An difríocht idir athruithe ar: "David Attenborough"

Content deleted Content added
Dowlinme (plé | dréachtaí)
bosca sonraí
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 7:
D’fhás Attenborough aníos i dTeach an Choláiste ar Champas Choláiste na hOllscoile, [[Leicester]], áit a raibh a athair, Frederick, ina phríomhoide. Bhí beirt deartháireacha ag David – [[Richard Attenborough]] (an t-aisteoir agus [[scannánaíocht|stiúrthóir scannán]] iomráiteach) agus John (a bhí ina fheidhmeannach leis an gcomhlacht Alfa Romeo). I rith [[an Dara Cogadh Domhanda]], d’uchtaigh a thuismitheoirí beirt chailíní [[Giúdachas|Giúdacha]] a bhí ina dteifigh ón [[Eoraip]].
 
ChaithAhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhaith Attenborough cuid mhór dá óige ag bailiú iontaisí, cloch agus eiseamal nádúrtha eile. Agus gan é ach seacht mbliana d’aois, thug an seandálaí suntasach, Jacquetta Hawkes,<ref>www.bbc.co.uk: h2g2; Sir David Attenborough – Naturalist; lch. 1, alt 2, Growing Up.</ref> spreagadh dó leanúint ag cur lena ‘iarsmalann’ phearsanta. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, thug duine dá dheirfiúracha uchtaithe píosa ómra dó a bhí líonta le créatúir réamhstairiúla; caoga bliain ina dhiaidh sin, bheadh an iontaise chéanna mar bhunús an chláir "''The Amber Time Machine''".<ref>ibid.</ref>
[[Íomhá:David Attenborough.jpeg|mion|288x288px|3D Creative Summit 2013]]
D’fhreastail Attenborough ar Scoil Ghramadaí Wyggeston in [[Leicester]]. Ghnóthaigh sé scoláireacht chuig [[Cambridge]], áit a ndearna sé staidéar ar [[Geolaíocht|gheolaíocht]] agus [[Zó-eolaíocht|zú-eolaíocht.]] Bhain sé céim amach sna hEolaíochtaí Nádúrtha.