu. Fuair sé bás in Éirinn sa bhliain 1948, le seacht mbliana is nócha bainte amach aige.
 
{{stumpa}}