An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain Bheag"
Content deleted Content added
No edit summary clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit |
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit |
||
Líne 53:
Tháinig [[Iúil Caesar]] go dtí an Bhreatain i Lúnasa 55 RC, ach níor éirigh leis na [[Impireacht na Róimhe|Rómhánaigh]] an Bhreatain a thabhairt faoi smacht ar feadh timpeall céad bliain ina dhiaidh sin. Ag an am úd bhí treibheanna [[Na Ceiltigh|Ceilteacha]] na Breatain Bige rud beag cosúil leis na comharsana a bhí acu i ndeisceart na Breataine i dtaobh an chultúir a bhí acu. Bhí treibh na n-Ordovices ina chónaí i dtuaisceart na Breataine Bige ag an am, agus na Silures sa deisceart.
Níor éirigh leis na hAnglo-Sacsanaigh an Bhreatain Bheag a chur faoi smacht, cé gur bhris siad an ceangal a bhí idir an tír agus an tír ó thuaidh a bhí faoi smacht na mBriotanach go fóill i ndiaidh cath [[Chester]] (''Caer'' as Breatnais) i 615 CE. Is de bharr neart míleata an rí Breatnaigh a bhí sin, ach freisin de bharr cruth na tíre. Thóg Offa, rí Mhercia, pórt rátha mór as talamh fad an chríche idir an ríocht ab aigesean agus an mBreatain Bheag. Tá codanna de Phort Rátha Offa le feiceáil inniu fiú.
|